An t‑Éireannach: I Measg Gaedheal na h‑Alban

Le Sorcha Ní Ghuairim

XXXXXX
An t-Éireannach, 3 Deireadh Fómhair 1936, Uimleabhar 03, Uimhir 19, leathanach 01. Le caoinchead Leabharlann Acadamh Ríoga na hÉireann.

Mód Inbhear Nis

Tá siad ós comhair mo dhá shúl indiu chomh maith agus bhíodar seachtmhain ó soin [sic] ann—fír mhóra dhathamhala, ghnaoi, mná maiseacha, múinte, mánla agus patairí caoin, gleoite de sgoth na h‑alban, iad a’ dul síos agus aníos, anonn agus anall, feistighthe i n‑a gcuid breacán riabhacha. Tá a gcuid amhrán agus ceoil in mo chluasa fós—ceol gur deacair a bhinneas a shárughadh agus amhráin a thógfadh an ceo do’n chroidhe is duibhe faoi’n ngréin indiu. Sin mar a chuimhnighim-se ar Mhód Inbhear Nis agus ar Ghaedhil na h‑Alban, agus tá mé cinnte go dtiocfaidh a raibh d’Éireannaigh i láthair liom ins an méid sin, má’s leor leo é mar mholadh ar an tseachtmhain aoibhinn sin, ar a gcualamar, ar a bhfacamar agus ar ar caitheadh d’ómós linn mar Éireannaigh.

Agus maidir leis an Mód nó Féile Náisiúnta na nGaedheal i n‑Albain, tá creideamhaint mhór a’ dul do’n Chomunn Gáidhealach [sic], do gach fear, bean agus páisde dá raibh páirteach i n‑obair a stiúruighthe agus a riaruighthe agus is cúis áthais linn an toradh millteach a bhí ar a saothar.

Siad na páisdí a chuir tús leis an Mód, agus níor thúsbeag ná suarach é acht an oiread. Bhí árdáin an Móid fúthu féin aca ó’n naoi a chlog ar maidin Dé Máirt go raibh i n‑a Árd-tráthnóna, agus marar sheasadar an fód le aithristheoireacht agus le scéalaidheacht, le ceol agus le h‑amhráin, níor sheas dream ar bith ariamh é. B’aoibhinn a bheith a’ breathnú ar sgata aca agus iad a’ cur a gcuid bábóg a chodladh le suantraighe binn-bhriathrach a bhréagfadh na cuacha agus, ar ndóigh, an t‑é a bheadh tuitithe ar an bhfód gan fuinneamh gan bhrigh, ní i bhfad a bheadh sé mar sin acht é bheith ag éisteacht leo siúd a bhí a’ stocadh agus a’ cornadh an bhréidín, agus iad a’ baint gach le casadh as an bport agus a bhíodar a [sic] bhaint as an éadach. Ní h‑iad na Gaidhilgeoirí amháin a bhain taithneamh as acht chuile dhuine idir Gaedhilgeoirí agus Béarlóirí.

