‘Ba í an Samhradh sa bhFuacht í idir Nollaig is Cáisc’: Spléachadh ar Fhilí Pobail in Iorras Aithneach san 19ú Céad

le Peadar Ó Ceannabháin

Bhí traidisiún na filíochta béil agus na hamhránaíochta an-láidir in Iorras Aithneach le fada an lá gan trácht ar an scéalaíocht ná ar an seanchas.1 Is léir óna hamhráin a chastaí san áit go raibh eolas ag cuid de mhuintir an cheantair ar scoth na filíochta ón 17ú agus ón 18ú céad: bhí na hamhráin mhóra grá ag fonnadóirí áithrid sa bpobal, An Caisideach Bán, Úna Bhán, Dónall Óg agus cuimse amhrán eile a tháinig isteach, as Connacht agus as cúigí eile. Bhí leagan de Sheachrán Chearbhaill píosa cumadóireachta ón 17ú céad, a bhfuil meascán den fhilíocht agus den phrós ann, ar eolas ag amhránaithe agus ag seanchaithe sa bpobal freisin.2 Bhí an-lear amhránaithe sa bpobal, ní atá amhlaidh fós. Bhí eolas ar amhráin Raiftearaí agus an-tóir orthu. Níorbh iad na hamhráin amháin a shantaigh daoine ach an fhilíocht agus ceol na cainte a bhí sa bhfilíocht. Bhí Cúirt an Mheán Oíche á haithris in Iorras Aithneach sna 1930dí. Anuas go dtí le gairid bhíodh Cóilín Ó Cualáin, an seanchaí as Maíros, agus Máirtín Ó Cosgardha as an Leathmhás ag ársú píosaí filíochta, píosaí de Sheanchas na Sceiche, mar shampla, agus de Bhainis an tS’leacháin Mhóir.3 Rinne Máirtín cur síos dom uair ar an tóir a bhíodh ar fhilíocht in Iorras Aithneach. Lá aonaigh, a dúirt sé, sna caogaidí, ní chaití achar ar bith leis an aonach agus is é an chaoi a dtéidís isteach i dteach eicínt mar a mbíodh caint, seanchas agus ársú filíochta ar bun acu. Is léir go raibh tóir ar Bhainis an tS’leacháin Mhóir sa gceard thoir den pharáiste freisin mar gur cumadh amhráin ar an ábhar céanna in Aill na Brón sna 1940dí cé nach bhfuil an saibhreas céanna teanga ná filíochta iontu agus a bhí i ndán Raiftearaí.4

Bhí filithe eile níos gaire do bhaile ná Raiftearaí a chuaigh i gcion ar fhilithe an cheantair. Fearacht Raiftearaí filithe fáin a bhí i gcuid mhaith acu sa dara leath den 18ú céad agus sa gcéad leath den 19ú céad, iad ag fálróid ó áit go háit agus gan de lón acu go minic ach an fhilíocht, an chaint agus comhar na gcomharsan. B’as Áth an Choirce, gar do Chonga, é Micheál Mac Suibhne (c.1760) ach chaith sé roinnt mhaith dá shaol i dtuaisceart Chonamara. Ar an bhFaiche siar ón gClochán a cailleadh é c.1820.5

Bhí beirt fhilithe in Inis Ní, Labhcás ’ac Cumhaill (Mac Dúill) agus a mhac Féilim. Ar an taobh ó dheas de chuan Chill Chiaráin ba é Colm a Bhailís an filidh ba mhó a raibh cáil air. Bhí dáimh aige siúd, is cosúil, le beirt fhilithe as Iorras Aithneach, Micil Ó Clochartaigh, as Maínis ó dhúchas, agus Seán Ó Guairim as Leitir Ard.

Maidir le hIorras Aithneach, is beag baile fearainn ó Dhoire Iorrais go Dumhaigh Ithir nár cumadh amhrán nó filíocht de chineál eicínt ann. Bhíodh filithe ag cumadh as a stuaim féin, agus bhídís ag obair as láimh a chéile scaití. Bhí cuid acu geanúil ar a chéile ach ba mhinic iad ag sciolladh agus ag leádóireacht ar a chéile freisin.

D’éirigh crua-chaint agus déanamh amhrán idir fear de Chúgach in Aill na Brón agus Micheál Ó Conchúir i gCoill Sáile. Bhí filidh eile, Ceannabhánach as Seanadh Cheallaigh ar an mBantrach Ard, luaite leis an achrann freisin.6 Díríonn an Conchúrach i dtosach ar shinsearacht agus ar bhunadh an Chúgaigh, nós coitianta i measc fhilithe an ama, agus deir sé go mb’iontach leis go bhféadfadh an Cúgach labhairt dána.

Mar seo a labhair an Conchúrach i gceathrú amháin den amhrán:

Do dhuine beag gan éifeacht ’ fríothadh i ngleanntán sléibhe,
bean a bhí ag tóraíocht chaorach a fuair ann thú,
thug sí abhaile chuici fhéin chomh lag le éinín gé thú
gur thóig sí thú le braonachaí beag anraith,
níl fhios cén fhréamh thú ach gur baisteadh Cúg an tSléibh’ ort
is nach iontach liom gur féidir leat labhairt dána.

Déanann sé tuilleadh sciolladh air ansin mar ba nós le Raiftearaí agus leis na Callanáin, ag cur bochtanais agus míshlachta ina leith:

Cáid ó chleacht tú an ní sin, a chineál fead i bhfaocha,
bhí paidir a’d is tú ag iarraidh do dhéirce,
a shúile cait ’ fuair míle agus seacht mallacht ó do mhuintir
is geall le muineál caol na corr éisc thú.

Chuadar ag feannadh ar a chéile faoi chúrsaí ban agus nuair a chinn ar an gCúgach ar deireadh d’iarr sé cúnamh ar an gCeannabhánach. Bhí tuiscint ag an gConchúrach ar chúrsaí troda agus eadrascána agus sula bhfaigheadh an Ceannabhánach deis aon cheathrú a chumadh chuir an Conchúrach ceathrú siar chuige á mholadh.

