Sorcha Ní Ghuairim agus an tOireachtas

Le Róisín Nic Dhonncha

Bhí Sorcha Ní Ghuairim i measc na ndaoine a d’oibrigh go dúthrachtach i rith na 1940í chun an tOireachtas a chur ar a chosa arís. Ní gá a rá gur tréimhse shuntasach in éabhlóid an Oireachtais ab ea na blianta seo i bhfianaise gur i 1939 a tháinig an fhéile ar an bhfód in athuair tar éis briseadh de chúig bliana déag. Ba i mBaile Átha Cliath i mí Bealtaine 1897 a reáchtáladh an chéad Oireachtas riamh agus lean an ócáid ar bhonn bliantúil go dtí 1924. Tá cur síos sonrach déanta ag Aindrias Ó Muimhneacháin (1905–1989) ar an drochstaid ina raibh Coiste Gnó Chonradh na Gaeilge tar éis choimhlintí polaitiúla thús na bhfichidí, a bhí i measc na gcúiseanna ar chlis ar an bhféile ag an bpointe sin. Caillteanas £518 a bhain le hOireachtas 1923 a bhí ar bun i mBaile Átha Cliath, agus £400 a bhí an Conradh as póca de bharr fhéile 1924 a reáchtáladh i gCorcaigh.1 Cuir san áireamh, anuas air sin, go raibh téarmaí príosúin gearrtha ar roinnt daoine a bhí ag obair le Conradh na Gaeilge agus leis an Oireachtas féin tharla iad a bheith sáite i ngluaiseacht na saoirse. D’fhág sé sin go raibh an fhéile buailte ó thaobh daoine agus airgeadas araon agus gur beag seans go bhféadfaí leanúint léi sna cúinsí sin.

Is cosúil go raibh an toil i gcónaí ann athréimniú a dhéanamh ar an Oireachtas agus go mbíodh moltaí á gcur chun cinn ó am go chéile i gcaitheamh na bhfichidí go ndéanfaí amhlaidh ach gur beag acmhainní a bhí ar fáil chuige sin. Mura raibh Oireachtas san ardchathair, áfach, údar misnigh ab ea a rathúla is a bhí ag éirí le Feis Átha Cliath i rith na dtríochaidí. Is cosúil go raibh 3,255 iomaitheoir páirteach i bhFeis Átha Cliath in 1935, cuir i gcás, agus bhí tionchar ag an bhforbairt sin ar an gcinneadh deiridh tabhairt faoi athbheochan ar an Oireachtas.2 D’fhág an briseadh cúig bliana déag go raibh deis ann céad tréimhse an Oireachtais a mheas go fuarchúiseach agus athruithe a dhéanamh dá réir. Ní hamháin sin ach bhí glúin nua díograiseoirí cultúir agus teanga tagtha chun cinn a dhéanfadh cúram de na spriocanna sin. Téama leanúnach i stair chultúrtha na tíre seo is ea an bhearna eatarthu siúd a chuir suim intleachtúil, ghairmiúil sa chultúr dúchais agus iad siúd a raibh cleachtais chultúrtha na sinsear ón dúchas acu beag beann ar ghluaiseachtaí ná ar institiúidí oifigiúla. Bhí a mhacasamhail sin d’easnamh le brath freisin ar an gcaidreamh idir an tOireachtas agus pobal labhartha na Gaeilge sna blianta tosigh mar a bhí aitheanta ag an té a d’áitigh, The fact must be recognised that the Oireachtas has not yet come sufficiently near the lives of the Irish-speaking people.3 Spriocghrúpa aitheanta de chuid an Oireachtais ab ea pobal labhartha na Gaeilge. Ba den riachtanas a rannpáirtíocht agus a bhfaomhadh siúd chun go dtiocfadh an ócáid in inmhe mar cheiliúradh ar na Gaeil mar a bhí samhalta ag bunaitheoirí na féile in 1897.

