Sorcha Ní Ghuairim mar Chriticeoir

Le Róisín Nic Dhonncha

’Sé an sean-nós nó an Traditional singer an séala is measa a cuireadh ar na hamhráin Ghaelacha riamh

Sorcha Ní Ghuairim, 1943

Níl insint ar a raibh de scéalaithe, amhránaithe, lucht éigse agus saoithiúlachta sa gceantar inar rugadh agus ar tógadh Sorcha Ní Ghuairim. Tugann Peadar Ó Ceannabháin léargas ar ghnéithe den saibhreas sin in dhá aiste, ‘Ba í an Samhradh sa bhFuacht í idir Nollaig is Cáisc’: Spléachadh ar Fhilí Pobail in Iorras Aithneach san 19ú Céad agus D’aithneoinn do ghlór: tógáil agus gabháil na n‑amhrán in Iorras Aithneach. Ba chúis bróid do Shorcha an dúchas sin agus bhí sé ina ábhar machnaimh aici i gcaitheamh a saoil. Bhí sainiúlacht agus saibhreas cultúrtha Iorras Aithneach aitheanta ar bhonn poiblí ó dheireadh an naoú céad déag nuair a tháinig an bailitheoir clúiteach Meiriceánach, Jeremiah Curtin (1835–1906) chomh fada leis an scéalaí, Seán Ó Briain (1852–1934), i Loch Con Aortha sa gceann thoir den pharóiste ar thóir ábhair.1 Rinneadh buanú ar cháil an cheantair le forbairtí cosúil le Coimisiún Béaloideasa Éireann, agus bhí Iorras Aithneach, go deimhin, ar an gceantar ba mhó inar bhailigh an Coimisiún ábhar. Seo mar a chuir an bailitheoir béaloidis, Seán Mac Giollarnáth (1880–1970), síos ar an gceantar ina shaothar Béarla Conamara:

Iorras Aithneach peininsula has so many cultural attractions in its singers and storytellers that an unbroken stay of twelve months would not exhaust them. … The eager student of Irish could find no better university than a fireside here in Coillín, or Ruisínnamainiach, Aillnabrón, or Lochconaora, with some successor of Éamon de Búrca, Mícheál Mac Donncha, Seán Ó Briain and the other master storytellers whose tales have been recorded for the Folklore Commission.2

Bhí saothar an Choimisiúin criticiúil toisc gur fianaise ab ea é den oidhreacht shaibhir a bhí á lua le pobal na Gaeilge ó ré na hathbheochana. Tugann foilseachán Ríonach Ní Fhlaitheartaigh, Clár Amhrán Bhaile na hInse (1976), tuairim dúinn maidir le leitheadúlacht na hamhránaíochta i gceantar Charna agus an Coimisiún i mbun saothair ansin sna 1930í agus 1940í go háirithe. Bhí é Séamus Mac Aonghusa (1919–1982) ar an té ba mhó a bhailigh amhráin sa gceantar ach má bhí, rinne Sorcha Ní Ghuairim éascaíocht ar a chuid oibre dó. Ba ise a chuir an bailitheoir ar an eolas faoi chuid mhaith de na daoine arbh fhiú ábhar a bhailiú uathu. Bhí comhfhreagras agus cuairteanna rialta idir é féin agus Sorcha nuair a bhí sé ag bailiú i gConamara agus ise ag cur fúithi ar an gCloch Mhór in aice leis an Tulach.

Ba ar phointí an ama seo freisin, 1939, a rinneadh athréimniú ar an Oireachtas, agus bhí lucht éigse agus ealaíona as ceantar Charna ina measc siúd ba thúisce a bhain ainm amach dóibh féin ag na comórtais sin. Bhí na fonnadóirí, Seosamh Ó hÉanaí (1919–1984), Beairtle Ó Conghaile (1904–1970) agus Seán Jeaic Mac Donncha (1904–1986), mar aon leis na scéalaithe, Pádraic Mac an Iomaire (1869–1962) agus Pádraic ’ac Dhonnchadha, ina measc siúd a bhain duaiseanna amach sa tréimhse seo. Fuair iomaitheoirí na Gaeltachta tacaíocht shuntasach ó Shorcha agus í ar a dícheall ag eagrú feiseanna ceantair ar fud Chonamara agus ag spreagadh daoine cur isteach ar na comórtais. D’aithin fonnadóirí as ceantair eile fiú, duine acu, Pat Phádraic Tom Ó Conghaile (1922–2010) as Leitir Péic sa Spidéal, an chomaoin a chuir Sorcha ar fhonnadóirí cheantar Charna go háirithe:

Ní raibh amhránaithe ní b’fhearr in aon Ghaeltacht in Éirinn ná mar a bhí ann ag an am sin. Agus tá mé ag ceapadh go bhfuair siad deis níos fearr ná daoine eile. Fuair siad treoir, mar bhí daoine mar Shorcha Ní Ghuairim go maith, agus thug sí go leor eolais dóibh. Ní raibh a fhios ag aon duine anseo sa Spidéal — ní raibh a fhios agamsa ag an am sin agus mé bailithe scór blianta — céard é an tOireachtas, cé gur chuala mé caint air.3

Idirghabhálaí idir an t‑airneán agus an t‑ardán ab ea Sorcha agus í ag éileamh go dtabharfaí a ceart don amhránaíocht ar an sean-nós ar stáitsí oscailte na gcomórtas. Fágann a cuid oibre ar son an Oireachtais, agus a tacaíocht do Choimisiún Béaloideasa Éireann go raibh sí freagrach as institiúidí oifigiúla cultúir, agus pobal na Gaeltachta, a chur in aithne dá chéile.

Ar bhonn poiblí, mar sin, cuireadh le próifíl cheantar Charna maidir leis an amhránaíocht ar an sean-nós ó na 1940í ar aghaidh agus é aitheanta go forleathan mar cheantar a raibh cuimse amhrán le fáil ann. Ina dhiaidh sin fhéin, tá sé tábhachtach an méid seo a mheabhrú: tearc seachas toirtiúil atá an t-ábhar a fágadh le huacht againn ón gceantar ina bhfuil taifead poiblí den chritic dhúchais nó cleachtas-bhunaithe i leith na hamhránaíochta sin. Caitheadh dua le bailiú agus taifead na n‑amhrán ach ní i gcónaí a d’fhiosraigh scoláirí ná bailitheoirí tuairimíocht na n-amhránaithe féin i leith a gceirde. Go stairiúil, ba mhinic a tháinig an chruthaitheacht agus an tráchtaireacht ina leith ó aicmí éagsúla den phobal ar beag an bhaint a bhí acu le chéile. Tá saothar Shorcha suntasach sa gcomhthéacs seo toisc go raibh sí ar an amhránaí ba thúisce as an gceantar, go bhfios dúinn, a chuaigh chun léirmheastóireachta ar bhonn poiblí ar an an ealaín a bhí tugtha léi ón dúchas aici. Rinne Seosamh Ó Éanaí freisin a chuid an bhearna seo a líonadh agus é i mbun tráchtaireachta le scoláirí ceoil chúns a bhí sé ag cur faoi i Meiriceá i dtreo dheireadh a shaoil. Is ar éigean gur comhtharlúint é gur beirt a raibh an baile fágtha acu agus a bhí ag saothrú go gairmiúil, poiblí ar son an chultúir a spreag tuiscintí nua ar an amhránaíocht thraidisiúnta.