Séamas Táilliúr a thugtaí ar an gCeannabhánach:

Scríobhfaidh mise véarsa go Seanadh Cheallaigh ag Séamas
mar is file é atá tréitheach ó nádúr,
bhfuil gnaoi agus gean Mhic Dé air ó tháinig sé ar an saol seo
mar baisteadh é gan aon locht i bParthas.
A shamhail siúd ar aon chor níor rugadh agus ní béarfar
ar flatha, ar féile is ar feartas,
ach a scoth na fola is uaisle a bhfuil ceart agat bheith uaibhreach
stop feasta agus tabhair dhomsa mo phardún.

(CBÉ 850, 140–42)

De réir an tseanchais chuir Séamas Ó Conchúir, Árainn, deireadh leis an achrann nuair a bhagair sé go scuabfadh sé na filithe le haor mura n‑éireoidís as a gcuid sciolladóireachta.

Cé go mbíodh filithe in árach a chéile ba ceanach le filithe eile a dhul ag obair as lámha a chéile. Chumadh beirt, triúr nó ceathrar amantaí amhráin i dteannta a chéile in Iorras Aithneach sna 1930dí. Amhráin mhagúla nó leathmhagúla is mó a bhí iontu, amhráin a chastaí san áit nach gcaithfeadh an t‑amhránaí a bheith airdeallach ar a mbeadh i láthair.

Ba é Micheál Mharcuis Ó Cualáin as Maínis an filidh ba mhó a chuaigh i bhfeidhm ar an bpobal in iarthar agus in iarthuaisceart Chonamara sa gcéad leath den 19ú céad. Bhíodh sé féin ag taisteal ó áit go háit. Tá an t‑oileán Máisean, An Aird, Leitir Ard, Roisín na Mainiach agus Iorras Mór luaite leis. Ceoltóir a bhí ann chomh maith le bheith ina fhilidh. Phós sé agus bhí beirt mhac aige. Bhí céim bhacaíle ann, ní a ndéanann sé tagairt dó ina chuid filíochta.7 Dúradh sa seanchas gur cailleadh in 1848 é.

Is mór idir teanntás Mhichíl Mharcuis agus seasamh na bhfilithe a mhair i ndiaidh an ghorta. Tuigeann an Cualánach go bhfuil cead cainte ag an bhfilidh, go n‑éilíonn a bhua cainte agus filíochta éisteacht agus go bhfuil aitheantas, féile agus carthanas dlite dó. Rinne sé cineálacha éagsúla amhrán, idir amhráin grá, amhráin bhuartha, amhráin ghrinn, agus aortha.

Fearacht filithe eile an ama bhí Micheál Mharcuis in ann faobhar a chur ar a theanga. Rinne filidh a bhí in Iorras Mór amhrán inar cháin sé daoine a bhain do Mhicheál Mharcuis agus chuir an Cualánach scéala siar chuige an t‑amhrán a athrú, nó nach mbeadh sé buíoch. Nuair nár athraigh an fear thiar an t‑amhrán lig Micheál Mharcuis faobhar a theanga air i bhfoirm filíochta agus d’fheann go fíochmhar é faoina chuid bochtanais agus easpa léinn. Muigín an leasainm a bhí ar fhear Iorrais Mhóir:

A mhuigín marbhfháisc ort
le éag is áth agus ascar ort,
fuath agus creathadh is gráin ort
is gan aon orlach slán a bheith in do chroí!
is tú aiseag na seanchránach
nach bhfuair a sáith le n‑ithe riamh,
agus níor mhór dhuit tuilleadh léinn
sula ngabhfá ag plé le fir(e) fial.

(CBÉ 1280, 742–43)8

Rinne sé aor eile nach bhfuil an ghangaid chéanna ann a dtugtar‚ Amhrán na nGaibhne air. Comharsanaigh leis ab ea na Gaibhne a ndeachaigh sé chucu ag iarraidh iasacht láí orthu agus is maith cantalach a bhí sé gur eitíodar é. Níl an sciolladh céanna san amhrán seo ach cuireann sé a mhíshástacht in iúl, é á moladh agus á gcáineadh in éineacht.

Shoraidh dhíbhse a ghaibhne, nach sibh a chruthaigh go cladhartha
agus mé a eiteachtáil faoi thaibhse dhe láí!
is gur feasach mise daoiní a mbeadh an buidéal acu líonta
nuair a thiocfadh fear an tsiamsa ina láthair.

Is léir go raibh meas orthu sa bpobal agus nár mhaith leis a bheith rócháinteach ina leith:

Shíl mise dhe dhaoine ’ bhí macánta ina n‑intinn,
tuisceanach, deas, maoraithe, ciúin fáilthí
nach bhfuilngeoidís choidhchin mo chuid leasuithe a bheith millte
ag muca agus ag caoirigh dhá phrácáil!

(CBÉ 1281, 78–9)

Thaithnigh le daoine go mbeifí in ann amhrán a chumadh as a seasamh. Is ó Cholm Ó Caodháin a thóg Séamus Ennis an t‑amhrán thuas. Bhíodh an ealaín chéanna, ag cumadh amhráin ar an toirt, ar bun ag Colm féin. Chum sé dhá amhrán faoin éideafón. Rinne an bailitheoir cur síos ar an gcaoi ar chum sé an dara ceann, samhradh na bliana 1944:

Lá dhá dtug mé liom an Ediphone as tigh Choilm d’iompair sé amach dhom é go dtí mo rothar. Mar a hinsíodh i gcúpla caint eile a bhreacas cheana, bhíodh sé ag ligean air go mba seanfhear é an Ediphone a bhí ag tíocht chuige — mo dhalta fhéin — ag piocadh suas cainteannaí uaidh. Thosaigh sé ag cumadóireacht ag baint gháirí asamsa is muid ag tíocht amach is eisean ag iompar an Ediphone. Mar seo:

Tá seanfhear insa tír seo a tháinig ó Bhleá Cliath chugam,
tá sé agam le naoi n‑oíche, ag déanamh súgradh agus greann,
agus cá bhfuil aon dán ná píosa a ndéanfaidh mé cur síos air
nach dtóigfidh sé ina chuimhne, go cruinn istigh ina cheann!
ní áirím seaniontais — nuair a thosaímse ag góil fhoinn dhó
gabhfaidh sé ar ais aríst dom é gan lúb síos ar bith ann,
nár laga Críost an Rí é! is é an seanfheairín atá gnaíúil,
a bhfuil a leathchluais fhada sínte le bheith foghlaim na ndán!