Is fiú aird a tharraingt ar an bpróifíl ó thaobh ballraíochta agus rannpháirtíochta i struchtúr nua an Oireachtais nuair a cuireadh dlús leis an bhféile arís i 1939. Ba é Conradh na Gaeilge, ar ndóigh, máthaireagraíocht an Oireachtais go stairiúil agus go hoifigiúil ach tuigeadh ó thús na hiarrachta go gcaithfí tacaíocht airgid a fháil ón rialtas agus ón bpobal dá mbeadh an fhéile le tabhairt slán. Iarradh cúnamh ó na cumainn ar fad a bhí páirteach i ngluaiseacht na Gaeilge, ina measc, Clann na hÉireann, An Fáinne, An Comhar Drámaíochta, Coiste na bPáistí agus An Coimisiún Rince gan ach cúpla ceann a lua. Bhí deireadh leis an dátheangachas i riaradh na hócáide agus tháinig cainteoirí dúchais Gaeilge agus daoine de bhunadh na Gaeltachta chun cinn a mbeadh lámh acu in éabhlóid na féile agus a thabharfadh léargas úr ar chleachtais chultúrtha na cosmhuintire. Ar an mbeirt ba mhó aithne díobh sin bhí ‘An Seabhac’ nó Pádraig Ó Siochfhradha (1883–1964) as Baile an Ghóilín taobh leis an Daingean a bhí ina chathaoirleach ar choiste riartha an Oireachtais agus a rinne cion fir le cinntiú go dtiocfadh borradh faoin bhféile in athuair. Leathbhádóir aige sna hiarrachtaí sin ab ea Aindrias Ó Muimhneacháin (1905– 1989) as Béal Átha an Ghaorthaidh a chuir blianta fada isteach ar choiste an Oireachtais i dtréimhse a athréimnithe mar aon le bheith ina chathaoirleach ar an bhféile ó 1945 go dtí 1962.

Más fíor do Phroinsias Mac Aonghusa (1933–2003), ba é athréimniú an Oireachtais an gníomh aonair ba thábhachtaí a rinne Conradh na Gaeilge ó bunaíodh an Saorstát.4 Ina dhiaidh sin féin, tugadh dúshlán an Chonartha maidir leis an ionadaíocht a bhí á déanamh aige ar phobal Gaeilge na tíre i dtréimhse seo an athréimnithe freisin. Ábhar casaoide i ngluaiseacht na teanga ag an am ab ea imeallú mhuintir na Gaeltachta agus an caidreamh míshásúil idir an aicme cheannais agus an chosmhuintir. Bhí athréimniú an Oireachtais ar cheann de na comhthéacsanna inar ghéaraigh ar an gcoimhlint sin, agus ba ghníomhaithe teanga a bhí ag éagaoin freisin faoi easpa dul chun cinn maidir le forbairt na tuaithe agus an ceartas sóisialta ba mhó faoi deara é sin. Bhí Sorcha Ní Ghuairim ina measc. Ba í Sorcha, i dteannta Thomáis Uí Fhlaithearta (1890–1936) as Árainn, a chuaigh i bpáirt le Seán Beaumont (1893-1959) agus é i mbun an nuachtáin shóisialaigh, An t‑Éireannach (1934–37), agus níor spáráladh san fhoilseachán sin deiseanna aird a tharraingt ar anchás phobal na Gaeltachta ó thaobh fostaíochta agus eacnamaíochta de. Agus Oireachtas 1939 faoi lántseoil, cuir i gcás, bhí an achainí seo á déanamh ag Seán Beaumont i bhfoilseachán eile, an Irish Times:

Caithfear a thuiscint gurb é fear an bháinín an fear ar fónamh i saol na hÉireann, agus má tá coiste an Oireachtais ag rith ar a leas tabharfaidh siad tús áite d’fhear na Gaeltachta agus cúl don bhoicín.5

Níorbh fhada go raibh admhaithe ag an timire aitheanta de chuid an Chonartha, Peadar Ó hAnnracháin (1873–1965), nach raibh ag éirí leis an Oireachtas dul i bhfeidhm ach ar líon teoranta den phobal ó cheann ceann na tíre.6 Chuir duine eile i leith choiste an Oireachtais go raibh an lucht eagraithe chomh scartha ó phobal na Gaeltachta agus a bhí rialathóirí Chaisleán Átha Cliath riamh.7 Ciarraíoch fir, Fionán Breathnach, ab ea an té sin. Sheas an Breathnach ina dhiaidh sin i dtoghcháin do Chlann na Poblachta, páirtí a bhí gníomhach i ngluaiseacht an daonlathais shóisialaigh.

