D’aithneoinn do ghlór: tógáil agus gabháil na n‑amhrán in Iorras Aithneach

le Peadar Ó Ceannabháin

Bhí teaghlaigh áirithe in Iorras Aithneach a raibh cáil an cheoil agus na hamhránaíochta orthu. Bhí an cháil sin ar Bhúrcaigh, ar Cheannabháin agus Chualánaigh, ar Chlann Dhonncha, ar mhuintir Dhonnchú agus ar mhuintir Éinniú gan ach cuid acu a lua. Bhí corrdhuine a raibh an-lear amhrán aige, leithéid Choilm Uí Chaodháin (1894–1975) as Glinsce nó Sheáin Uí Ghaora (1902–61) in Aill na Brón. Ní bua an cheoil amháin a bhí ag teaghlaigh ach bua an tseanchais, na scéalaíochta agus an damhsa. Bhí cáil na hoibre agus na stuaime ar bhailte fearainn ar leith agus clú an cheoil ar bhailte eile. Dá dteastaíodh fear ceirde ó dhuine sa gceard thiar den pharóiste d’fhónfadh dó a aghaidh a thabhairt ar Oileán Máisean agus dá dteastaíodh ceoltóir uaidh a dhul go Fínis. Bhíodh cuid den dream atá luaite agam, agus dreamanna nach iad, nach santódh ceol ná amhrán agus a thabharfadh ceolán ar an té nach dtabharfadh aire cheart dá ghraithe. Ar an láimh eile, bhí ceoltóirí, amhránaithe agus seanchaithe in Iorras Aithneach a bhí stuama i mbun na ceirde nó i mbun an chúraim a chuireadh greim ar an mbord. Má bhí meas sa bpobal ar an bhfear ceirde bhí gean ar leith ar an gcainteoir stuama, ar an gcomhráití maith i dteach cuartaíochta agus leac an doichill roimh shíofráil agus roimh údragáil chainte.

Le linn airneáin nó oíche chuartaíochta, i dteannta an tseanchais, na scéalaíochta agus an chomhrá, is mó a chastaí na hamhráin in Iorras Aithneach anuas go dtí na seascaidí.1 Go hiondúil, ní bhíodh i láthair ach comhluadar beag, solas íseal ó lampa nó ón tine, gan aon fhear tí ag teastáil ná aon stiúradh á dhéanamh ar an airneán. Bhíodh éascaíocht agus réchúis ag baint le go leor den ghabháil agus den tógáil a dhéantaí ar na hamhráin seo cois teallaigh mar a mbíodh dáimh ag an gcomhluadar le chéile. Ní bhíodh de sholas sa teach ach coinneal scaití, cheal ola mhóir, mar a léirigh Veail Bheairtle Ó Donnchú (1898–1981) in Amhrán Shéamuis, amhrán a chum sé sa mbliain 1942 faoin mbailitheoir agus an píobaire Séamus Ennis (1919–82):

Bhí píosa de choinneal a’inn lasta sa gcoinnleoir
Is beag a bhí scríofa nuair a chaill sí an ghlóir
Ach dhá bhfanfadh Mac Ennis go deire na míosa
Bheadh lóchrann ’na thimpeall le neart ola mhóir.

(CBÉ 1280:120)

Mar seo a chuir Seán Bán Mac Grianna (1905–79) síos ar an airneán i Rann na Feirste, pobal a bhí an-chosúil le pobal na háite thiar:

Nuair a bhí mise i mo ghasúr, i mo chónaí ins an Ghaeltacht, ar ndóighe, bhí tithe airneáil gach aon áit. Ní hé nach raibh solas acu san am a dtáinig mise i gcrann ach nuair a bheadh fonn airneáil orthu agus fonn orthu oíche shuairceach a chur isteach, ní lastaí solas ar bith. Chruinníodh na comharsanaigh isteach, chaití smután de ghiúis phortaigh ins an tinidh agus thoisíodh an comhrá.

(Mac Corraidh 2010, 2)

Ba ceanach leo an solas a mhúchadh i nGaeltacht na hAlban freisin agus sólás a bhaint as meathsholas mánla na móna, cé gur léir sa gcás seo go raibh stiúir ag fear an tí ar imeachtaí na hoíche:

When the loom stopped clacking, the crúisgean (cruisie, lamp) was put out and there was no light but the gentle glow of the peats, the man of the house would begin: Tonight will we have the Lay of the Great Fool, the Lay of the Smithy, or the Ballad of the Dearg? Or he might ask, Where did I stop last night?