I measc na scríbhinní de chuid Shorcha ina dtéann sí i ngleic leis an amhránaíocht ar bhonn dioscúrsa tá roinnt alt léi a foilsíodh in An t‑Éireannach idir 1934 agus 1937 agus in Scéala Éireann sna blianta 1949 go dtí 1952. Ina dteannta sin, tá tras-scríbhinn de chaint phoiblí a thug sí ag siompóisiam ar an amhránaíocht thraidisiúnta ag Oireachtas 1943, mar aon le cáipéisí lámhscríofa dá cuid tráchtaireachta mar mholtóir ag comórtais an Oireachtais i mblianta éagsúla sna 1940í. Tá alt dár teideal Is í an Fhilíocht Anam an Cheoil a scríobh Sorcha thart ar an mbliain 1944 pléite ag Ríonach uí Ógáin san aiste “Is í an Fhilíocht Anam an Cheoil” — Sorcha Ní Ghuairim, Amhránaí Roisín na Mainiach. Leide is ea an teideal deireanach sin, ina dtagraítear don fhilíocht agus don cheol in éineacht, d’fhealsúnacht Shorcha maidir leis na hamhráin agus a ngabháil. Ba bheag an mhaith fonn gan filíocht, agus dá réir, bhí teanga, scéal, brí agus údar an amhráin ar na gnéithe den fhonnadóireacht ba mhinice a dtagraíodh sí dóibh. Ba mar ealaín thagarthach, theanga-lárnaithe a thuig sí an amhránaíocht agus bhí an toise séimeantach sin chun cinn ina cuid tuairimíochta i leith na ceirde. Ba fhreagracht de chuid an fhonnadóra é éirim an amhráin a thabhairt slán: ba chóir go dtuigfeadh an fonnadóir brí an amhráin le go mbeadh sé nó sí in ann smaointe an fhile a nochtadh, bídís brónach, meidhreach nó eile.4 Mar a tuigeadh dise é, bhí gaol gar ag an bhfonnadóireacht agus ag an scéalaíocht le chéile, ainneoin nárbh í an chinniúint chéanna a bhí i ndán dóibh sa bhfadtéarma.

D’fháiltigh Sorcha roimh an tsuim a bhí foghlaimeoirí Gaeilge agus daoine sna cathracha ag cur sna hamhráin dhúchasacha. Ina dhiaidh sin féin, seans gurb iadsan faoi deara an bhéim as cuimse a leag sí ar shealbhú sásúil na teanga mar chuid de phrintíseacht an fhonnadóra Ghaeilge. Mar cheird láithrithe ó bhéal os comhair éisteoirí, bhí an t‑eispéireas éisteachta faoi réir ag feabhas na Gaeilge chomh maith le tosca ceoleolaíocha: Maidir leis na fuaimeanna a bhíonn ag a lán d’fhonnadóirí na haimsire seo is mór an feall atá dá dhéanamh acu ar an nGaeilge agus ar na hamhráin, gan trácht ar a lucht éisteachta.5 Ní hé go raibh fúithi oidhreacht na n‑amhrán dúchasach a cheilt ar dhuine ar bith, ach a mhalairt, sa méid is gur tuigeadh di go raibh fadhbanna na foghraíochta inleigheasta. Ní raibh ag teastáil chuige sin ach aimsir agus iarracht. Bhí an phraiticiúlacht chun cinn freisin agus í ag trácht ar sheachadadh na n‑amhrán sa gcóras oideachais. Tharraing sí aird ar na hiarrachtaí fiúntacha a bhí á ndéanamh i ranganna Gaeilge agus i scoileanna na tíre an ceol dúchais a chur chun cinn, ach bhí tuilleadh adhmaid le baint as an stór amhrán. Bhí an curaclam taobh leis an gcúpla amhrán céanna le blianta agus gan ceart á bhfáil ag éagsúlacht ná ag leitheadúlacht an traidisiúin. Mhol sí freisin go gcuirfeadh an Roinn Oideachais ceol drámaí chun cinn sna scoileanna. D’fhreastalódh an seánra sin ar fhoghlaimeoirí teanga agus ar lucht foghlamtha na staire araon i bhfianaise a raibh d’ábhar i stair na hÉireann, dar léi, a d’fheilfeadh don drámaíocht.6