(CBÉ, 1281:382–3)

Ní drochphíosa cumadóireachta é ag fear a bhí ag iompar éideafóin!9

Rinne an Caodhánach cur síos ar phíosa dá leithéid a chum Labhcás ’ac Cumhaill as a sheasamh in Inis Ní san 19ú céad, áit ar cheistigh an sagart é faoin mbáisteach anuas a bheith ina theach.

Mar seo a d’fhreagair sé an sagart:

Ag fágáil Chois Dreamhair dom i bhfíordheireadh oíche
 bhí an ghealach ina suí ’gus bhí brat ar a scáth,
go dtéinn chun na moinge ag baint sláimín cíbe
 a chuirfeadh dom díon ar an teach a mbínn ann.
Ag Droichead Ros Geal bhain spaspas an tsaoil dom,
 le dualgas na ndaoine mar bhídís san áit,
gur ag sean-ndaoine a chloisinnse tada (?) nár bhaol duit
 ach an coileach a bheith ’ blaoch i gcionn tamall dhen lá.

As ucht Rí na bhflaitheas ’sea scread mé ar dtús air
 faoi aisíoc na hionnlach is in ainm Mhic Dé,
gan é a thíocht ní ba goire dhom, a dhochar dhom diúltú
 go bhfeicinn a ghnúis nó go mbeadh fhios agam cé hé,
shuigh sé le m’ais ansin gur chaith sé dhe an brat gruama
 ’gus bhreathnaigh sé dhomsa mar dhuine againn fhéin
ach bhí mé dá theagasc mar ghehe sibh cuntas
 gur imigh sé ar siúl uaim i gcionn tamall dhen ghréin.10

B’amhránaí é Colm Ó Caodháin a chuir an-spéis i bhfilithe an cheantair agus is léir go raibh tuiscint aige ar an riocht ina rabhadar sa 19ú céad. Dúirt sé uair eile faoin amhrán seo gurb é an chaoi a raibh an filidh, ag tabhairt leithscéil dhon tsagart, ag rá gur cheap sé gur casadh taibhsí leis ar maidin agus é ag goil ag tóraíocht dín le haghaidh an tí (CBÉ 1281, 57–8).

Tugann Mac Cumhaill aisfhreagra ar an sagart i dteanga dhébhríoch dhoiléir, ag tabhairt a dhúshláin agus á shárú le dea-chaint. Más ag trácht ar thaibhsí a bhí sé, mar a thuig an t‑amhránaí, is cinnte nach dtaithneodh a leithéid d’ábhar cainte leis an sagart. Dá bhoichte é saol an fhilidh bhí sé de ghus ann freagra a thabhairt i bhfoirm véarsaíochta ar an té ba cheannasaí sa bpobal Caitliceach ag an am. Ba í an fhilíocht an t‑aon díon a bhí aige ar an mbraon anuas agus ar an drochaimsir. Dídean ón gcruatan a tharraing dea-chaint den chineál céanna in agallamh idir Labhcás ’ac Cumhaill agus a mhac Féilim san amhrán, Muilleoir Tréitheach an Átha Leacrach. Tráthúil go leor is é an t‑athair a dhéanann caidéis don bhail atá ar theach a mhic sa gcás seo agus is i bhfoirm véarsaíochta a dhéantar an chaint:

An gcuala sibh caint ar an teach údan a rinne Féilim
muilleoir tréitheach an Átha Leacrach,
ar bhord na locha i ngleanntán sléibhe
a raibh na bric ag léimreach roimh fhear an bhealaigh ann?
Níl aon ghaoithe dár shéid as aer
ná raibh ’ cur taorú orm thrí na ballaí,
is go raibh thugad! thugad! ag na maidí gréine
le héirí lae isteach ar fud na leapa ann.

D’fhreagair an mac ansin é is chaith sé uaidh an tlú:

Más muilleoir mise níor thug mé téarma
is níor ghnás liom fhéin a bheith ag plé le deannach!
ach ar chúrsaí filithe, bíonn siad tréitheach,
ar bheagán téisclim in aimsir graithe!
Is iomdha buachaillín lúfar spéiriúil
a chuaigh le bliain thríd an Áth Leacrach
is ní bhfuair mé aon tseanchas ar na maidí gréine
go dtí an mhaidin chéanna seo le dtáinig m’athair!

(CBÉ 1281, 55–6)11

Chum Micheál Mharcuis an t‑amhrán buartha, Peaitsín ’ac Ceallacháin.12 Fear a bhí thall i gCo. an Chláir a raibh bád mór aige agus bhí a mhac ag obair leis an mbád, ag rith lucht soir is lucht siar. Nuair a bhí an mac ag tíocht anall le lucht oistrí bádh é féin agus an bád agus chuir Peaitsín fios ar Mhicheál Mharcuis Ó Cualáin go ndéanfadh sé amhrán buartha faoina mhac. Is iontach nach ar mhná caointe a chuir Peaitsín fios, gur chuir sé fios go speisialta ar an bhfilidh agus go raibh an nós sin fós á chleachtadh san 19ú céad:

Aithrisfidh mé scéal daoibh agus faraor géar ní bréag é
is níl fear ar bith dhá thréine nach mbeidh ag claonsileadh deor,
Ceallachair an tréanfhear a bhí múinte stuama céilithe deas
ar imigh a mhac is a bhád uaidh is gan fáirnis orthu faoi.
Cérbh ionadh ar bith an léan a thíocht ar lánúin ar bith in Éirinn
a d’oil insan inmhe chéanna é gan a thíocht ar ais go deo,
is é dhá phlúchadh agus dhá phréachadh is é ag screadach ar a ghaolta
is a cholainn deas dhá réabadh ar chladaí géara an talamh ó thuaidh.