(Black 2001, xiii)

D’fhág comhluadar den tsórt sin, comhluadar a chleacht an solas tláith agus teas na móna nó dé de sholas coinnle, b’fhéidir, a rian ar an gcineál comhrá nó seanchais a dhéantaí, agus bhí a fhoilleacht ar ghabháil na n‑amhrán. Suite síos a bhíodh a mbunáite gan beann acu ar theacht i láthair, ar theilgean gutha ná ar gheáitsí de chineál ar bith ach a gcluasa bioraithe agus a n‑aird go hantlásach ar an nglór agus ar iontais an ghlóir. Ach oiread leis an gcomhráití stuama a thuig cúrsaí rithime agus éisteachta, agus a chleacht an chaint staidéartha, thuig an t‑amhránaí cois teallaigh gur éilíodh an éascaíocht, an suaimhneas agus an stuaim air féin. Ba é an glór a tháthaigh an comluadar le chéile: But the voice isn’t just a conduit for language, information, and mood: it’s our personal and social glue, helping to create bonds between individuals and groups (Karpf 2006, 2).

Cé go mba é an glór cainte a bhí i gceist ag Karpf anseo agus í ag cur síos ar éifeacht an ghlóir, ba é a fhearacht céanna ag an nglór cinn nó ag an nglór aithrise é, ba bheag eatarthu amanta mar go mbíodh cainteoirí áirithe chomh ceolmhar tarraingteach ina gcuid cainte le hamhránaí ar bith. Ba é an glór a léirigh an guth, an chanúint, an fhilíocht agus, thar aon ní eile, léirthuiscint an amhránaí ar an amhrán. An t‑amhránaí óg a raibh dúil sna hamhráin aige, shloig sé agus thóg sé iad chomh tréan agus a d’fhéad sé agus má bhí suim aige i seanchas nó i scéalta, bhíodar sin sloigthe aige freisin. Níorbh fholáir dó a bheith meabhrach i gcionn na n‑amhrán sin a cumadh sa gceantar mar nár dhóiche go gcloisfeadh sé an dara gabháil orthu.

Más sa mbreacsholas a ghabhtaí agus a thógtaí na hamhráin, bhítí á meabhrú sa dorchadas. Mheabhraíodh Patrick Phádraig Liam a Búrc (1924–96) an t‑amhrán nuachumtha dó féin ar an leaba san oíche. Thóg seisean, mac dearthár le hÉamon a Búrc (1866–1942), roinnt mhaith amhrán de chuid Mhaidhcil (1902–1979) agus Veail Uí Dhonnchú sna tríochaidí agus sna ceathrachaidí. De bhrí go mba amhráin nuachumtha iad seo ní fhaightí deis iad a chloisteáil ach scaití. Ní theastaíodh ón mBúrcach ach an t‑amhrán a chloisteáil aon iarraidh amháin agus bhíodh a bhunáite tógtha aige, agus ansin théadh sé á mheabhrú i ndorchadas na hoíche ar an leaba go ndaingníodh sé ina cheann é. Mar seo a chuir sé síos dom air deich mbliana fichead ó shin agus é ag déanamh beag is fiú de féin, Tada dár chuala mé riamh chuaigh sé isteach sa mblac ach níl braeins ar bith a’m! Bhínn i mo loighe ar an leaba san oíche, bhíodh méarachaí mo chos ag goil síos is aníos, bhínn ag cuimhniú is ag cuimhniú ar an amhrán is bhíodh sé a’m ar maidin!2

De bhrí nach raibh fáil go héasca ar na hamhráin seo a cumadh san áit, bhí intinn an amhránaí rianúil agus é bíogtha ina ndiaidh. Ní shílim go raibh aon ‘seachadadh’ i gceist sa gcaoi ar thóg Patrick Phádraig Liam na hamhráin seo fearacht roinnt amhránaithe eile in Iorras Aithneach ag an am. Ní hé gur tugadh dó iad ach gur thóg sé go díocasach iad as a stuaim féin le meabhair agus le teann spéise, agus amanta, de bhuíochas an dreama a raibh siad acu, go háirithe i gcás na n‑amhrán a mbeadh daoine áirithe luaite iontu. Amhránaí an-cheolmhar a bhí ann, chomh maith le bheith ina dhamhsóir, agus ba nós leis guth nó dhá ghuth a chur le hamhrán. Thóg Pádhraic Tom Phaits Ó Ceannabháin (1936–2017) agus Peait Mháire Veail Ó Donnchú (1921–2011) roinnt mhaith d’amhráin Veail agus Mhaidhcil Uí Dhonnchú ar an gcaoi chéanna leis an mBúrcach. Ní hé go mbíodh a leithéidí siúd ag ‘sealbhú’ amhráin, is é an chaoi a mbeireadh an t‑amhrán greim orthu.

