An t‑Éireannach: Guth ó Thír na h‑Óige (3)

Le Niamh Cinn Óir [Sorcha Ní Ghuairim]

XXXXXX
An colún bunaidh in An t‑Éireannach. Le caoinchead Leabharlann James Hardiman, Ollscoil na hÉireann Gaillimh.

A Cháirde Beaga,

Tá súil agam go bhfuil sibh ar fad réidh glan le fáilte a chur roimh Chlann Luchan an tseachtmhain seo agus, mar a chomhairligh mé dhíbh an tseachtmhain seo caithte, go bhfuil na cait ar adhstar breagh láidir agaibh. Níl cat i n‑Éirinn, fiú cat Aint Eibhlín, nach mbeidh uisge a’ teacht ó n‑a fiacla nuair a fheicfeas sé na luchóga seo againn-ne a’ pramsáil agus ag éirighe i n‑áirde chuile sheachtmhain. Beidh siad go díreach mar bhíonn sibh féin nuair a fheiceann sibh milseáin agus maidí milse de chuile dhath ins na fuinneogaí agus gan sibh i n‑acfuinn iad a cheannacht ná cead agaibh méar féin a leagan ortha.

Mar sin, tá súil agam, má thugaim seársa thart faoi na bolaí sin, go bhfeicfidh mé an cat ceangailte de’n teintean [sic] sa chuile theach fad is bhéas Clann Luchan a’ dul thart. Is mór an éagcóir ar na cait bhochta é, is dóigh, acht tá a fhios ag cách nach comharsanna maithe cat agus luch agus iad ar aghaidh a chéile. Acht má bhíonn sé i ndán is go mbeidh sé i n‑a theangmháil, beidh Oisín Mac Fhinn againn le eadarsgán a dhéanamh agus cothromh [sic] na Féinne a thabhairt do ’chaon taobh. B’fhéidir gurab é Dia a chas chugainn é tar éis an tsaoghail. Acht is fearr dom gan tada a rádh mar tá connradh síothchána déanta eadrainn, agus níor mhaith liom go mbeinn féin ar an gcéad duine a bhrisfeadh é.

Anois, caithfidh mé focal molta a thabhairt do chuile dhuine de mo chuid patairí dár réidhtigh na cúplaí an tseachtmhain seo caithte, agus sé mo thruagh ghéar nach bhfuil féirín agam dóibh ar fad. Acht is ag an Rí atá é sin a shocrú. Ar chuma ar bith, tá tuille cúplaí agam díbh an tseachtmhain seo, agus an t‑é nach raibh an t‑ádh ar [sic] cheana tá sé roimhe amach. Agus, mo chuimhne, nuair a bhéas sibh a’ seoladh réidhteach comórtais chugam feasta is leor stampa leith-pighne a chur ar an gclúdach ach amháin é fhágáil osgailte. Féadfaidh sibh annsin slám milseán a cheannacht ar an bpighinn go leith eile agus is mór is fiú sin féin do’n t‑é nach n‑éireochaidh leis an duais a fhagháil [sic].

Na mílte beannacht ó

Niamh Chinn Óir.

Sgéal Taimín Mhic Luiche

Cothrom Lae Breithe Taimín

máirín nic an ríogh do cheap

Seo é Taimín beag Mac Luiche. I gCúige Mumhan atá comhnuidhe air.

Tá Taimín trí bliadhna d’aois indiu.

“Go mba seacht fearr a bhéas tú bliadhain ó indiu,” ars a dheirbhshiúr.

Agus thug sí péire breagh buataisí dearga dhó.

“Go mba h‑é dhuit,” arsa Taimín.

“Go neartuighidh Dia mo mhaicín,” ars’ a Dheaide.

Agus thug sé dhá ubhall agus cóta mór nua do Thaimín.

“Go raibh maith agat, a Dheaide,” arsa Taimín.

Agus thug Uncail Taimín trí pighne dhó.

Agus thug a aintín cochall nua dhó.

“Go raibh maith agus fad saoghail agaibh,” arsa Taimín.

“Is breagh deas na féiríní iad seo,” ar seisean.

“Thug mo Dheaide cóta nua dhom.”

“Thug m’uncail trí pighne dhom.”

“Thug m’ aintín cochal nua dhom.”

“Thug mo dheirbhshiúr péire buaitisí dearga nua dhom.”

“Agus tá dhá ubhall agam.”

Agus isteach leis sa gcistineach.

Hora a Mhamaí,” [sic] arsa taimín.

“Seo é cothrom lae mo bhreithe. Tá mé trí bliadhna d’aois.”

XXXXXX
An colún bunaidh in An t‑Éireannach. Le caoinchead Leabharlann James Hardiman, Ollscoil na hÉireann Gaillimh.

