Sorcha Ní Ghuairim a scrígh
An Cloch Mhór
Baile na hAbhann,
Co. na Gaillimhe.
Eibhlín, a chara,
Fuair mé do chuid litreacha, an seic agus beart den chlár. Go raibh maith is fad saoil agat.
Tá mé ag scaipeadh an chláir ar mo dhícheall agus tá an coiste ag dul i mbun oibre anseo an tseachtain seo. Fuair mé litir ó Seosamh Ó Mongáin (as Carna) agus tá siad‑san ar a ndícheall fresin. Micheál Ó Catháin a chuir mé i mbun na hoibre sa gCeathrú Rua ach tá seisean ag freastal cúrsa drámaíochta i mBaile Átha Cliath anois. Scaip sé an clár dom sul ar imigh sé, ámh, agus tá buachaill eile ansin a chuirfeas barr slaicht ar an obair.
Ní dóigh liom go mbeidh orm aon airgead a chaitheamh ach amháin ar chostas moltóra. Sin é an fáth ar labhair air, ach coinneoidh mé an seic go bhfeicfidh mé liom.
Beannacht
ó
Sorcha Ní Ghuairim.
Cuirfidh mé scéal chucu siúd as Cor an Dolla bhfuil an n‑ainm ar an liosta agus cóip den chlár. Tá scéal ag muintir an Chnoic cheana féin.
SNíGh.
An Cloċ Ṁór
Baile na hAḃann,
Co. na Gailliṁe.
Eiḃlín, a ċara,
Fuair mé do ċuid leitreaċa, a’ seic agus beart de’n ċlár. Go raiḃ maiṫ is fad saoġail agat.
Tá mé a’ scaipeaḋ an ċláir ar mo ḋiṫċeall agus tá an coisde a’ dul i mbun oibre annseo an tseaċtṁain seo. Fuair mé leitir ó Seosaṁ Ó Mongáin (as Cárna) agus tá siad‑san ar a ndiṫċeall fresin. Miċeál ó Caṫáin a ċuir mé i mbun na h‑oibre sa gCeatraṁain Ruaiḋ aċ tá seisean a’ freastal cúrsa drámaiḋeaċta i mBlá Cliaṫ anois. Scaip sé an clár ḋom sul ar imiġ sé, áṁ, agus tá buaċaill eile annsin a ċuirfeas barr slaiċt ar an obair.
Ní dóiġ liom go mbeiḋ orm aon airgead a ċaiṫeaṁ aċ aṁáin ar ċostas moltóra. Sin é an fáṫ ar laḃair air, aċ coinneoċaiḋ mé an seic go ḃfeiciḋ mé liom.
Beannaċt
ó
Sorċa ní Ġuairim.
Cuirfiḋ mé scéal cuċa siúd as Carn Dolla ḃfuil an n‑ainm ar a liosta agus cóip de’n ċlár. Tá scéal ag muinntir a’ Ċnuic ċeana féin.
SníĠ.