Thug Veail Ó Donnchú le fios go mórtasach gur ar bhealach Raiftearaí (1779–1835) a chumadh sé féin a chuid amhrán agus nach mbaineadh sé leas riamh as peann ná páipéar. Sa gcur síos a rinne sé ar Amhrán na nGardaí, ceann a chum sé le cuthach oilc agus le cantal de bhrí gur thóg garda a ainm faoi bheith deireanach i dteach ósta, garda nach labhródh ach Béarla leis, is léir go mba í an teanga agus an mheadaracht a stiúraigh an chumadóireacht, gur aithris sé an t‑amhrán ina fhilíocht dó féin i dtosach, agus gur chuir sé guth leis ansin:

Ach ansin nuair a d’imíodar, chuaigh mé ar nós Raiftearaí, thosaigh mé a’ cumadh i m’intinn. Níor… aon amhrán dár chum mise ariamh, bhínn in ann é a chumadh i m’intinn agus é a rá ansin ina fhocla aríst agus an guth a chur leis agus ’ach aon tsórt.3

San intinn a chumtar gach ní beo, ar ndóigh, ach séard a bhí i gceist aigesean go mba í an intinn agus an glór a d’oibríodh sé ina chuid cumadóireachta, nach mbaineadh sé leas as peann ná páipéar ach gur te bruite ón intinn go dtí an glór a chumtaí an t‑amhrán. Thuig seisean go mba é seo an nós cumadóireachta a bhí ag Raiftearaí, filidh ar dheacair dó a mhalairt a bheith aige. Cumadóireacht de chineál eile ab ea an ceann scríofa, í níos meáite, níos breithnithe agus níos tomhaiste, cineál nach santódh Veail Ó Donnchú ná filithe mar é. Thug Cóilín Mac Donncha (1904–88) as Fínis le fios dom go gcumadh sé féin amhrán ar bhealach Raiftearaí freisin, go gcuireadh sé an guth leis i ndiaidh a dhéanta. Ní chuirtí guth ar bith le hamhrán scaití ach go n‑ársaítí ina fhilíocht é. Is í an fhilíocht agus ársú na filíochta is buaine a mhair ina n‑intinn siúd a raibh sí acu:

Bhí sí lán ceoil. Bhí sí lán amhrán agus bhí sí lán scéalaíochta. Gráinne Phroinnsís a thugadh siad uirthi.

Bhí sí ag brú ar chéad bliain agus bhí an bás aici. Bhí Sorcha, a hiníon, ag tabhairt aire di lena linn seo. Bhí duine ar a sheal ina shuí go maidin aici. Go déanach san oíche, d’oscail an tseanbhean a súile agus chuaigh Sorcha anonn os a cionn. A mháthair, ar sise, cad é mar atá tú anocht? D’amharc sí uirthi,

A chéad searc an féidir go gcodlann tú san oích’
’Né rud nach léir duit na saighde ’tá polladh fríd mo chroí
Tá ní éigin ’o mo bhuaireamh ’gus an arraing ’ mo chloí,
’S mé ag éisteacht le héanacha na coilleadh ’ gabháil a luí.

Dhruid sí a súile. Bhí sí marbh. Ba iad sin na focail dheireanacha a bhí aici, ceathrú filíochta.

(Ó Searcaigh 1976, 21)

Bhí an tóir chéanna ar fhilíocht in Iorras Aithneach agus a bhí i Rann na Feirste:

Bhí Dán Dhonnchadha mhóir ag máthair mháthar Mhicheáil Mhic Dhonnchadha. Ní raibh an dán seo ag an máthair agus tháinig fonn uirthe é a fhoghluim. Bhí a máthair caillte san am, agus dreithiúr a raibh an dán aice bhí sí caillte, ach bhí mac na dreifíre sin beo agus é ina chómhnaidhe thiar sa Más. Shíl sí go mb’fhéidir go mbeadh Dán Dhonnchadha Mhóir aige. D'éirigh sí amach lá agus shiubhail sí siar go Más, cúig mhíle, go dtí mac a dreifíre, féachaint an mbeadh an dán aige.4

D’fhéadfadh sé nach mbíodh guth ar bith curtha ag an bhfilidh leis an amhrán, gur amhránaí eile a chuireadh an fonn amhráin leis. Is é an chaoi a ndeachaigh Tomás Shiúnach (fl. 1845) ‘ag dántaireacht’ go bhfaigheadh sé a bhéile ón mbean a raibh sé ag obair aici an t‑am a ndearna sé an t‑amhrán, Céad míle slán duit a Leitreach Ard (CBÉ 1281: 185–6). Cé go bhfuil fonn amhráin le Amhrán Mháire Ní Mhongáin léiríonn an cur síos a rinne Sorcha Ní Ghuairim (1911–76) uirthi gur ag dántaireacht a bhí bean a dhéanta i dtosach, tráth a raibh sí ag imeacht as a cranna cumhachta le cumha agus le briseadh croí:

Sé’n mí-fhonn agus an dólás mór a bhí gabhtha go doimhin faoin gcroid[he] aici a thug do Mháire Ní Mhongáin a bheith a’ dántaireacht, is í in uaigneas léi féin, nó gur cheap sí an t‑amhrá[n] a luigh chomh [mór] sin le croidhe daoine agus cás aca di faoi n‑a triúr mac ‘a bhí oilte tóigthe’ agus a d’imthigh le fán a’ tsaoghail.

Ar chuma ar bith ní raibh iadhadh a’ dul uirthi ’na dhiaidh sin ach a’ dántaireacht is a’ caoineadh a cáis, nó gur éirigh leis a’ sagart foighid a chur innte ar deire thiar.

(Cartlann scripteanna RTÉ 1114, 1-2, 5).5

Bhain Máirtín Ó Cadhain (1906–70) leas as an amhrán céanna ina ghearrscéal, An Bhliain 1912, le léiriú a thabhairt ar éifeacht agus ar bhuanna an ghlóir cinn.6 Go Meiriceá a d’imigh an mac ba shine le Máire Ní Mhongáin an áit chéanna a bhfuil an bhean óg i ngearrscéal Uí Chadhain ag tabhairt a haghaidh. Léiriú ar ghrá agus ar imní máthar is mó atá sa ngearrscéal seo, é cinnte uirthi deis a fháil labhairt lena hiníon ar an gcúlráid, ó tharla an teach a bheith lán. Thuig an Cadhnach go gcasfaí amhrán a bheadh feiliúnach ar ócáid dá shórt. An Triúr Mac a thug seisean ar Amhrán Mháire Ní Mhongáin. Is cosúil go raibh triúr mac ar a laghad aici ach gur beirt atá sí a chaoineadh san amhrán, an bheirt a bhí aici ón gcéad phósadh agus a d’imigh uaithi mar nár réitíodar leis an leasathair:

Bhí gleáradh damhsa ann agus Tom Neile de ghuth phóiteamhail ag gabhail An Triúr Mac ins an dorus dúinte, aindeoin go raibh sé ag plúchadh an cheoil:

Is iomdha forrá-á-nach breá-á-ágh lúthmhar lá-á-á-á-idir
A theigheanns thar sá-á-á-á-á-ile a’s nach bhfilleann choí-í-dhchin.

Déan go réidh leat fhéin, arsa an mháthair le Tom. Ach thiubharfadh sí cuid mhaith ar an ala sin, dá mbeadh fonn aice mar a bhí ag Tom leis an ualach a bhí ar a croidhe a chur amach dhe in a sheile cheoil.

(Ó Cadhain 1948, 148–9)

Ní droch-chomhairle a chuir an mháthair ar Tom agus ní droch-chomhairle í le cur ar amhránaí ar bith, bíodh sé cois teallaigh nó i bhfad uaidh, déan go réidh leat féin!

Más ina cheann agus lena ghlór a chum Veail Ó Donnchú na hamhráin, is léir gur thuig sé gurb iad na leabhair a bheadh i réim agus gur orthu a bheifí ag tarraingt sa saol a bhí le theacht. In Amhrán Shéamuis shílfeá gur in aiféala atá sé nach bhfuil scríobh na Gaeilge aige:

Dhá dtugaidís mise go cathair na hÉireann
Culaith mhaith éadaigh ’ fháil is péire deas bróg
Líonfainn dóibh leabharthaí de sheanamhráin Ghaeilge
A mhairfeadh i bhfame fad is bheadh aon duine beo.

Ach faraor ní raibh sé in mo chinniúint ar aon chor
Go scríobhfainn an Ghaeilge seo síos mar is cóir
Ach tá súil a’m le dualgas ón uachtarán Séamus
Gach Nollaig is féile fad ’s mhairfeas mé beo.

(CBÉ 1280:120)

Is beag teach in Iorras Aithneach sa naoú céad déag agus i dtús na haoise seo caite a mbíodh leabhair á léamh iontu, agus sna tithe sin féin ba ó bhéal go cluais a thógadh bunáite na n‑amhránaithe óga na hamhráin ón léitheoir, iad siúd a raibh an mheabhair acu sin a dhéanamh go scafánta. B’amhlaidh an cás in Albain: In the absence of books and writing, the average young person’s memory was such that a tune might be remembered after one hearing, a song or the bones of a tale after two, a complete story word for word after three (Black 2001, xiv).