Tá prionsabail agus praiticiúlacht araon sa tráchtaireacht thomhaiste thuas a foilsíodh sna meáin chlóite sna 1930í. Ba ghéire mar a lig sí a racht maidir le cinniúint na hamhránaíochta dúchasaí sa gcaint a thug sí ag imeacht dar teideal ‘Siompóisiam ar Amhránaíocht na Gaeltachta’ mar chuid d’Oireachtas 1943. Labhair Seán Ó Baoighill (1908–1979) as Béal Feirste agus Aindrias Ó Muimhneacháin (1905–1989) as Corcaigh ag an ócáid sin freisin. Is díol suime ann féin teideal na hócáide sa méid gur aitheantas ab ea é go raibh stíl amhránaíochta dá gcuid féin ag pobal na Gaeltachta. Dúchas agus barántúlacht an cheoil sin a bhí in uachtar i gcaint Shorcha agus í ag tabhairt léargas frithathbheochanúil, nach mór, ar amhránaíocht thraidisiúnta na Gaeilge. Dhiúltaigh an triúr cainteoirí, mar shampla, don téarma ‘sean-nós’ a bhí buanaithe i bhfriotal oifigiúil na gluaiseachta cultúrtha faoin am sin. Bhí ‘amhráin na ndaoine’ agus ‘amhráin na hÉireann’ molta ag Sorcha agus í ag áiteamh gur bhain na hamhráin sin le pobal na tíre ar fad tráth. Amhráin i nGaeilge maisithe le beagán ornáidíochta agus casta gan tionlacan pianó an tsamhail a bhí i réim maidir leis an amhránaíocht dhúchasach, dar léi. Mura ndearna sí tada eile ina cuid cainte, thug sí dúshlán na tuisceana sin.

Tá againn i gcaint Shorcha freisin iarracht luath ar chúinsí daonna agus sóisialta na hamhránaíochta a aithint agus a mhíniú. Tráchtar go rialta sa lá atá inniu ann i léann an cheoil agus an taibhléirithe ar thábhacht an chomhthéacs agus ar choinníollacha ábhartha agus spásúla an láithrithe. Ba ag tabhairt spléachadh ar an méid sin a bhí Sorcha agus í ag áiteamh, Is minic gur ar chúl a’ tslua nó ag an doras dúinte a bhíonns fonnadóir na Gaeltachta agus é a’ rá amhrán.7 Ba é a mhacasamhail de léargas a roinn Seosamh Ó hÉanaí níos deireanaí ar an bhfonnadóireacht mar ab eol dósan í: You’ll hear the song, but you don’t know where it’s coming from half the time. You know, they don’t stand up or face an audience at all.8 Ní nach ionadh, dhiúltaigh Sorcha roimh an bhfeiniméan, ‘stage personality’ mar a thug sí air, agus í ag iarraidh cur ina luí ar an lucht éisteachta go raibh fírinne agus barántúlacht ag roinnt leis an té a bhí umhal agus nárbh ualach orthu a gceird. Tréimhse shuntasach maidir le forbairt an tsean-nóis ab ea na blianta seo toisc go raibh an amhránaíocht iomaíoch ar na hardáin tagtha chun cinn. Más féidir a rá gur láithriú neamhthraidisiúnta ab ea amhránaíocht na gcomórtas, chuir an t-athrú sin, ag an am céanna, fráma tagartha ar fáil ina bhféadfaí an amhránaíocht ar an sean-nós a mheas sa gcéad áit. Dá réir sin, ba mhinic a phléití amhránaíocht an airneáin agus amhránaíocht an ardáin mar chleachtais a tháinig salach ar a chéile.

Tá an chosúlacht ar an scéal go ndearna Sorcha beart de réir briathair agus í ag moltóireacht ar na comórtais chéanna. Thug sí faoin dualgas sin i rith na 1940í maidir le comórtas na mban agus na bhfear, mar aon leis na comórtais do na hamhráin saothair agus do na ceapóga. Bhí maíte aici i rith an tsiompóisiam i 1943, cuir i gcás: sé an moladh a bhíonn ag muintir na Gaeltachta ar fhonnadóir, moladh ar a chaoineadas agus ar fheabhas is thuganns sé amach scéal an amhráin. Ba sa dualgas sin ba mhó a bhí ag loic ar fhonnadóirí sna comórtais de réir mholtóireacht Shorcha, agus dá réir, chuir sí roimpi é aird a tharraingt ar an gcaidreamh idir an t‑amhrán agus an t‑amhránaí. Is é sin an léamh a d’fhéadfaí a dhéanamh ar ráitis dá cuid, mar shampla, níl sí féin ins an amhrán … tá sí binn ach níl an chumha ná eile ina glór9breá fearúil agus soiléir ach gan tuiscint don amhrán aici.10 Thagraíodh sí ó am go chéile d’amhráin a tógadh as leabhair, ó thaifid fuaime agus freisin d’amhráin scoile. Ainneoin nach raibh siad sna critéir oifigiúla mholtóireachta, chuireadh sí an rogha amhrán agus modh sealbhaithe an amhráin san áireamh ar bhealach a thug le fios gurbh iad na hamhráin a seachadadh ó bhéal go béal i measc na ndaoine a bhí ar thús cadhnaíochta sa traidisiún.