Agus má bhí an chéad lá go maith agus go taithneamhach, bhí na trí lá eile i n‑ann a thigheacht síos leis. Thóg sé an trí lá sin le daoine fásta na dúithche, idir fonnadóirí aonaracha, córacha agus ceoltóirí, a féachaint agus níorbh aon obair éasgaidh sin a dhéanamh. Is beag a chreidfeadh go raibh an oiread fonnadóirí agus ceoltóirí breaghtha i dtír ar bith agus a bhí ar aon‑láthair ag Mód Inbhear Nis, agus ní liachtaighe fonnadóir a bhí ann ná mar bhí amhráin bhinne Ghaedhilge. Mar chruthú ar an spéis a cuireadh ionnta is leor a rádh go mbíodh furmhór na ndaoine a bhíodh i láthair ag na comórtaisí cruinn le chéile aríst ar ais ag na cuirmeacha ceoil san oidhche le h‑éisteacht le lucht buadhte [sic] na nduaiseanna. Agus as sin go dtí deire na h‑oidhche ní bhíodh áit le suidhe ná le seasamh ag na céilidhthe le a mbíodh cruinn le chéile le dúil i gceol agus ins na h‑amhráin ná na h‑Éireannaigh a bhí i láthair, agus tá mé cinnte go raibh stór mór d’amhráin na h‑Alban ag a bhfurmhór a’ filleadh abhaile dhóibh. Is maith an chomhartha an oiread Éireannaigh a bheith i láthair agus a bhí. Cruthaigheann sé go bhfuil Gaedhil na h‑Éireann agus na h‑Alban a’ cur aithne agus eolais ar a chéile agus nach bhfuil siad a’ séanadh a ngaoil le chéile. Agus tuige a séanfadh? Nach muid féin a chéile. Ní i n‑Éirinn amháin atá troid ar siúbhal ar son na teangan. Tá an troid chéadna dá déanamh ag Gaedhil Alban leis an nGaedhilge a thógáil ó’n mbás. Tá muinntir na Gaedhealtachta ar mhí-chaoi annsin mar atá siad annseo, agus tá a sliocht scaipthe ar fud na cruinne go díreach mar atá sgoth ban agus fear Éireann ar fán i measg na gcoimhthightheach.

’Sé mo shúil nach fada go gcuirfidh an dá Ghaedhealtacht aithne agus eolas níos fearr ar a chéile, agus go dtiocfaidh an lá nuair a bhéas gach aon dream aca ag oibriú i n‑aon bhun amháin ar son oighreacht na nGaedheal idir teanga, ceol agus a ngabhann leo.

Go mairidh an Comunn Gáidhealach i bhfad agus go mba fada buan lucht stiúrtha an Mhóid.

XXXXXX
An t-Éireannach, 3 Deireadh Fómhair 1936, Uimleabhar 03, Uimhir 19, leathanach 01. Le caoinchead Leabharlann Acadamh Ríoga na hÉireann.

Mód Inḃear Nis

Tá siad ós comhair mo ḋá ṡúl indiu ċoṁ maiṫ agus ḃíodar seaċtṁain ó soin [sic] ann—fír ṁóra ḋaṫaṁala, ġnaoi, mná maiseaċa, múinte, mánla agus patairí caoin, gleoite de sgoṫ na h‑alban, iad a’ dul síos agus aníos, anonn agus anall, feistiġṫe i n‑a gcuid breacán riaḃaċa. Tá a gcuid aṁrán agus ceoil in mo ċluasa fós—ceol gur deacair a ḃinneas a ṡáruġaḋ agus aṁráin a ṫógfaḋ an ceo do’n ċroiḋe is duiḃe faoi’n ngréin indiu. Sin mar a ċuiṁniġim-se ar Ṁód Inḃear Nis agus ar Ġaeḋil na h‑Alban, agus tá mé cinnte go dtiocfaiḋ a raiḃ d’Éireannaiġ i láṫair liom ins an méid sin, má’s leor leo é mar ṁolaḋ ar an tseaċtṁain aoiḃinn sin, ar a gcualamar, ar a ḃfacamar agus ar ar caiṫeaḋ d’ómós linn mar Éireannaiġ.

Agus maidir leis an Mód nó Féile Náisiúnta na nGaeḋeal i n‑Albain, tá creideaṁaint ṁór a’ dul do’n Ċomunn Gáiḋealaċ [sic], do gaċ fear, bean agus páisde dá raiḃ páirteaċ i n‑obair a stiúruiġṫe agus a riaruiġṫe agus is cúis áṫais linn an toraḋ millteaċ a ḃí ar a saoṫar.