Má bhí an t‑amhrán ina mheabhair ag amhránaí maith agus fonn a bheith ar an dream óg é a thógáil uaidh, níorbh ionann sin is a rá go mbeadh fonn airsean é a ghabháil. Sa gcur síos a thug Colm Ó Caodháin ar Amhrán Tom Neansa, thug sé léiriú ar an ngean a bhí ag daoine ar amhránaí maith, ar chreistint an amhránaí gur aigesean a bhí an leagan ceart agus ar chlisteacht na n‑éisteoirí á mhealladh chun foinn:

Is minic a chuala mé m’athair á rá nach raibh aon áilleacht ariamh ach seanfhear de Chlainne Conraoi — Peaitsín Mháirtín Shéamais — ag rá an amhráin seo…

Chruinníodh na leaids isteach san oíche ag cuartaíocht insa teach a mbíodh sé ann ag súil le amhrán a fháilt uaidh. Oíche acu seo bhí slaghdán air agus thosaídís ag rá an amhráin seo, Tom Neansa, agus ag tosaí i lár an amhráin ag iarraidh é seo a speireadh agus thosaídís in áit eile san amhrán agus ar deire bhuaileadh speidhir é agus dheireadh sé, Dia sin dhá réiteach, a mhúirnín! (a mhúirnín, a d’abraíodh sé i gcónaí) mar gheall ar an mbail a bhídís ag cur ar an amhrán, agus thosaíodh sé fhéin dhá rá ansin dhóibh.

(CBÉ 1281: 204)

Cumadh amhráin eile ar dhá thaobh an pharóiste nach ngabhtaí ach i gcomhluadar ar leith. Má bhí aimhreas faoin leabhar, bhí aimhreas faoin bhfilidh freisin, fiú an filidh ba mhó gradam:

2 Ach anois, chomh fada agus ’ chuala mise, tá leabhar scríofa ceart go leór ar Raftaraí agus b’fhéidir nach bhfuil tugthaí anuas ach an rud maith. Ach d’úirt Raftaraí neart a bhí go dona chomh maith agus d’úirt sé an rud maith. (P) ’Sea.

2 Ach anois fághann ’chuile dhuine ina dhiaidh sin anseo agus ansiúd sa ’chuile thír maslaí ón bhfilí, nach bhfághann?

7 Ó deabhal lá ariamh nar rabh sé maslaíoch.7

Bailíodh beagán seanchais agus dreas filíochta faoi chrua-chaint a tharla idir filithe sa gcuid thoir den pharóiste ach ní léir gur cuireadh ceol leis ná gur casadh go poiblí é. Bhí riar maith den phobal nach dtaitníodh a leithéid leo. Feanntóir nó sciolladóir a thabharfaí ar a leithéid d’fhile agus cé go ndearna Raiftearaí, Marcas (1789–1846) agus Peatsaí (1791–1865) Ó Callanáin agus Colm de Bhailís (1796–1906) a ndóthain di, mar sin féin níorbh é an cineál é a mhair ar bhéal na ndaoine. Bhítí ag cumadh raiméiseacha beaga sa gceantar, mar sin féin, amhráin bheaga mhagúla a tharraingíodh achrann. Cé go gcastar cuid acu inniu mar amhráin bheaga mheidhreacha gan urchóid agus tionlacan ceoil curtha leo amanta, níorbh amhlaidh an cás tráth den tsaol:

2 Bhoil, ní óráin a thuganns siad ar go leór acub ach raiméiseachaí. Agus ansin, nuair ’ bhíodar díonta do dhaoiní eile a bhí istich i nDú‑Dhithir agus ar an athair a bhí a’msa ansin a buaileadh thall go b’é a rinne an t‑órán sin, agus ar ball, tharainn sé achrann agus rabhannaí agus… rúití buailte agus Micil a Búrc agus go leór acub sin ag gáirí fúthub. (P) Faoi na raiméiseachaí. (M) Faoi na raiméiseachaí agus faoin troid agus faoin bhualadh, mar sin é a bhíodar ag iarraidh a dhíonamh.