Blaiseadh luachmhar de chritic i leith na hamhránaíochta a bhí cleachtas-bhunaithe ab ea tráchtaireacht phoiblí Shorcha. Bhí a leithéid gann ag an am. Chuidigh sí caidreamh níos tuisceanaí a chothú idir fonnadóirí na Gaeltachta agus amhránaithe agus éisteoirí ón bpobal níos leithne a bhí ag teacht isteach ar ealaíona béil na Gaeilge gan fráma tagartha ná comhthéacs a raibh brí leo. Ba chás léi go dtabharfaí slán éirim na n-amhrán, barántúlacht an láithrithe agus ról agus eispéireas an lucht éisteachta, mar shampla, má bhí cúram le déanamh den amhránaíocht thraidisiúnta mar chuid de ghluaiseacht náisiúnta cultúir agus teanga. Bíodh is gur ghéill sí ó am go chéile don rómánsúlacht agus í ag trácht ar a hoidhreacht, bhí sí praiticiúil ina cuid iarrachtaí teacht roimh roinnt de na hathruithe a cheap sí a dhéanfadh aimhleas an traidisiúin. Tréimhse chriticiúil in éabhlóid an tsean-nóis ab ea an ré sin agus ba bhoichte ár dtuiscint ar an traidisiún úd murach leithéid Shorcha a bheith gníomhach sa saol cultúrtha poiblí ag an am. Chuidigh sí cor a chur i gcinniúint na hamhránaíochta ina ceantar dúchais go háirithe. Ní beag an méid sin.

Nótaí

  1. Tá cuntas ar chuairteanna Jeremiah Curtin ar Sheán Ó Briain le fáil in Angela Bourke, Alma agus Jeremiah Curtin i gConamara in Kelly Fitzgerald, Bairdre Ní Fhloinn, Meidhbhín Ní Úrdail agus Anne O’Connor, eag., ‘Binneas an tSiansa’: Aistí in onóir do Ríonach uí Ógáin (Baile Átha Cliath: Four Courts Press, 2019), lgh. 19–27.
  2. Seán Mac Giollarnáth, Conamara (Baile Átha Cliath: Comhartha na dTrí gCoinneal, 1954), lgh. 44–45.
  3. Luaite in Liam Mac Con Iomaire, Seosamh Ó hÉanaí: Nár fhágha mé Bás Choíche (Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht, 2007), lch. 140.
  4. Sorcha Ní Ghuairim, An Ceol Gaelach — Tá Fonnadóirí agus Fonnadóirí Ann, An t‑Éireannach, 2 Márta 1935, lch. 4.
  5. Ibid.
  6. Sorcha Ní Ghuairim, , An t‑Éireannach, 3 Lúnasa 1935, lch. 4.
  7. Sorcha Ní Ghuairim, ‘Siompóisiam ar Amhránaíocht na Gaeltachta’, 29 Deireadh Fómhair, 1943. Oireachtas na Gaeilge Papers, LS, 1325/1, An Leabharlann Náisiúnta.
  8. Seosamh Ó hÉanaí, agallamh le Peggy Seeger agus Ewan Mc Coll, Musical Traditions Internet Magazine, léite 12 Eanáir 2020, http://mustrad.org.uk/articles/heaney1.htm#4
  9. Sorcha Ní Ghuairim, tuairisc mholtóireachta, 1945, Oireachtas na Gaeilge Papers, LS, 1,370/9, An Leabharlann Náisiúnta.
  10. Sorcha Ní Ghuairim, tuairisc mholtóireachta, 1946, Oireachtas na Gaeilge Papers, LS, 1,371/5, An Leabharlann Náisiúnta.