Sorcha Ní Ghuairim a scrígh
An Chloch Mór,
Baile na h‑Abhann,
Co. na Gaillimhe.
30.7.40.
Do Leon ó Dubhghaill, Rúnaidhe
Coside an Oireachtais.
A chara,
Tá mé annseo le seachtmhain ach dheamhan mórán deis a bhí agam le dhul ó áit go h‑áit ach tá mo rothar le teacht chugam indiu agus ní bheidh mé mar sin, le congnamh Dé.
Chuaidh mé do’n Cheathramhain Ruaidh, ar aon nós, agus labhair le Micheál ó Cathain (ball de’n Choisde Conndae) Bí dúil agam feis bheag a chur ar bun annsin ach th’réis dúinn a’ sgéal a phlé, shochruigheamar a’ scéal a scaipeadh annsin agus na h‑iomadhthóirí a thabhairt annseo nó ar a’ gCnoc. Níl a’ Coisde bunuighthe i gceart annseo fós mar caitfidh mé daoine as a’ Spidéal a thabhairt le chéile ach tá mé a’ stócáil roimh‑ré.
Ní bheidh deacracht ar bith annseo. Fuair mé gealltanas ó’n máighistir scoile go gcuirfeadh sé cuirm-cheoil ar bun le cuid de na costaisí ghlanadh. Ba mhaith liom go mbeadh roinnt agam le costaisí an mholtóra íoc.
Maidir le ceist moltóirí, scríobh mé chuig bean Shéamuis Uí Mhurchadha indiu féachaint a mbéadh sí sásta a theachd ar feadh cupla lá. Idir an brabach a bhéadh ar ‘ gCuirm Ceoil agus beagán ó Choisde an Oireachtais bheimís i n‑acfuinn í thabhairt annseo ar feadh seachtmhaine nó deire seachtmhaine agus an obair ar fad a dhéanamh i ndeire na míosa seo. Dá mbéadh an moltóir céadna againn sa ’chuile áit níor ghádh, measaim, an sgoth a thabhairt le chéile aríst ar ais, mar bhéadh an caighdeán céadna ann thríd is thríd.
Níl mé a’ déanamh aon tsocrú faoi Dhuithche Seoigheach nó go bhfuighidh mé freagra ó Bhean Uí Mhurchadha. Rachaidh mé amach annsin Dé Sathairn seo chugainn má bhíonn scéala agam uaithi. Chuir mé beartanna de’n chlár go Cárna agus do’n Cheathramhain Ruadh. Tá mé a’ cur cuid go Rosmuc agus go Leitir Mealláin anois.
Ba mhaith liom fhagháil amach cé mhéad díreach a bhéadh le fagháil agam le h‑aghaidh costaisí an mholtóra. Sé ’n chuid sin den obair is tabhachtaighe, th’réis a’ tsaoghail, agus sé is mó a bhí a’ déanamh buartha dhom ó thús. Dá mbéadh duine cinnte de luach saothair an mholtóra b’fhéidir a shocrú go gcuirfidhe ceilidhthe [sic] nó cuirmeacha ceoil ar bun leis a’ gcostas traenach íoc d’iomadhthóir ar bith a bheadh i n‑a chlé [?].
Beidh mé níos cinnte do’n sgéal faoi cheann seachtmhaine agus cuirfidh mé scéala chugat aríst, ach níl aon chúis imnidhe againn, measaim.
Beir buaidh agus beannacht
Sorcha ní Ghuairim.
Ag. [?]
Gabh mo leithsgéal faoi’n bpáipéar seo ach níl a mharlait le fagháil agam faoi láthair. SniGh.
An Ċloċ Mór,
Baile na h‑Aḃann,
Co. na Gailliṁe.
30.7.40.
Do Leon ó Duḃġaill, Rúnaiḋe
Coside an Oireaċtais.