2 Ba é a spóirt bheith ag cuir daoine in árach a chéile. (P). ’Sea. (M) Agus taobh eile ag gáirí fúthub sin. (P) ’Sea.8

Bhíodh filíocht mhagúil á cumadh faoi na comharsana i gceantair eile freisin:

Bhí ár gcuid filíochta féin againn ins an teach. Filíocht fán chomharsain, mar a gcéanna. Bhíodh m’athair agus mo mháthair míshásta linn. Bhí sé tuigthe ag na seandaoine nár dheas an rud a bheith ag déanamh ceol magaidh. Shílfeadh muintir na háite gur drochrud a bhí ann, rud a bhí… agus níor mhaith leofa tú eala mhagaidh a dhéanamh díobhtha ar dhóigh ar bith agus sin an fáth go mbíodh mishásamh ar m’athair agus ar mo mháthair linn. Ach fá dheireadh, bhrisfeadh siad amach a gháirí. Bhí deireadh leis an mhíshásamh.

(Mac Corraidh 2010, 1)

Má cumadh amhráin le teann mísce nó le bheith ag saghdadh, cumadh cinn eile le leas a dhéanamh nó le brabach a bhaint amach. Ní ag Nuala Ní Uaithnín (c. 1843–c. 1901) amháin a bhí brabach ar an dá amhrán a chum sí ar bhád Sheáin Uí Lochlainn (c.1845–1925) ach ba é leas Choilm Uí Chaodháin iad a ghabháil mar go dtugadh an Lochlannach, úinéir ostán an Zetland ar an gCaiseal i gConamara, deoch in aisce dó ar feadh na mblianta go dtí gur cailleadh é.9

Ní sa teach amháin a ghabhtaí nó a thógtaí amhrán ach taobh amuigh den teach, ar an gcnoc, sna garrantaí nó sa gcladach mar a tuairiscíodh i gceantair eile.10 Thóg an Caodhánach Amhrán Tom Neansa ó Sheán Ó Caodháin, col ceathar lena athair agus iad i mbun oibre, ag déanamh ceilpe in éindí i nGlinsce (CBÉ 1281: 198–201). Ba mhinic a dhéanadh mo mháthair, Mairéad Sheáin Dhúdara Ó Cualáin (1915–2013), tagairt do Sheán Choilm Mac Donnchadha (1895–1968) agus don ghlór breá a bhíodh aige ar an bportach áit a mbíodh sé ag gabháil fhoinn ar feadh an lae. Bhí sé de nós aige freisin suí ar leic mhór taobh amuigh dá theach sa tráthnóna agus a bheith ag gabháil fhoinn in ard a ghutha. Bhí glór an-láidir aige agus fearacht amhránaithe eile mar é, b’fhéidir nárbh iontas dó an uaill bhreá a ligean taobh amuigh, gurbh fhearr a d’fheilfeadh sin dó féin agus do chomhluadar an tí!

Bhí mé ag éisteacht roinnt blianta ó shin le hÁine Bean Uí Laoi (1920–94) as Gaoth Dobhair, agus í ag gabháil an amhráin Is fada ó bhaile.11 Thug mé suntas dá glór agus don chéad líne, ‘Is fada ó bhaile a d’aithneochainn fhéin do shiúl’. Chuir sé scéal a d’inis Maidhcil Mháire an Ghabha Ó Ceannabháin (1937–2005) i gcuimhne dom faoi dhuine dá bhunadh a chuaigh siar don Aird as ceantar Chill Chiaráin. Hiúí an t‑ainm a bhí air. Bhí sé amuigh ag obair lá lena chomharsa agus d’aithnigh sé a dheartháir, a bhí seacht míle bóthair soir uaidh, ach níorbh í a chuid siúil a d’fhoilsigh dó cérbh é ach a ghlór: Nach breá an glór atá ag mo dheartháir thoir ar bharr na Binne Buí in Aill na Brón! a dúirt sé lena chomharsa. Rinne mé féin agus Maidhcil gáire faoin scéal agus faoin ngaisce a bhí ann. Tá aithne na muintire, an dáimh, an mórtas cine agus an gean a bhí ar an amhránaíocht in Iorras Aithneach léirithe i scéilín Mhaidhcil. D’fhéadfadh sé nach gaisce ná ealaín uilig é mar scéal ó tharla an t‑amhránaí a bheith ar bharr cnoic, tráth a raibh an saol i bhfad níos ciúine ná mar atá inniu agus gan aon chonstaic roimh an nglór. Tá tuairisc ar ghlór duine a bheith le cloisteáil achar níos faide ná sin:

Over water, or a surface of ice, sound is propagated with remarkable clearness and strength… Lieut. Foster, in the third Polar expedition of Capt. Parry, found that he could hold conversation with a man across the harbor of Port Bowen, a distance of six thousand six hundred and ninety-six feet, or about a mile and a quarter. This, however, falls short of what is asserted by Derham and Dr. Young, — viz., that at Gibraltar the human voice has been heard at the distance of ten miles, the distance across the strait.

