Litir chuig Rúnaí Choiste an Oireachtais (13ú Mí Lúnasa 1940)

Sorcha Ní Ghuairim a scrígh

XXXXXX
Litir bhunaidh Shorcha. Le caoinchead Leabharlann Náisiúnta na hÉireann

An Chloch Mór
Baile na h‑Abhann,
Co na Gaillimhe.

13.viii.40

Do’n Rúnaidhe
Coisde an Oireachtais.

A chara,

Tá mé a’ féachaint le beagán a dhéanamh ó scríobh mé chugat cheana. Thug mé cruinniú le chéile annseo ar a’ Tulaigh agus cheapamar Coisde breagh láidir a bhfuil teachtairí air ó’n gCeatramhain Rua go Béarna. Bhí cruinniú de’n Choisde sin againn Dé Domhnaigh agus socruigheamar aeridheacht a bheith againn annseo ar a 25adh lé de’n mhí seo.

Chuiadh mé go Cor na Móna Dé Domhnaigh seo caithte agus shocruigh lé go dtiocfadh na h‑iomadhthóirí le chéile Dé Domhnaigh seo chugainn, go dtoghfaí an sgoth agus go dtiocfaidís sin annseo le dhul sa gcoimhlinnt. Fágann sin a’ scéal sasamhail go leor maidir leis na ’ gceanntair sin.

Maidir le Cárna tá an scéala scaipthe go forleathan ann agus tá coisde an Teasbántais úd a’ deanamh a ndichill dhúinn. Tiubharfaidh mé féin cuairt ar a’ gceanntar sin a’ tseactmain seo chugainn, faoi na bheith slán dhom.

Tá sé geallta ag teachtairí gach ceanntair cuirm cheoil nó céilidhe a chur ar bun le costaisí bóthair a ghlanadh dá ndream féin.

Tá rún agam labhairt leis an aos óg roimh dheire na míosa agus iad ullmhú le h‑aghaidh saothair na bliadhna seo chugainn, sé sin, má bhíonn cúram na h‑oibre ortha.

Tá súil agam go mbeidh sibh sásta le bhfuil déanta go dtí seo.

Beannacht
ó
Shorcha ní Ghuairim

XXXXXX
Litir bhunaidh Shorcha. Le caoinchead Leabharlann Náisiúnta na hÉireann

An Ċloċ Mór
Baile na h‑Aḃann,
Co na Gailliṁe.

13.viii.40

Do’n Rúnaiḋe
Coisde an Oireaċtais.

A ċara,

Tá mé a’ féaċaint le beagán a ḋéanaṁ ó scríoḃ mé ċugat ċeana. Ṫug mé cruinniú le ċéile annseo ar a’ Tulaiġ agus ċeapamar Coisde breaġ láidir a ḃfuil teaċtairí air ó’n gCeatraṁain Rua go Béarna. Ḃí cruinniú de’n Ċoisde sin againn Dé Doṁnaiġ agus socruiġeamar aeriḋeaċt a ḃeiṫ againn annseo ar a 25aḋ lé de’n ṁí seo.

Ċuiaḋ mé go Cor na Móna Dé Doṁnaiġ seo caiṫte agus ṡocruiġ lé go dtiocfaḋ na h‑iomaḋṫóirí le ċéile Dé Doṁnaiġ seo ċugainn, go dtoġfaí an sgoṫ agus go dtiocfaidís sin annseo le ḋul sa gcoiṁlinnt. Fágann sin a’ scéal sasaṁail go leor maidir leis na ’ gceanntair sin.

Maidir le Cárna tá an scéala scaipṫe go forleaṫan ann agus tá coisde an Teasbántais úd a’ deanaṁ a ndiċill ḋúinn. Tiuḃarfaiḋ mé féin cuairt ar a’ gceanntar sin a’ tseactmain seo ċugainn, faoi na ḃeiṫ slán ḋom.

Tá sé geallta ag teaċtairí gaċ ceanntair cuirm ċeoil nó céiliḋe a ċur ar bun le costaisí bóṫair a ġlanaḋ dá ndream féin.

Tá rún agam laḃairt leis an aos óg roiṁ ḋeire na míosa agus iad ullṁú le h‑aġaiḋ saoṫair na bliaḋna seo ċugainn, sé sin, má ḃíonn cúram na h‑oibre orṫa.

Tá súil agam go mbeiḋ siḃ sásta le ḃfuil déanta go dtí seo.

Beannaċt
ó
Ṡorċa ní Ġuairim