Ní ina haonar, mar sin, a bhí Ní Ghuairim ina díomá maidir leis an easpa misnigh agus mórtais a tuigeadh di a bhí forleathan i measc phobal na Gaeltachta. Braitear bá le gnéithe den sóisialachas agus den daonlathas ionadaíoch ar an gcaint a thug sí uaithi mar chuid den Siompóisiam ar Amhránaíocht na Gaeltachta ag an Oireachtas i 1943, cuir i gcás. Má bhí achainí ar bith á déanamh aici ina cuid cainte, ba í sin go raibh sé de dhualgas ar Ghaeil misneach a ghlacadh agus muinín a bheith acu as a gcultúr dúchais. Thabharfadh a cuid tuairimíochta le fios go raibh braistintí mhuintir na Éireann i leith an chultúir sin faoi réir ag an náire agus an easpa muiníne iarchoilíní:

Tá ceol na ndaoine i n‑íochtar faoi láthair ach dá dtagadh duine de na h‑uaisle Gallda amáireach a tosóchadh a’ cur spéis sa rud duthchasach, b’fhéidir go mbeadh dúil mhór againn ann. Sa lá atá indiu ann ní chleachtann ceol na ndaoine ach muinntir na Gaedhealtachta agus níl lordlady ortha siúd cé go mb’fhéidir go bhfuil an fhuil mhór ó dhuthchas ionnta.

Tugadh san fholáireamh sin ugach athmhachnamh a dhéanamh ar an ordlathas sóisialta seanbhunaithe agus a aithint gurbh aicme ar leith pobal na Gaeltachta a raibh an dualgas ann freastal orthu. Is fiú tráchtaireacht Shorcha Ní Ghuairim agus gníomhaithe eile a comhaimsire a chur san áireamh, dá bhrí sin, agus coincheapú á dhéanamh ar an gcaidreamh idir an Stát agus an Ghaeltacht i dtríochaidí agus i ndaichidí na haoise seo caite.

Íomhá 1.Cáipéis bhunaidh faoi chomórtaisí ag Oireachtas 1940 Foinse: Leabharlann Náisiúnta na hÉireann

Bhain Sorcha leis an meánaicme ghairmiúil de bhunadh na Gaeltachta a bhí ar a bionda míthuiscintí smolchaite i leith an phobail sin a chur de dhroim seoil agus a aird a tharraingt ar na dúshláin a bhain le brí a thabhairt do chultúr na Gaeltachta sa ré chomhaimseartha. Ní foláir nó gur tugadh aitheantas dá n-éilimh i gclár oibre an Oireachtais luath go maith tar éis a athréimnithe agus go raibh Sorcha lárnach sna hiarrachtaí seo ar bhonn praiticiúil. Tosaíodh i 1940 ar chomórtais idirchúige, mar a tugadh orthu, a eagrú go sainiúil do mhuintir na Gaeltachta ag an Oireachtas. Ba iad teidil na gcomórtas ardáin sin, ‘scéalaíocht’, ‘agallamh beirte’, ‘greas cabaireachta grinn’ agus ‘amhránaíocht ar an sean-nós’. Tá tuilleadh sonraí maidir leis na comórtais sin ó Oireachtas 1940 le feiceáil in Íomhá 1. Lena chois sin, tosaíodh ag Oireachtas 1940 ar chomórtais liteartha a bhí teoranta do phobal na Gaeltachta nó dóibh siúd a bhí ag tuilleamh a mbeatha sa Ghaeltacht. Rinne an tabhartas airgid £2,000 a bhí fágtha ina uacht ag an nGaillimheach, Edward Martyn (1859–1923), ag Conradh na Gaeilge le caitheamh ar an nGaeltacht éascaíocht ar an bhforbairt seo.8 Dá réir sin, ‘Comórtaisí an Mháirtínigh’ a tugadh ar an tsraith comórtas seo ina raibh, mar shampla, duaiseanna le gnóthachtáil ar na haistí is fearr ina gcuirfí chun cinn smaointe praiticiúla a rachadh chun leas na Gaeltachta. Tá teidil na n‑aistí, mar aon le buaiteoirí an chomórtais sin ón mbliain 1940, le feiceáil in Íomhá 2.