(Bombaugh 1890, 179)

Ba bheag lucht éisteachta ná pobal éisteachta a theastaigh ó amhránaithe in Iorras Aithneach sa naoú céad déag mar a léirigh Colm Ó Caodháin do Shéamus Ennis, áit ar thug sé cur síos ar bheirt amhánaithe a bhí suite cois teallaigh, chaon duine acu ina theach féin, agus ar ghabh siad a gcuid amhrán go gcuirfidís cruatan agus sclábhaíocht an lae amach as a gcreatacha ar feadh ala bhig.12 Tháinig athrú mór ar an saol sin le himeacht aimsire. Bhí an fhonnadóireacht cois teallaigh ar an dé deiridh agus mise ag éirí aníos sna seascaidí, i dteach an óil a théití lá aonaigh agus lá pátrúin an uair úd áit ar dhona an bhail a chuireadh an t‑ól ar dhream nár chleacht é, gan trácht ar an mbail a chuirtí ar na hamhráin. Ba mhór idir an ghabháil a thugtaí ar amhrán i dteach an óil agus a thugtaí cois teallaigh, agus níorbh ionann an éisteacht a thugtaí ach oiread. Mar sin féin, is iomaí amhrán breá a deirtí i dtithe tábhairne ar leith nuair a bhíodh comhluadar beag istigh agus iad ar a gcéill.

Le bunú Raidió na Gaeltachta sa bhliain 1972, agus leis an mborradh a tháinig faoi fhoilsiú ceirníní agus faoi thaifeadtaí fuaime ó na seachtóidí i leith, bhain daoine leas as na deiseanna nua le hamhráin a thógáil nó a fhoghlaim. An dream a chleacht amhráin a thógáil ó bhéal go cluais cois teallaigh, d’fhéadadar sin a dhéanamh anois ón gceirnín, ón gcaiséad, ón dlúthdhiosca nó ón raidió. Léiríonn an t‑éileamh ar leabhráin a chuirtear ar fáil i dteannta na ndlúthdhioscaí, mar aon leis na ranganna amhránaíochta don dream óg, go gcaithfear an tsúil chomh maith leis an gcluais a oibriú feasta i bhfoghlaim na n‑amhrán. Tháinig borradh faoi na comórtais agus faoin amhránaíocht ardáin le deich mbliana fichead anuas. Is í gné an tsiombalachais, bronnadh gradaim agus duaiseanna is mó atá i dtreis anois fearacht pobail eile a mbíonn a dteanga agus a gcultúr faoi bhrú ón taobh amuigh. I saol an lae inniu, cé is moite de chorrchás fánach, is fada ón teallach a ghabhtar na hamhráin.

Is mór idir an amhránaíocht cois teallaigh agus an bealach a n‑éilítear ar fhonnadóir amhrán a rá inniu, bíodh sin ar stáitse nó i gcomórtas, mar a mbíonn an bhéim ar nithe seachtracha, áit ar mó i gceist ‘léiriú’ a thabhairt ar an ‘sean-nós’ seachas amhrán a ghabháil. I saol seo na teilifíse, na gceamaraí agus an spotsholais is minic nach bhfágtar spré amhairc ag amhránaithe ó tharla gurb é an géarsholas dalltach seachas an ceann cneasta séimh a chuirtear os a gcomhair, sa gcaoi is gur ag caraíocht le lucht soilse, lucht fuaime agus taifeadta a bhítear go minic. Dúshlán ann féin amhrán a ghabháil i gcomhluadar ar bith, ach i saol na linne seo is minic gur mó d’ualach ná de bhalsam an t‑amhrán ‘sean-nóis’. Ní móide go bhfillfear go brách ar shaol an airneáin ná ar a mhacasamhail, ach mar sin féin, ó tharla an ráig mhór de chultúr an taifeadta, na híomhá agus an léirithe a bheith ionann is curtha dínn againn in Éirinn, d’fhónfadh sé don dream ar spéis leo saibhreas na teanga agus na hamhránaíochta filleadh ar a leithéid ó am go ham, ar an solas tláith agus ar an gcomhluadar beag, cuideachtúil, cruthaitheach ag baile.

Foilsíodh dréacht den alt seo cheana in Sealbhú an Traidisiúin (2013), eag. Niamh ní Shiadhail, Meidhbhín Ní Úrdail, Ríonach uí Ógáin (Baile Átha Cliath: Comhairle Bhéaloideas Éireann, 2013), lgh. 71–80.

Gabhaimid buíochas leis an údar, leis na heagarthóirí agus leis na foilsitheoirí as cead a thabhairt dúinn é a chur ar fáil anseo.