A Pheaitsín breith agus bua dhuit agus beannaíocht in aghaidh an tslua dhuit
breis gifte in aghaidh do bhuairimh dhuit agus fuascailt ins gach gábh
mar ba tusa a cheannaigh an chónra do do leanbh as tús a óige
is mo chreach mhaidne is mo bhrón ní dóite a bhí na cláir.
Badh eo’d é féin an leonán deas dhe thogha na bhfear ar fónamh
a tóigeadh le scoil is le foghlaim nó gur ruaigeadh é le fán,
tá na heascannaí dhá stróiceadh is ag gearradh a chuid feola
is na portáin ag déanamh lóistín is teach cónaí istigh ina cheann.

(CBÉ 1281, 210–11)13

Tá saintréithe an chaointe léirithe go breá anseo ag Micheál Mharcuis: laochas an fhir óig, an oiliúint ghrámhar óna mhuintir, uafás an bháis, tuiscint an fhile ar chrá croí, ar fhearg agus ar bhuaireamh intinne an té atá faoi bhrón gan trácht ar an truamhéil a ghabhann le bás anabaí.

Tá leagan den amhrán Loch na Ní i leabhar Uí Fhotharta.14 Micheál Mharcuis atá luaite aige leis agus deir sé gur leathbealaigh idir Cnoc an Dúin agus Ceann Léime a bhí Loch na Ní ach nach raibh aon amharc uirthi níos mó ó tharla í a bheith líonta ag gaineamh séidte. Síleann Robinson gur éirigh leis féin an loch a aimsiú i mBaile Conaola san áit a bhfuil Club Gailf Chonamara anois.15 Déanann Micheál Mharcuis tagairt dá chuid bacaíle san amhrán nuair a deir sé go raibh sé ar easpa ball. Tá leagan den amhrán le fáil ar cheirnín Mháire Áine Ní Dhonncha, Deora Aille, agus is fiú go mór éisteacht leis.16 Bailíodh an t‑amhrán ó Sheán Ó Gaora in Aill na Brón i 1942:

Tráthnóinín deireanach is mé siúl liom péin
is mé ag déanamh ar éadain Loch na Ní
mo ghruaig fré chéile gur sheas dhe léim
le eagla ghéar is gan fios cé faoi.
Las na réaltaí ar gach taobh dhíom
is fuair mé léargas beag ar mhnaoi,
is gur le saighead glan géar a loit sí mé
agus d’fhága sí léas dubh ar mo chroí.

Smaoineamh eile a tháinig thríomsa
beannú arís don ógmhnaoi bhreá,
nó go céard a chas í i mo líon
an tráth sin d’oíche is uaigneas ann.
Teann liom anall agus dearc go grinn mé
is mise an fhaoileann óg ón nGréig,
is nach ait an ní le dtug mé gnaoi dhó
meabhair do chinn is glór do bhéil.

(CBÉ 1280,110–12)

Filidh eile ar mhair a cháil in Iorras Aithneach ab ea Seán Ó Guairim. Bádóir a bhí ann a dtugtaí Jeaic nó Seán Bacach mar leasainm air. Fearacht go leor filithe bhí cáil na habarthachta ar an nGuairimeach. Leagtar an t‑amhrán Souphouse Mhaírois, faoin teach anraith a bhí i Maíros aimsir an Ghorta Mhóir, ar Sheán Ó Guairim.17 Tugtar léiriú san amhrán ar an uafás a bhain leis an ngorta. Níl an filidh milleánach ar dhuine ar bith ach léiríonn sé an mírath a cuireadh ar dhaoine agus an drochbhail a chuir lagar ocrais orthu:

Níl duine ar bith sách láidir
ag an ocras thar aon lá amháin ar bith
mar caolaíonn sé na cnámhannaí
agus leagann sé an fheoil,
is troime é ná Binn Éadain —
bhain sceitsín beag liom péin de,
scaip sé mo mheabhair is mo réasún
agus chuir sé néall i mo cheann.

I dteannta an ocrais agus an anó lean achrann agus easaontas an gorta céanna:

A Chríost nár mhór an t‑éagnach
nó gur éirigh an lasair léanach seo
gur thréig na gaoil a chéile
is gur cuireadh céad fear maith ar an tsráid.

(CBÉ 1281, 183–5).18

Amhrán eile a bhain leis an ngorta nach gcastaí go poiblí go dtí le deireanas is ea Johnny Seoighe. Tá beirt fhilithe ar a laghad luaite leis an amhrán seo, Micheál Mharcuis Ó Cualáin agus Tomás Shiúnach. Dá ngéillfeadh duine d’fhianaise an amhráin féin, thabharfadh sí le fios nárbh é Micheál Mharcuis a chum é mar gur cailleadh eisean in 1848 agus go raibh a chlann tóigthe faoin am sin:

Agus lá arna mháireach fuair mé an páipéar
is nach mé a bhí sásta is ghabh mé chun siúil,
is ní bhfuair mé freagra ar bith an lá sin ach mé fhéin is mo pháistí, amuigh faoin drúcht.

(Colm Ó Caodháin, RTECD185)19

Ba é an Guairimeach a chum Mná Bána Sheáin Uí Bhriain. Amhrán molta ar iníonacha Sheáin Uí Bhriain a chuir fáilte roimhe agus a chaith go fial flaithiúil leis nuair a tháinig sé ar cuairt chucu i Mainís. San am ar mhair daoine ar an nganntan bhí meas agus gean ar an ngnaíúlacht, ar chomhar na gcomharsan agus ar an té a bhí fiúntach:

Níor mhaith liomsa tada a rá le mná bána Sheáin Uí Bhriain
mar bhí díol mac oidhre dúthaí iontu le stuaim is le ciall,
feaimilí glan fiúntach a raibh rud acu ariamh
uachtar, im is leamhnacht is é le fáil go fairsing fial.

