Sorcha Ní Ghuairim an múinteoir

Forbhreithniú

Ar chríochnú a cúrsa léinn di i 1932, thug Sorcha a haghaidh ar Bhaile Átha Cliath, áit a raibh post faighte ag a deirfiúr Máire di ag múineadh leis an gCoiste Gairmoideachais. Ba é Seán Beaumont a bhí ina príomhfheidhmeannach ar an gCoiste Gairmoideachais go dtí 1929, agus fostaíocht faighte dá réir ag cainteoirí dúchais leis an eagraíocht ón tréimhse sin ar aghaidh. Bhíodh Sorcha ag múineadh freisin i gColáiste an Phiarsaigh, a chuir Beaumont ar bun ar an Tulach i gConamara.

Ceapadh Sorcha mar léachtóir le Gaeilge i gColáiste na Tríonóide i 1941, áit ar fhan sí go 1955. Is mar seo a chuireann údar an leabhair Gaeilge i gColáiste na Tríonóide, Risteard Ó Glaisne, síos uirthi1:

I 1941 ceapadh bean óg chiardhubh álainn aniar as Carna ar chósta Chonamara, Sorcha Ní Ghuairim, mar léachtóir ar an Ghaeilge labhartha sa Choláiste; i 1947 bronnadh uirthi an chéim M.A. jure officii. Bhí an dúchas Gaelach aicisi mar nach raibh sí ag mórán daoine eile riamh, agus guth binn ceoil.

Bhí Sorcha sásta gach gné den dúchas agus den oidhreacht a thug sí léi aniar as Ruisín na Maithníoch a roinnt lena cuid mac léinn — ba mhinic í ag insint scéalta ón mbéaloideas dóibh chomh maith le bheith ag canadh roinnt den stór amhrán a bhí aici dóibh freisin. Is é seo an cur síos a bhí ag Dubhghlas Sealy ar an rang2:

Ní raibh ach triúr nó ceathrar again ann agus ba mhó ba chosúla le dreas cainte idir cairde ná le ceacht ollscoile an uair an comhrá a bhíodh againn gach seachtain. Nochtaíodh dúinn méin agus cáilíocht faoi leith. Méin aonair, méin doscartha ón nGaeilge. Duine ab ea Sorcha a raibh an Ghaeilge ina leannán sí aici, leannán a neadaigh i smior a cnámh agus i bhfuil a croí.

(Is féidir alt Sealy a léamh ina iomláine i rannóg ‘Faoi Shorcha’ an láithreáin seo.)

Ba mhinic í ag labhairt amach ar son áras a chur ar fáil sa chathair ina bhféadfadh Gaeilgeoirí agus lucht foghlamtha na teanga casadh ar a chéile. Bhí sí den tuairim freisin go mba chuidiú fiúntach a bheadh ann d’fhoghlaimeoirí dá bhfoghlaimeoidís na hamhráin Ghaeilge chun cur lena stór focal. Duine inniúil stuama a bhí inti a raibh moltaí praiticiúla aici ar mhaithe le cur chun cinn na Gaeilge.

Nótaí

  1. Ó Glaisne, R. 1992. Gaeilge i gColáiste na Tríonóide. Baile Átha Cliath: Preas Choláiste na Tríonóide.
  2. Sealy, D. 1976. ‘Sorcha Ní Ghuairim mar ab aithnid dom í’, Scéala Éireann