A Ċáirde Beaga,

Tá súil agam go ḃfuil siḃ ar fad réiḋ glan le fáilte a ċur roiṁ Ċlann Luċan an tseaċtṁain seo agus, mar a ċoṁairliġ mé ḋíḃ an tseaċtṁain seo caiṫte, go ḃfuil na cait ar aḋstar breaġ láidir agaiḃ. Níl cat i n‑Éirinn, fiú cat Aint Eiḃlín, naċ mbeiḋ uisge a’ teaċt ó n‑a fiacla nuair a ḟeicfeas sé na luċóga seo againn-ne a’ pramsáil agus ag éiriġe i n‑áirde ċuile ṡeaċtṁain. Beiḋ siad go díreaċ mar ḃíonn siḃ féin nuair a ḟeiceann siḃ milseáin agus maidí milse de ċuile ḋaṫ ins na fuinneogaí agus gan siḃ i n‑acfuinn iad a ċeannaċt ná cead agaiḃ méar féin a leagan orṫa.

Mar sin, tá súil agam, má ṫugaim seársa ṫart faoi na bolaí sin, go ḃfeicfiḋ mé an cat ceangailte de’n teintean [sic] sa ċuile ṫeaċ fad is ḃéas Clann Luċan a’ dul ṫart. Is mór an éagcóir ar na cait ḃoċta é, is dóiġ, aċt tá a ḟios ag cáċ naċ coṁarsanna maiṫe cat agus luċ agus iad ar aġaiḋ a ċéile. Aċt má ḃíonn sé i ndán is go mbeiḋ sé i n‑a ṫeangṁáil, beiḋ Oisín Mac Ḟinn againn le eadarsgán a ḋéanaṁ agus coṫroṁ [sic] na Féinne a ṫaḃairt do ’ċaon taoḃ. B’ḟéidir gurab é Dia a ċas ċugainn é tar éis an tsaoġail. Aċt is fearr dom gan tada a ráḋ mar tá connraḋ síoṫċána déanta eadrainn, agus níor ṁaiṫ liom go mbeinn féin ar an gcéad duine a ḃrisfeaḋ é.

Anois, caiṫfiḋ mé focal molta a ṫaḃairt do ċuile ḋuine de mo ċuid patairí dár réiḋtiġ na cúplaí an tseaċtṁain seo caiṫte, agus sé mo ṫruaġ ġéar naċ ḃfuil féirín agam dóiḃ ar fad. Aċt is ag an Rí atá é sin a ṡocrú. Ar ċuma ar biṫ, tá tuille cúplaí agam díḃ an tseaċtṁain seo, agus an t‑é naċ raiḃ an t‑áḋ ar [sic] ċeana tá sé roiṁe amaċ. Agus, mo ċuiṁne, nuair a ḃéas siḃ a’ seolaḋ réiḋteaċ comórtais ċugam feasta is leor stampa leiṫ-piġne a ċur ar an gclúdaċ aċ aṁáin é ḟágáil osgailte. Féadfaiḋ siḃ annsin slám milseán a ċeannaċt ar an bpiġinn go leiṫ eile agus is mór is fiú sin féin do’n t‑é naċ n‑éireoċaiḋ leis an duais a ḟaġáil [sic].

Na mílte beannaċt ó

Niaṁ Ċinn Óir.

Sgéal Taimín Ṁic Luiċe

Coṫrom Lae Breiṫe Taimín

máirín nic an ríoġ do ċeap

Seo é Taimín beag Mac Luiċe. I gCúige Muṁan atá coṁnuiḋe air.

Tá Taimín trí bliaḋna d’aois indiu.

“Go mba seaċt fearr a ḃéas tú bliaḋain ó indiu,” ars a ḋeirḃṡiúr.

Agus ṫug sí péire breaġ buataisí dearga ḋó.

“Go mba h‑é ḋuit,” arsa Taimín.

“Go neartuiġiḋ Dia mo ṁaicín,” ars’ a Ḋeaide.

Agus ṫug sé ḋá uḃall agus cóta mór nua do Ṫaimín.

“Go raiḃ maiṫ agat, a Ḋeaide,” arsa Taimín.

Agus ṫug Uncail Taimín trí piġne ḋó.

Agus ṫug a aintín coċall nua ḋó.

“Go raiḃ maiṫ agus fad saoġail agaiḃ,” arsa Taimín.

“Is breaġ deas na féiríní iad seo,” ar seisean.

“Ṫug mo Dheaide cóta nua ḋom.”

“Ṫug m’uncail trí piġne ḋom.”

“Ṫug m’ aintín coċal nua ḋom.”

“Ṫug mo ḋeirḃṡiúr péire buaitisí dearga nua ḋom.”

“Agus tá ḋá uḃall agam.”

Agus isteaċ leis sa gcistineaċ.

Hora a Ṁamaí,” [sic] arsa taimín.

“Seo é coṫrom lae mo ḃreiṫe. Tá mé trí bliaḋna d’aois.”