Dá gcuirtí bád le fána lá gála gaoithe aniar
ba gearr uaidh bia agus anlann ’ fháil in áras Sheáin Uí Bhriain,
ba agus caoirigh bána agus airgead dá riar
is níor mhór liom togha na háite do mhná bána Sheáin Uí Bhriain.

(CBÉ 74, 316–17)20

San amhrán Cill Rónáin nochtaíonn sé contúirt na farraige agus na seoltóireachta, lá a mb’éigean dó a dhul i dtír i gCill Rónáin mar nach raibh sé in araíocht a bheith ar farraige. Tá sé buíoch beannachtach go dtáinig sé slán agus den fháilte a cuireadh roimhe in Árainn. Tá an t‑athrú saoil, athrú a bhí ar thoib a theacht, á thuar aige freisin:

Lá dhár sheol mé le Inis Meáin soir
d’éirigh an gála agus d’athraigh an ghaoth,
chroch an fharraige ina mealla bána
is chuile cheann díobh chomh hard le maidhm.

Bhí dóchas láidir as Rí na nGrásta agam
is ar Mhuire Mháthair is ea lig mé glao,
ach ó chaith mé an barra isteach bhí m’anam sábháilte,
bhí fáilte mhór romham do mo thabhairt chun tí.

Ar chéibh Chill Rónáin tá na fir is fiúntaí
atá faoin Eoraip uilig le fáil,
déanfar battery agus baile mór ann,
beidh inside port ann le haghaidh long agus bád.21

Chuaigh Seán Bacach i gcion ar amhránaithe agus ar fhilithe a tháinig ina dhiaidh. Sa gceathrú deiridh d’Amhrán an Chapaill a chum Seán Cheoinín, dúirt sé:

Is dhá maireadh Jeaic Bacach Ó Guairim,
 Bheadh an t‑amhrán seacht n‑uaire níos fearr,
Ach le easpa an tseanachais fhada,
 Rith mise na ceathrúnaí gearr.22

In Inis Ní a chaith Nuala Ní Uaithnín cuid dá saol ach gur chónaigh sí riar blianta ar an Oileán Gorm i gCuan an Chaisil. Bean a raibh an-eolas aici ar chúrsaí farraige agus bádóireachta ab ea í. Bhíodh sí féin siúlach, is cosúil, agus ba mhinic í in Iorras Aithneach. Bhain bunáite na n‑amhrán a chum sí le báid agus le cúrsaí farraige. Níorbh ise an t‑aon bhean a bhí ag déanamh amhrán sa taobh sin tíre. Bhí iníon deirfíre le Seán Bacach Ó Guairim, a chuaigh go Meiriceá, Sadhbh Sheáin Phádhraic ina filidh freisin. Chum Máire Ní Mhongáin caoineadh cráite faoin a clann mhac a d’imigh uaithi agus, ar ndóigh, castar Amhrán Mháire Ní ChlochartaighAmhrán Mhaínse go fóill i gConamara. Ní hé an oiread sin mílte farraige uathu sin a bhí filithe mná na Trá Báine, Bríd Ní Mháille agus Mary Mháire Sheáinín Uí Chonghaile.

Bhíodh mná eile ag rannaireacht agus ag cur ceathrúnaí breise in amhráin. Bhí bean ar an Aird Mhóir a bhí pósta ag táilliúr, Tomáisín Bán Ó Donnchú, agus is maith a thuig sí cúrsaí bolscaireachta mar gur chuir sí leathcheathrú isteach san Abhainn Mhór áit ar mhol sí a fear agus í ag áiteamh gurb eisean a chuirfeadh caoi ar an gcóta mór stróicthe atá luaite san amhrán.

Casann fonnadóirí an leathcheathrú sin sa gceantar go fóill:

Tá mo chóta mór stróicthí ó Dhomhnach is é ag sileadh liom síos,
tá táilliúr glan cóir san Aird Mhóir mar tá Tomáisín Bán
agus cuirfidh sé green veilbhitín air is beilt faoina lár.

Rinne Nuala Ní Uaithnín dhá amhrán ag moladh dhá bhád éagsúla a bhí ag Seán Ó Lochlainn, fear graithe ar an gCaiseal i gConamara. Tá rian de nós na patrúnachta le brath ar an ngaol a bhí idir í féin agus an Lochlannach. Rinne sí amhráin mholta le súil is go bhfaigheadh sí síneadh láimhe uaidh agus is léir go raibh sé an-bhuíoch de agus go gcuirfeadh sé chuile ní dá fheabhas chuici faoin Nollaig. Bhí brabach aicise de bharr na n‑amhrán agus, ar ndóigh, ba leas dósan agus dá chuid graithe na hamhráin mholta chéanna:

Ar an gCaiseal atá an bád pléisiúir is breátha atá sna réigiúin
agus molaimse an sway lena máistir,
mar is é togha na bhfear ar fónamh é, cé hionadh é a bheith ina ghiúistís
agus nach iomdha fear ag súil lena phardún.
Nuair a fheicfeas muid dul síos í Cuan na Beirtrí Buí
beidh bratachaí againn roimpi is tinte cnámha,
is ní fágfar aon chraobh caorthainn ó Choill Uaigh na Críche
nach mbeidh ag lads an bhaile ag déanamh joy dhi.