A ċara,
Tá mé annseo le seaċtṁain aċ ḋeaṁan mórán deis a ḃí agam le ḋul ó áit go h‑áit aċ tá mo roṫar le teaċt ċugam indiu agus ní ḃeiḋ mé mar sin, le congnaṁ Dé.
Ċuaiḋ mé do’n Ċeaṫraṁain Ruaiḋ, ar aon nós, agus laḃair le Miċeál ó Caṫain (ball de’n Ċoisde Conndae) Bí dúil agam feis ḃeag a ċur ar bun annsin aċ ṫ’réis dúinn a’ sgéal a ṗlé, ṡoċruiġeamar a’ scéal a scaipeaḋ annsin agus na h‑iomaḋṫóirí a ṫaḃairt annseo nó ar a’ gCnoc. Níl a’ Coisde bunuiġṫe i gceart annseo fós mar caitfiḋ mé daoine as a’ Spidéal a ṫaḃairt le ċéile aċ tá mé a’ stócáil roiṁ‑ré.
Ní ḃeiḋ deacraċt ar biṫ annseo. Fuair mé gealltanas ó’n máiġistir scoile go gcuirfeaḋ sé cuirm-ċeoil ar bun le cuid de na costaisí ġlanaḋ. Ba ṁaiṫ liom go mbeaḋ roinnt agam le costaisí an ṁoltóra íoc.
Maidir le ceist moltóirí, scríoḃ mé ċuig bean Ṡéamuis Uí Ṁurċaḋa indiu féaċaint a mbéaḋ sí sásta a ṫeaċd ar feaḋ cupla lá. Idir an brabaċ a ḃéaḋ ar ‘ gCuirm Ceoil agus beagán ó Ċoisde an Oireaċtais ḃeimís i n‑acfuinn í ṫaḃairt annseo ar feaḋ seaċtṁaine nó deire seaċtṁaine agus an obair ar fad a ḋéanaṁ i ndeire na míosa seo. Dá mbéaḋ an moltóir céadna againn sa ’ċuile áit níor ġáḋ, measaim, an sgoṫ a ṫaḃairt le ċéile aríst ar ais, mar ḃéaḋ an caiġdeán céadna ann ṫríd is ṫríd.
Níl mé a’ déanaṁ aon tsocrú faoi Ḋuiṫċe Seoiġeaċ nó go ḃfuiġiḋ mé freagra ó Ḃean Uí Ṁurċaḋa. Raċaiḋ mé amaċ annsin Dé Saṫairn seo ċugainn má ḃíonn scéala agam uaiṫi. Ċuir mé beartanna de’n ċlár go Cárna agus do’n Ċeaṫraṁain Ruaḋ. Tá mé a’ cur cuid go Rosmuc agus go Leitir Mealláin anois.
Ba ṁaiṫ liom ḟaġáil amaċ cé ṁéad díreaċ a ḃéaḋ le faġáil agam le h‑aġaiḋ costaisí an ṁoltóra. Sé ’n ċuid sin den obair is taḃaċtaiġe, ṫ’réis a’ tsaoġail, agus sé is mó a ḃí a’ déanaṁ buarṫa ḋom ó ṫús. Dá mbéaḋ duine cinnte de luaċ saoṫair an ṁoltóra b’ḟéidir a ṡocrú go gcuirfiḋe ceiliḋṫe [sic] nó cuirmeaċa ceoil ar bun leis a’ gcostas traenaċ íoc d’iomaḋṫóir ar biṫ a ḃeaḋ i n‑a ċlé [?].
Beiḋ mé níos cinnte do’n sgéal faoi ċeann seaċtṁaine agus cuirfiḋ mé scéala ċugat aríst, aċ níl aon ċúis imniḋe againn, measaim.
Beir buaiḋ agus beannaċt
Sorċa ní Ġuairim.
Ag. [?]
Gaḃ mo leiṫsgéal faoi’n bpáipéar seo aċ níl a ṁarlait le faġáil agam faoi láṫair. SniĠ.