Nótaí

  1. Féach Cín Lae Mhic Coisdeala, i gCnuasach Bhéaloideas Éireann, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (CBÉ 732: 139–48); Ó Searcaigh (1976, 18–25); Mac Síthigh (1984, 115–31). Is le caoinchead Stiúrthóir Chnuasach Bhéaloideas Éireann atá ábhar ón gCnuasach á fhoilsiú san aiste seo.
  2. De réir mo chuimhne, is mar seo a labhair sé air féin tráthnóna a ndeachas chuige go bhfaighinn eolas uaidh ar a uncail, Éamon a Búrc, i samhradh na bliana 1982.
  3. Clár dar teideal Sin Mar a Bhí a rinne Seosamh Ó Cuaig do Raidió na Gaeltachta (22 Meitheamh, 1973).
  4. Bean ar lorg dáin in Mac Giollarnáth (1941, 314–15). Ba é Micheál Mhac Dhonnchadha, Roisín na Mainiach, Carna, a thug an seanchas seo do Mhac Giollarnáth.
  5. Le caoinchead chartlann scripteanna Raidió Teilifís Éireann. Tá leagan de Amhrán Mháire Ní Mhongáin mar aon le heolas faoi ag Ó Máille (1912, 112–14, 187–8) agus ag Ó Concheanainn (1978, 22-3, 82).
  6. Ó Cadhain (1948, 142–59).
  7. Hartmann, de Bhaldraithe, Ó hUiginn (1996, 247); seasann na huimhreacha 2 agus 7, agus an litir idir lúibíní anseo agus sa sliocht ina dhiaidh seo do chainteoirí éagsúla.
  8. Hartmann, de Bhaldraithe, Ó hUiginn (1996, 223).
  9. Tá cuntas gearr agam ar Nuala Ní Uaithnín agus ar fhilithe eile in Iorras Aithneach (2011). Colm Ó Caodháin féin a d’aithris do Mhac Dara Ó Loideáin, Maíros, faoi chórtas an Lochlannaigh sa Zetland.
  10. Mac Síthigh (1984, 129–30).
  11. Cuimhní Ceoil (CIC 077).
  12. Ó Ceannabháin (2011, 165).

Foinsí

  • Black, Ronald, 2001: An Lasair: anthology of 18th century Scottish Gaelic verse. Edinburgh.
  • Bombaugh, Charles Carroll, 1890: Gleanings for the curious from the harvest-fields of literature. Philadelphia.
  • CBÉ: Cnuasach Bhéaloideas Éireann.
  • Hartmann, Hans, de Bhaldraithe, Tomás, Ó hUiginn, Ruairí Ó hUiginn, 1996: Airneán: eine Sammlung von Texten aus Carna, Co. na Gaillimhe. Tübingen.
  • Karpf, Anne, 2006: The human voice. London.
  • Mac Corraidh, Seán, 2010: Seán Bán Mac Grianna, scéalta agus amhráin. Baile Átha Cliath.
  • Mac Giollarnáth, Seán, 1941: Annála beaga ó Iorrus Aithneach. Baile Átha Cliath.
  • Mac Síthigh, Tomás, 1984: Paróiste an Fheirtéaraigh. Stairsheanchas an cheantair i dtréimhse an Ghorta Mhóir. Baile Átha Cliath.
  • Ó Cadhain, Máirtín, 1948: An braon broghach. Baile Átha Cliath.
  • Ó Ceannabháin, Peadar, 2011: An samhradh sa bhfuacht idir Nollaig is Cáisc: spléachadh ar fhilithe in Iorras Aithneach san 19ú céad in Bliainiris 10, eag. Ruairí Ó hUiginn, Liam Mac Cóil. Maigh Nuad.147–68.
  • Ó Ciosáin, Éamon, 1993: An t‑Éireannach 1934–1937: páipéar sóisialach Gaeltachta. Baile Átha Cliath.
  • Ó Concheanainn, Tomás, 1978: Nua-Dhuanaire. Cuid III. Baile Átha Cliath.
  • Ó Máille, Micheál, Ó Máille, Tomás, 19912: Amhráin chlainne Gael. Indreabhán.
  • Ó Searcaigh, Ióseph, 1976: Ceoltaí agus seanchas le Seaghán Bán Mac Grianna. Rann na Feirste.
  • Uí Laoi, Áine, 1992: Cuimhní Ceoil, CIC 077. Indreabhán.
  • uí Ógáin, Ríonach, 2002: Is í an fhilíocht anam an cheoil: Sorcha Ní Ghuairim, Amhránaí Roisín na Mainiach in Bliainiris 2002, eag. Ruairí Ó hUiginn, Liam Mac Cóil. Maigh Nuad. 84–107.