Ba é an chéad mhaith a rinne Ní Ghuairim agus na comórtais seo á bpleanáil scríobh i mí Márta 1940 chuig Leon Ó Dubhghaill (1907–1967) a bhí ina rúnaí ar choiste an Oireachtais ag an am. Chuir sí ar a súile don choiste nach bhfeilfeadh sé do mhuintir na Gaeltachta freastal ar an Oireachas am ar bith idir Bealtaine agus fómhar toisc go mbeidís róchruógach. Ba mhinic í ag feidhmiú mar urlabhraí neamhoifigiúil thar a gceann ar an mbunús go mbíodh lucht feachtais na hardchathrach dall amanta ar ghnéithe bunúsacha de shaol na tuaithe agus na Gaeltachta.

Íomhá 2. Cáipéis bhunaidh faoi Chomórtaisí an Mháirtínigh. Foinse: Leabharlann Náisiúnta na hÉireann

Tugann tuilleadh den chomhfhreagras idir Sorcha agus coiste an Oireachtais i mBaile Átha Cliath léargas ar an dua agus an díograis a bhí riachtanach chun bonn a chur faoi rannpháirtíocht iomaitheoirí na Gaeltachta i gcomórtais an Oireachtais sna blianta tosaigh seo. Chaith sí cuid mhaith de shamhradh na bliana 1940, cuir i gcás, i mbun obair thimireachta agus fógraíochta ar son an Oireachtais agus í ag cur fúithi ar an gCloch Mhór i mBaile na hAbhann i gConamara. Bhí coistí áitiúla le bunú agus feiseanna ceantair le reáchtáil féachaint leis na hiomaitheoirí a b’fheiliúnaí a roghnú chun dul san iomaíocht i mBaile Átha Cliath níos deireanaí sa mbliain. Gan í ach taobh le rothar mar mhodh taistil, bhí Dúiche Sheoigheach, Carna, An Cheathrú Rua agus An Cnoc ar na ceantair ar thug sí cuairt go rialta orthu i mbun stocaireachta. Mar aon leis na feiseanna ceantair féin, bhíodh céilí nó coirmcheoil le heagrú chun costais an mholtóra do na feiseanna sin a ghlanadh. B’ábhar imní leanúnach in obair an Oireachtais ganntanas airgid, agus is dúshlán é sin a raibh Ní Ghuairim airdeallach air. Tugann roinnt dá cuid litreacha ón tréimhse seo (féach ar litreacha dár dháta ‘gan dáta’, 30ú Iúil 1940 agus 13ú Mí Lúnasa 1940) blaiseadh de na cúraimí praiticiúla a mb’éigean di tabhairt fúthu chun go mbeadh ionadaíocht théagartha ag pobal Chonamara ag an Oireachtas.

Cuireadh bonn níos oifigiúla fós faoi rannpháirtíocht mhuintir na Gaeltachta san Oireachtas le bunú Fhochoiste na Gaeltachta i 1942. Ba de bhunadh na Gaeltachta roinnt de bhaill an choiste dála Shorcha féin, an tSeabhaic agus Aindriais Uí Mhuimhneacháin. Ar an gcoiste freisin bhí Pádraig Ó hUallacháin (1912–1974) as Dún Dealgan. Ba ar 24 Eanáir 1942 a tháinig siad le chéile ar dtús. Trí aidhm a chuir siad rompu: cúram a dhéanamh de na comórtais idirchúige, oíche chuideachta a eagrú don lucht freastail ón nGaeltacht agus freagracht a ghlacadh as cúrsaí aíochta do rannpháirtithe ón nGaeltacht. Ní mór smaoineamh go raibh tábhacht ag an am leis na socruithe praiticiúla a bhain le taisteal agus lóistín do dhaoine nach raibh cos leagtha ag a mbunáite riamh roimhe sin i mBaile Átha Cliath ná i dtimpeallacht nárbh í an Ghaeilge an ghnáth-theanga chumarsáide. Chuir Sorcha féin moladh chun cinn go mbunófaí coistí ceantair sna Gaeltachtaí ag tús na bliana féachaint le dul i bhfeidhm ar sciar chomh leathan agus ab fhéidir de na pobail sin. Ba é Seosamh Ó hÉanaí a d’ainmnigh sí chun dul i mbun choiste Charna, Mícheál Ó Gríofa do choiste na Ceathrún Rua agus Páraic Ó Cualáin do choiste an Chnoic. Roghnófaí na hiomaitheoirí a b’fheiliúnaí do phríomhchomórtais an Oireachtais ag na feiseanna áitiúla a bhí le réachtáil sna ceantair seo i rith an tsamhraidh.

