Litir chuig Leon ó Dubhghaill, Rúnaí an Oireachtais (28ú Aibreán 1946)

Sorcha Ní Ghuairim a scrígh

XXXXXX
Litir bhunaidh Shorcha. Le caoinchead Leabharlann Náisiúnta na hÉireann

21 Plás Elí,
Baile Átha Cliath,

28.4.46

Do Leon ó Dubhghaill,
Rúnaí an Oireachtais.

A charaid,

Is truaigh liom ná’r fhéad mé bheith i láthair ag a’ gComhdháil úd Luan Cásc, ach bhí mé imithighthe ar laetheannta saoire mar nach raibh mé ag aireachtáil ró-mhaith.

Mar is eol duit, níl aon bhaint agam‑sa le fo-choside na Gaedhealtachta anois ach tá comhairle amháin le mhaith liom a thabhairt uaim, mar dhuine atá eolgach ar a’ gcaoi ar stiúruigheadh feiseanna sa nGaedhealtacht le cupla bliadhain anuas .i. go gceapfadh fó-choisde na Gaedhealtachta féin an moltóirí do na feiseanna ceanntair nó go mbeadh sib-se sásta leis na moltóirí a ceapfaí. Tá fhios agam féin nach raibh moltóirí feileamhnacha i gConamara le cupla bliadhain — go bhfuair iomadhthóirí i gceanntar amháin go h-áiithrid an chéad áit ar amhráin nár ṡean-amhráin agus nach raibh feileamhnach de réir na riaghlacha. Casadh mé féin sa gceanntar in‑a dhiaidh sin agus b’éigin dom a mholadh do na h‑iomathóirí amhráin de’n chineál ceart a chleachtadh. Bheadh sé níos riachtanaighe aríst moltóirí maithe a bheith ann dá mbeithí a’ smaoineamh ar dheire a chur leis na comórtaisí annseo i mBlá Cliath, mar níor chóir go dtiubharfaidhe annseo ach an sgoth agus daoine a mbeadh rud eicínt le foghluim uatha, ní h‑ionann is mar a thárla anuraidh agus blianta eile. B’fhearr gan duine ar bith a thabhairt ann ná sin.

B’é an córus a bhí ag na moltóirí le cupla bliadhain an chéad duais a thabhairt de’n duine ab’ fhearr de na h‑iomadhthóirí agus ba chuma an caighdeán árd nó íseal. Thá fhios agam go ndéantar é sin ag feiseanna eile d’fhonn na fonnadóirí a spreagadh ach ní ceart é a dhéanamh ag feis an Oireachtais.

Níor mhisde, b’fhéidir, treoir a thabhairt do lucht stiúrtha na gcomórtas, iarraidh ortha moltóirí cearta a thoghadh agus gan aonduine a thabhairt annseo ach duine a thoghfadh na moltóirí seo. Tá fhios agat féin gur tugadh daoine annseo le blianta anuas ar mholadh ó chosa fuar agus nárbh’ fiú éisteacht leo. Tá mé a’ cainnt anois ar daoine nach raibh páirteach ’sna comórtaisí

Tá súil agam nach misde leat mé ’gá rádh seo leat, ach ar mhaithe leis a’ gceol atá mé agus leis an dream nach bhfuil eolgach air.

Beannacht
ó
Shorcha ní Ghuairim

Léigh mé an cunntas a bhí ar “Scéala Éireann” ó scríobh mé í seo — ach mar sin féin, ní dhéanfaidh sé aon dochar sibh a cur ar bhur n‑aire faoi cheist na moltóirí.

XXXXXX
Litir bhunaidh Shorcha. Le caoinchead Leabharlann Náisiúnta na hÉireann

21 Plás Elí,
Baile Áṫa Cliaṫ,

28.4.46

Do Leon ó Duḃġaill,
Rúnaí an Oireaċtais.

A ċaraid,

Is truaiġ liom ná’r ḟéad mé ḃeiṫ i láṫair ag a’ gCoṁḋáil úd Luan Cásc, aċ ḃí mé imiṫiġṫe ar laeṫeannta saoire mar naċ raiḃ mé ag aireaċtáil ró-ṁaiṫ.

Mar is eol duit, níl aon ḃaint agam‑sa le fo-ċoside na Gaeḋealtaċta anois aċ tá coṁairle aṁáin le ṁaiṫ liom a ṫaḃairt uaim, mar ḋuine atá eolgaċ ar a’ gcaoi ar stiúruiġeaḋ feiseanna sa nGaeḋealtaċt le cupla bliaḋain anuas .i. go gceapfaḋ fó-ċoisde na Gaeḋealtaċta féin an moltóirí do na feiseanna ceanntair nó go mbeaḋ sib-se sásta leis na moltóirí a ceapfaí. Tá ḟios agam féin naċ raiḃ moltóirí feileaṁnaċa i gConamara le cupla bliaḋain — go ḃfuair iomaḋṫóirí i gceanntar aṁáin go h-áiiṫrid an ċéad áit ar aṁráin nár ṡean-aṁráin agus naċ raiḃ feileaṁnaċ de réir na riaġlaċa. Casaḋ mé féin sa gceanntar in‑a ḋiaiḋ sin agus b’éigin dom a ṁolaḋ do na h‑iomaṫóirí aṁráin de’n ċineál ceart a ċleaċtaḋ. Ḃeaḋ sé níos riaċtanaiġe aríst moltóirí maiṫe a ḃeiṫ ann dá mbeiṫí a’ smaoineaṁ ar ḋeire a ċur leis na comórtaisí annseo i mBlá Cliaṫ, mar níor ċóir go dtiuḃarfaiḋe annseo aċ an sgoṫ agus daoine a mbeaḋ rud eicínt le foġluim uaṫa, ní h‑ionann is mar a ṫárla anuraiḋ agus blianta eile. B’ḟearr gan duine ar biṫ a ṫaḃairt ann ná sin.

B’é an córus a ḃí ag na moltóirí le cupla bliaḋain an ċéad duais a ṫaḃairt de’n duine ab’ ḟearr de na h‑iomaḋṫóirí agus ba ċuma an caiġdeán árd nó íseal. Ṫá ḟios agam go ndéantar é sin ag feiseanna eile d’ḟonn na fonnadóirí a spreagaḋ aċ ní ceart é a ḋéanaṁ ag feis an Oireaċtais.

Níor ṁisde, b’ḟéidir, treoir a ṫaḃairt do luċt stiúrṫa na gcomórtas, iarraiḋ orṫa moltóirí cearta a ṫoġaḋ agus gan aonduine a ṫaḃairt annseo aċ duine a ṫoġfaḋ na moltóirí seo. Tá ḟios agat féin gur tugaḋ daoine annseo le blianta anuas ar ṁolaḋ ó ċosa fuar agus nárḃ’ fiú éisteaċt leo. Tá mé a’ cainnt anois ar daoine naċ raiḃ páirteaċ ’sna comórtaisí

Tá súil agam naċ misde leat mé ’gá ráḋ seo leat, aċ ar ṁaiṫe leis a’ gceol atá mé agus leis an dream naċ ḃfuil eolgaċ air.

Beannaċt
ó
Ṡorċa ní Ġuairim

Léiġ mé an cunntas a ḃí ar “Scéala Éireann” ó scríoḃ mé í seo — aċ mar sin féin, ní ḋéanfaiḋ sé aon doċar siḃ a cur ar ḃur n‑aire faoi ċeist na moltóirí.