Siad na páisdí a ċuir tús leis an Mód, agus níor ṫúsbeag ná suaraċ é aċt an oiread. Ḃí árdáin an Móid fúṫu féin aca ó’n naoi a ċlog ar maidin Dé Máirt go raiḃ i n‑a Árd-tráṫnóna, agus marar ṡeasadar an fód le aiṫrisṫeoireaċt agus le scéalaiḋeaċt, le ceol agus le h‑aṁráin, níor ṡeas dream ar biṫ ariaṁ é. B’aoiḃinn a ḃeiṫ a’ breaṫnú ar sgata aca agus iad a’ cur a gcuid bábóg a ċodlaḋ le suantraiġe binn-ḃriaṫraċ a ḃréagfaḋ na cuaċa agus, ar ndóiġ, an t‑é a ḃeaḋ tuitiṫe ar an ḃfód gan fuinneaṁ gan ḃriġ, ní i ḃfad a ḃeaḋ sé mar sin aċt é ḃeiṫ ag éisteaċt leo siúd a ḃí a’ stocaḋ agus a’ cornaḋ an ḃréidín, agus iad a’ baint gaċ le casaḋ as an bport agus a ḃíodar a [sic] ḃaint as an éadaċ. Ní h‑iad na Gaiḋilgeoirí aṁáin a ḃain taiṫneaṁ as aċt ċuile ḋuine idir Gaeḋilgeoirí agus Béarlóirí.

Agus má ḃí an ċéad lá go maiṫ agus go taiṫneaṁaċ, ḃí na trí lá eile i n‑ann a ṫiġeaċt síos leis. Ṫóg sé an trí lá sin le daoine fásta na dúiṫċe, idir fonnadóirí aonaraċa, córaċa agus ceoltóirí, a féaċaint agus níorḃ aon obair éasgaiḋ sin a ḋéanaṁ. Is beag a ċreidfeaḋ go raiḃ an oiread fonnadóirí agus ceoltóirí breaġṫa i dtír ar biṫ agus a ḃí ar aon‑láṫair ag Mód Inḃear Nis, agus ní liaċtaiġe fonnadóir a ḃí ann ná mar ḃí aṁráin ḃinne Ġaeḋilge. Mar ċruṫú ar an spéis a cuireaḋ ionnta is leor a ráḋ go mbíoḋ furṁór na ndaoine a ḃíoḋ i láṫair ag na comórtaisí cruinn le ċéile aríst ar ais ag na cuirmeaċa ceoil san oiḋċe le h‑éisteaċt le luċt buaḋte [sic] na nduaiseanna. Agus as sin go dtí deire na h‑oiḋċe ní ḃíoḋ áit le suiḋe ná le seasaṁ ag na céiliḋṫe le a mbíoḋ cruinn le ċéile le dúil i gceol agus ins na h‑aṁráin ná na h‑Éireannaiġ a ḃí i láṫair, agus tá mé cinnte go raiḃ stór mór d’aṁráin na h‑Alban ag a ḃfurṁór a’ filleaḋ aḃaile ḋóiḃ. Is maiṫ an ċoṁarṫa an oiread Éireannaiġ a ḃeiṫ i láṫair agus a ḃí. Cruṫaiġeann sé go ḃfuil Gaeḋil na h‑Éireann agus na h‑Alban a’ cur aiṫne agus eolais ar a ċéile agus naċ ḃfuil siad a’ séanaḋ a ngaoil le ċéile. Agus tuige a séanfaḋ? Naċ muid féin a ċéile. Ní i n‑Éirinn aṁáin atá troid ar siúḃal ar son na teangan. Tá an troid ċéadna dá déanaṁ ag Gaeḋil Alban leis an nGaeḋilge a ṫógáil ó’n mbás. Tá muinntir na Gaeḋealtaċta ar ṁí-ċaoi annsin mar atá siad annseo, agus tá a slioċt scaipṫe ar fud na cruinne go díreaċ mar atá sgoṫ ban agus fear Éireann ar fán i measg na gcoiṁṫiġṫeaċ.

’Sé mo ṡúil naċ fada go gcuirfiḋ an dá Ġaeḋealtaċt aiṫne agus eolas níos fearr ar a ċéile, agus go dtiocfaiḋ an lá nuair a ḃéas gaċ aon dream aca ag oibriú i n‑aon ḃun aṁáin ar son oiġreaċt na nGaeḋeal idir teanga, ceol agus a ngaḃann leo.

Go mairiḋ an Comunn Gáiḋealaċ i ḃfad agus go mba fada buan luċt stiúrṫa an Ṁóid.