(CBÉ 1311, 460–63)23

Bhí féith an ghrinn i Nuala Thomáis Thuathail freisin. Chum sí amhrán faoi fhear nach raibh an t‑airgead arbhair íoctha aige leis an sagart. Chuaigh an sagart thart thríd an mbaile aimsir na stáisiún agus ní dhearna sé ach a hata seo a sciobadh dá chloigeann agus a thabhairt leis. Cé gur amhrán grinn é is maith atá sotal agus tíorántacht an tsagairt nochtaithe aici. Ba bhearránach an mhaise dó a hata a bhaint de Mhaitias, é a fhágáil ina mhaoil, agus eisean sa tóir ar airgead an arbhair. Go Ceannúir a théadh muintir na háite ag piocadh faochan agus is mar seo a thosaigh sí ar an amhrán:

Rachad go Ceannúir ag tóigeáil cliabh faochan,
íocfar dom físeachaí an tsagairt,
a bhain díom mo hata agus d’fhága ’ mo mhaoil mé,
is mo cheann ag góil gaoithe le seachtain!
ach as sin go tráthnóna nuair a bhí sé ag goil abhaile
d’iarr Maitias go múinte air a hata
ní bhéarfaidh mé dhuit é go gcaitear an Domhnach
agus cloisfidh tú móide ag goil thairis!

(CBÉ 1281, 371)

Rinne sí amhrán géimiúil eile faoi Bhád Shéamais Éamainn.

Mar seo a thug Colm Ó Caodháin údar an amhráin:

Bád iomartha a tháinig trasna as baile Chloch na Rón, ó aonach ann, isteach go hInis Ní, í luchtaithe le fir agus mná, agus nuair a tháinig sí i dtír in Inis Ní ag an gcaladh nuair a chonaic siad an bád a bheith i dtír   thosaigh daoine ag déanamh téisclim ar a ghoil amach; agus nuair a tháinigeadar uilig ar bhord an bháid d’iompaíodar an bád agus sin é an áit a raibh an t‑aicsean ag iarraidh daoine a tharraingt as an taoille; agus bhí builíní aráin agus beartannaí ag cuid acub sa mbád ag tíocht agus bhí siad sin ag snámh ar an uisce.

Rinne Nuala Ní Uaithnín amhrán faoi:

Ó! is tráthnóna Dé Máirt is mé ag feistiú mo bháid,
ar an gclochar ag tigh Sheáin Uí Luaithre,
is ea chuala mé fhéin fir agus mná
ag screadach is ag gárthaíl caoineadh,
bhí seantSeán Ó Luaithre is an Doll ar a ghualainn aige
go dteannfadh sé suas í ón taoille –
nuair a chonaic sé crústa dhe bhuilín taobh thuas de
chaith sé dhe thuairt dá dhroim í!24

(CBÉ 1281, 344–45)

Bhí filidh eile sa gcuid thiar d’Iorras Aithneach, i nDumhaigh Ithir a raibh tóir air. B’in é Micheál a Búrc nó an Búrcach Rua. Bhí amhrán amháin dá chuid, Amhrán na Speile a thaithnigh le daoine. Speal nua a bhí ag an bhfilidh ach chinn air aon fhaobhar a chur uirthi. Tá an chuma ar an scéal gur i samhradh na bliana 1898 a chum an Búrcach an t‑amhrán, an tráth a raibh sé ina chogadh idir Meiriceá agus an Spáinn faoi Chúba, na hOileáin Fhilipíneacha, Puerto Rico agus Guam. Is leis na Spáinnigh a thaobhaigh sé san amhrán cé gur ar Mheiriceá ab éigin dó a aghaidh a thabhairt ina dhiaidh sin agus is ann a chaith sé an chuid eile dá shaol.

Seo dhá cheathrú de:

Nuair a shuímse ar foscadh agus tosaím dá dearcadh,
Nach dtugann sí dom cúl gaoithe is aghaidh gréine,
Is nach gcluinfeá ceathrú míle í taobh thiar de Chruach na Caoile,
Nuair a d’fhógraínn í thar muir agus thar sáile.

Nuair a d’ólfadh mo spealsa tae, bheadh sí ag obair uaithi féin
I gcoirnéil, i moing sléibhe nó i lár páirce,
Agus chúns a bheadh sí ag gearradh, ní chuimhneodh a béal ar casadh
Go n‑imíodh an solas as an ngealach is as na réalt.

Dara Bán Mac Donnchadha Rogha Amhrán (CICD 140)25

Anuas go dtí na caogaidí agus fiú ina dhiaidh sin chum filithe amhráin a dtugtar amhráin phobail anois orthu. Chum Joe Guairim as an Aird Mhóir roinnt amhrán sa gcéad leath den bhfichiú haois agus bhí Clann Bheairtle Uí Dhonnchú as Cora na gCapall, Bantrach Ard, ag déanamh amhrán óna ceathrachaidí i leith ní áirím muintir Fhínse, Cóilín Mac Donncha agus Seán Cheoinín a bhí ag déanamh amhrán lenár linn féin. Cé gur amhráin phobail a thugtar orthu ba mhinic gur ar chuid bheag den phobal a bhídís dírithe agus ar phobal beag éisteachta.

Is iomaí amhrán a cumadh agus a casadh nár chuala ach dream áirithe, dhá theach nó beagán lena chois ar aon bhaile, b’fhéidir. Amanta ní bheadh an dream a chum iad ag iarraidh go gcloisfí iad ná go gcasfaí go poiblí iad. Pobal beag éisteachta a bhí ag na hamhránaithe ach níor laghdaigh sin a ndúil sna hamhráin agus níor chuir sé aon bhac orthu a bheith á ngabháil.

Seo cur síos breá a rinne Colm Ó Caodháin ar bheirt amhránaí a bhí i nGlinsce san 19ú céad:

Chuala mise m’athair ag rá gurb é an faisean a bhí anseo fadó i mbaile Ghlinsce, go raibh beirt ann agus ná raibh aon ríochan leo ag góil fhoinn, mar bhí a athair fhéin agus fear dhe mhuintir Uaithnín a raibh Tomás Ó hUaithnín air. Nuair a theagaidís isteach san oíche théis a lá oibre shínidís siar sa teallach agus bhainidís dhíobh a mbróga agus thosaídís ag téamh a gcosaí leis an tine. Agus nuair a bhídís sách te leis an tine thagadh fonn foinn orthu agus d’abraíodh fear acu amhrán agus bhíodh an fear eile ag fanacht nó go mbeadh sé réidh leis an amhrán le go dtosódh sé fhéin ceann eile. Agus bhí an dá theach a rabhadar iontu, bhíodar trí scór coisméagachaí ó chéile, agus bhídís fhéin ag faire a chéile go mbeadh an t‑amhrán ráite ag an bhfear seo le go dtosaíodh an fear eile agus bhíodh an ealaín sin orthu nó go mbíodh sé in am codlata.