Íomhá 3.Cáipéis oibre bhunaidh de chuid Fho-choiste Gaeltachta an Oireachtais. Foinse: Leabharlann Náisiúnta na hÉireann

Ceist achrannach ab ea cúrsaí moltóireachta tharla go raibh dhá fhoireann moltóirí ag teastáil, is é sin, painéal amháin do na feiseanna ceantair agus ceann eile do na comórtais a bhí le reáchtáil ag an Oireachtas féin i mBaile Átha Cliath. Daoine aitheanta a bhí ag saothrú ar son an dúchais ab ea iad ar fad mar is léir ón dá mheitheal a moladh do na comórtais réigiúnacha agus do na príomhchomórtais don bhliain 1942 (Íomhá 3). Bhíodh míshástacht á léiriú ó am go chéile, áfach, i rith na tréimhse seo maidir le próifíl na moltóirí. Dar le Sorcha nach raibh na moltóirí do na comórtais amhránaíochta sna feiseanna ceantair, cuir i gcás, eolach a ndóthain ar an traidisiún sin. Tharraing sí aird ar mhíthuiscintí na moltóirí i leith theorainneacha na hamhránaíochta traidisiúnta ina clamhsán go mbíodh duaiseanna á mbronnadh ar amhránaithe a chas amhráin a bhí foilsithe i leabhair seachas míreanna a thug siad leo óna ndúchas muinteartha. Scríobh sí litir chuig Leon Ó Dubhghaill i 1946 á chur sin in iúl agus í ag achainí maidir le príomhchomórtais an Oireachtais, níor chóir go dtabharfaidhe annseo ach an sgoth agus daoine a mbeadh rud eicínt le foghluim uatha, ní h-ionann is mar thárla anuraidh agus blianta eile. Go bhfios dúinn, níor chaith Sorcha ach dhá bhliain, 1942 agus 1943, ar Fhochoiste na Gaeltachta agus chuaigh Seán Beaumont ar an gcoiste i 1944. Lean sí uirthi i gcaitheamh na ndaichidí, áfach, ina cuid oibre ar son an Oireachtais agus í ag moltóireacht ar na príomhchomórtais amhránaíochta ar bhonn rialta dóibh.

Nótaí

  1. Aindrias Ó Muimhneacháin, Dóchas agus Duainéis: Scéal Chonradh na Gaeilge 1922–1932 (Corcaigh: Cló Mercier, 39–42).
  2. Eibhlín Ní Chathailriabhaigh, Pádraig Ó Siochfhradha (‘An Seabhac’) agus Athbheochan an Oireachtais, in Oireachtas na Gaeilge 1897–1997, eag. Proinsias Mac Aonghusa (Baile Átha Cliath: Conradh na Gaeilge, 1997), 56.
  3. Údar anaithnid, The Oireachtas, An Claidheamh Soluis, 4 Aibreán 1903, 4.
  4. Proinsias Mac Aonghusa, Aindrias Ó Muimhneacháin (1905–1989), in Cuimhní Cinn ar an Oireachtas, eag. Seán Mac Mathúna (Baile Átha Cliath: Conradh na Gaeilge, 1997), 142.
  5. Seán Beaumont, Athbheochaint an Oireachtais, Irish Times, 4 Samhain 1939, 3.
  6. Proinsias Mac Aonghusa, Ar Son na Gaeilge: Conradh na Gaeilge 1893–1993 (Baile Átha Cliath: Conradh na Gaeilge, 1993), 271.
  7. Luaite in Proinsias Ó Conluain, Cuimhní Oireachtais, in Mac Mathúna, eag., Cuimhní Cinn ar an Oireachtas, 38.
  8. Ó Muimhneacháin, Dóchas agus Duainéis, 71.