(CBÉ 1281, 236)

Ní ag santú pobail ná lucht éisteachta a bhí an bheirt úd. Bhí sé de mhianach agus de nádúr iontu a bheith ag gabháil fhoinn agus ba ceanach leo sin a dhéanamh mar nach móide go ndéanfaidís mórán den rath dá huireasa.

San 19ú céad agus anuas go dtí lár na haoise seo caite, ba í an fhilíocht, an chaint agus ceol na cainte a thug lón anama do dhaoine, a thug teas, soilíos agus sólás dóibh. Ní raibh a malairt acu go minic. Ba íocshláinte í in aimsir cruatain agus ganntain, íocshláinte anama agus colainne a chuidigh le daoine páirt dá nádúr agus dá ndúchas a chur in iúl. Ealaín a bhí inti a léirigh beocht agus sprid in éadan na doininne, ba í ‘an samhradh sa bhfuacht í idir Nollaig is Cáisc’.

Foilsíodh dréacht den alt seo cheana in Bliainiris 10, eag. Ruairí Ó hUiginn, Liam Mac Cóil (Ráth Cairn: Carbad, 2011), lgh. 147–68.

Gabhaimid buíochas leis an údar, leis na heagarthóirí agus leis na foilsitheoirí as cead a thabhairt dúinn é a chur ar fáil anseo.

Nótaí

  1. Féach Seán Mac Giollarnáth Loinnir Mac Leabhair agus sgéalta eile (Baile Átha Cliath: Oifig Díolta Foilseachán Rialtais, 1936); Séamus Mac an Iomaire Cladaigh Chonamara (Baile Átha Cliath: Oifig an tSoláthair, 1938); Seán Mac Giollarnáth Annála beaga ó Iorrus Aithneach (Baile Átha Cliath: Oifig an tSoláthair, 1941); Caoimhín Ó Nualláin Eochair Mac Rí in Éirinn (Baile Átha Cliath: Comhairle Bhéaloideas Éireann, 1982); Peadar Ó Ceannabháin eag. Éamon a Búrc – Scéalta (Baile Átha Cliath: An Clóchomhar, 1983). Is liosta le háireamh na hamhránaithe ar taifeadadh amhráin uathu in Iorras Aithneach sna 1940dí. Bhain siad seo a leanas cáil amach ar fheabhas a gcuid fonnadóireachta: Seán Jeaic ’ac Dhonncha, Colm Ó Caodháin, Sorcha Ní Ghuairim, Seosamh Ó hÉanaí agus Seán ’ac Dhonncha.
  2. Tá taifeadadh de Sheán Choilm Mac Donncha ag rá leagan de Seachrán Chearbhaill ar an dlúthdhiosca Tuning the Radio (RTÉ285CD) agus taifeadadh de Sheosamh Ó hÉanaí á rá ar an dlúthdhiosca, Ó Mo Dhúchas (CEFCD 191). Rinne Seán Mac Mathghamhna taifeadadh de Chóilín Ó Cualáin á aithris agus Seosamh Ó hÉanaí á chasadh le linn Oireachtas na bliana 1956. Bhailigh Seán Mac Giollarnáth leagan de Sheachrán Chearbhaill ó Sheán Veail Mac Con Rí, féach Seachrán Chearalláin (cartlann.ie). Is é an scéal faoin Seachrán an t‑aon chuid d’ábhar an leabhair sin nach bhfuil i gcló in Loinnir Mac Leabhair agus sgéalta gaisgidh eile (1936). Tá an taifeadadh a rinneas féin ar Mo Chuid den tSaol (CICD 131) bunaithe cuid mhaith ar an leagan atá in Micheál agus Tomás Ó Máille Amhráin Chlainne Gaedheal (Baile Átha Cliath 1905). Tá léargas ar an réimse amhráin maraon le laoithe fiannaíochta a bailíodh in Iorras Aithneach le fáil in Ríonach Ní Fhlathartaigh [uí Ógáin], Clár amhrán Bhaile na hInse (Baile Átha Cliath: An Clóchomhar, 1976) agus in Cnuasach Bhéaloideas Éireann, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.
  3. Fearacht go leor áiteacha eile, bhíodh an traidisiún béil agus an traidisiún scríofa ag sealaíocht ar a chéile in Iorras Aithneach. Cé gur ó bhéal go cluais a thóig Máirtín filíocht Raiftearaí ó Chóilín Ó Cualáin dúirt sé liom go raibh ‘leabhar amhrán Raiftearaí’ ina sheilbh ag Cóilín agus go mb’as an leabhar sin a fuair seisean Seanchas na Sceiche agus Bainis an tS’leacháin Mhóir. Ba é an leabhar a bhí i gceist aige, Dúghlas de hÍde Abhráin agus dánta an Reachtabhraigh (Baile Átha Cliath: Oifig Díolta Foilseachán Rialtais, 1933).
  4. Dhá amhrán a bhfuil lorg amhrán Raiftearaí orthu is ea, Bainis Bharr an Bhaile a bailíodh in 1935 (Cnuasach Bhéaloideas Éireann, CBÉ feasta, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, 155, 44–7) agus Bainis Jimí Jó 1942 (CBÉ, 850, 337–40).
  5. Tomás Ó Máille eag. Micheál Mhac Suibhne agus Filidh an tSléibhe. Baile Átha Cliath:Foilseachán Rialtais, 1934.
  6. Siar ó Chora na gCapall, ó dheas den bhóthar mór, atá Seanadh Cheallaigh.
  7. Cam reilige a dúirt Colm Ó Caodháin a bhí air (CBÉ, 1281:151).
  8. Séamus Ennis a bhailigh é seo ó Cholm Ó Caodháin. Maidir le hábhar a bhailigh Séamus Ennis ón gCaodhánach, féach Ríonach uí Ógáin ‘Mise an fear ceoil’ Séamus Ennis — dialann taistil 1942–1946 (Indreabhán: Cló Iar-Chonnachta, 2007).
  9. Cumadh amhráin eile faoin éideafón in Iorras Aithneach sna ceathrachaidí, féach Liam Mac Coisdeala Béaloideas 14 (1944) 271–3 agus Éamon a Búrc: Scéalta (1983) 13–14.
  10. Táim buíoch d’Ian Lee a thug cóip den taifeadadh seo dom. Tá cuid den taifeadadh doiléir. Féach (CBÉ 1281, 57–8) Brian Ó Curnáin The Irish of Iorras Aithneach County Galway, (Baile Átha Cliath, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, 2007) 1861–62. Tá taifeadadh den phíosa ag Saileog Ní Cheannabháin, i bhfíor-dheiriú oidhche (RRCD 003). Maidir le Crois Dreamhair, d'fhéadfadh gur Cois Treabhair a bhí i gceist, idir Cloch na Rón agus Tuaim Beola. Ros Geal a chloisimse ar an taifeadadh. An Ros Ceathail/Cathail a bhí i gceist? Ghehe sibh = gheofa/gheobhaidh sibh.
  11. Féach freisin, An Stoc, Feabhra 1925. Tá seanchas agus cur síos ag Cóilín Ó Cualáin agus ag Micheál Ó Coirbín ar fhilithe in Iorras Aithneach, ar an amhrán seo agus ar amhráin eile in Hans Hartmann; Tomás de Bhaldraithe, Ruairí Ó hUiginn (eag.), Airneán: eine Sammlung von Texten aus Carna, Co. na Gaillimhe (Tübingen: Niemeyer, 1996) 217–43.
  12. Ciollacháin sa ls.
  13. Bhí an focal leoinín mar théarma ceana ag Máire Ní Mhongáin agus í ag tagairt don mhac ab óige aici san amhrán buartha a chum sí féin Amhrán Mháire Ní Mhongáin. Féach Tomás Ó Concheanainn Nua-Dhuanaire III (Baile Átha Cliath: Insititiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, 1978).
  14. Domhnall Ó Fotharta Siamsa an Gheimhridh (Baile Átha Cliath: 1892).
  15. Tim Robinson Connemara, the last pool of darkness (Londain: Penguin, 2008.
  16. Deora Aille, Ceirníní Cladaigh, 1970 CC6. Tá cur síos déanta ag Liam Mac Con Iomaire ar an amhránaí céanna agus ar an amhrán seo, ‘Deora Aille   Máire Áine Ní Dhonnchadha agus a Cuid Amhrán’ in Ruairí Ó hUiginn eag. Foinn agus fonnadóirí, Léachtaí Cholm Cille, 29 (1999) 7–36.
  17. Bhí sé cloiste ag Cóilín Mac Donncha go mb’fhéidir nárbh é Seán Bacach a chum an t‑amhrán i dtosach ach filidh eile, Breatnach as Aird Bhéarra, An Clochán. Chas sé an t‑amhrán ar chlár d’Aingeal Ní Chonchubhair, ar Raidió na Gaeltachta.
  18. Féach Cormac Ó Gráda An Drochshaol, béaloideas agus amhráin (Baile Átha Cliath: Coiscéim, 1994).
  19. Tá plé déanta ag Lillis Ó Laoire agus Sean Williams ar an amhrán seo, ‘Singing the Famine: Joe Heaney, “Johnny Seoighe” and the poetics of performance’ in Dear far voiced-veteran: Essays in honour of Tom Munnelly eag. Anne Clune (Co. an Chláir: Old Kilfarboy Society, 2007).
  20. Seán Ó hÉighnigh a scríobh síos óna athair Pádhraic, 1933.
  21. Féach An Stoc, Bealtaine 1919. Tá leagan taifeadta den amhrán ar fáil ar an dlúthdhiosca, Fágtar acu é (RTÉ270CD) dar teideal Árainn le Máire Jim Uí Chatháin. Bhailigh Éamonn Ó Conghaile an t‑amhrán óna athair, Beairtle Beag Ó Conghaile, san Aird Thiar, Carna, 11 Nollaig 1952 (CBÉ 1311, 456–58).
  22. Eoghan Rua Ó Néill eag. Seoltóireacht ghéar; amhráin Sheáin Cheoinín (Béal an Dainigin: Cló Iar-Chonnachta 1988). Tá seanchas tugtha ag Seán Cheoinín ar Sheán Ó Guairim in ‘Jack Bacach Ó Guairim File agus Bádóir’ Connemara, Journal of the Clifden and Connemara Heritage Group, 1 (1993) 76–80.
  23. Seo leagan a bhailigh Éamonn Ó Conghaile óna athair, Beairtle Beag Ó Conghaile as an Aird Thiar, mí na Nollag, 1952. Thaifead Ciarán Mac Mathúna leagan den amhrán ón bhfear céanna. Tá sé sa seanchas gur Guairmeach as Inis Ní a rinne an bád. Giúistís ceantair ab ea Seán Ó Lochlainn. Tá cur síos ag Seosamh Ó Cuaig ar Johnny O’Loughlin maraon le leagan den amhrán in Iorras Aithneach 2008. Maidir le heolas breise ar Sheán Bacach Ó Guairim agus ar Nuala Ní Uaithnín féach Ríonach uí Ógáin   “In aghaidh farraige agus feothain”: Amhráin mholta bád ó Chonamara’ in Ruairí Ó hUiginn eag. Foinn agus Fonnadóirí. Léachtaí Cholm Cille 29 (1999) 37–66.
  24. An Doll an leasainm a bhí ar a mháthair.
  25. Micheál Ó Conghaile, Lochlainn Ó Tuairisc, Peadar Ó Ceannabháin (eagarthóirí) Leabhar Mór na nAmhrán, (CIC 2012, 53).