An t‑Éireannach: An Ceol Gaedhealach (2)

Le Sorcha Ní Ghuairim

XXXXXX
An t‑alt bunaidh in An t‑Éireannach. Le caoinchead Leabharlann James Hardiman, Ollscoil na hÉireann Gaillimh.

Tá cainnt mhór ins na nuachtáin le goirid ar an gceol Gaedhealach mar ádhbhar léighinn ins na scoltacha [sic].

Ceist thábhachtach í seo agus ceist nár chóir do’n Roinn Oideachais a leigean thar a gcluasa. I scoltacha [sic] an lae indiu is fíor nach bhfuil an ceol Gaedhealach i n‑a ádhbhar chomh tábhachtach agus ba chóir dhó a bheith i dtuairim na Roinne agus na n‑oidí sgoile. Tá spioraid na náisiúntachta chomh mór a’ braith ar cheol Gaedhealach mar bheatha agus atá sí a’ braith ar an teanga féin. Má’s tír gan anam tír gan teanga, is tír gan anam í tír atá gan ceol a sinnsir, acht is baoghalach nach dtuigtear é seo do’n dream atá i mbun oideachais sa taobh tíre seo. Tá furmhór na scoltacha [sic] chomh fada ’un cinn maidir le ceol Gaedhealach indiu agus a bhíodar ins na chéad bhliadhanta ar cuireadh tús le aithbheodhchaint na teangan. Tá na cúpla amhrán céadna, nach gádh a luadhadh, ar bhéal na bpáisdí sgoile agus a bhí bliadhanta fada ó shoin. Níl aon locht ortha seo mar amhráin, mar is deas, spioradamhail ha h‑amhráin iad, acht an bhfuil muid sásta claoidheadh leis an gcúpla amhrán céadna le n‑ár ré, nó an bhfuil muid le stopadh annsin ag claidhe na teorann agus gan féachaint le dhul thairis? Nach dtuigeann muid go bhfuil bóthar fada le treabhadh againn má tá muid le Éire Gaedhealach a bhaisteadh ar an tír seo choidhche, agus go bhfuil dlúth-bhaint ag ceol na tíre leis an mbaisteadh sin?

Sa gcaoi a bhfuil an sgéal faoi láthair, chomh fada agus a bhaineann leis an Roinn Oideachais de sin, tá an ceol Gaedhealach leigthe de léig, agus níl na páisdí sgoile dá dtabhairt suas leis an gceol sin ná dá spreagadh le spéis a chur ann. Tá neart amhrán bhreaghtha chroidheamhla againn ins an nGaedhilge, acht an mbíonn siad le cloisteáil ó na páisdí sgoile ar na sráideanna ná i n‑aon áit eile? Ní bhíonn muis’, sé a mbíonn le cloisteáil uatha ráiméis na bpeictiúirí reatha — amhráin gan chéill, gan bhrigh, gan anam, agus amhráin nach bhfuil feileamhnach do mheon an pháiste agus nár chóir a bheith ar bhéal a leithéidí. Ní h‑eol do’n stroinséar a chloiseann iad ar shráideanna na cathrach gur fágadh ceol binn ar [sic] máthar mar oighreacht againn ná nach bhfuil muid i dtaobh leis an díoghadh a bhíonn le cloisteáil aige.

Anois, an measann aonduine [sic] dá dteigheadh an Roinn Oideachais, le cabhair na n‑oidí sgoile, i mbun an sgéil seo i gceart, nach bhfuil sé de chomhacht sa gceol Gaedhealach go gcuirfeadh sé druim díbeartha ar an ráiméis a bhfuil an t‑aos óg cleachtach uirthi? Measann aonduine nach mbeadh an ceol Gaedhealach le cloisteáil ar bhéal na bpáisdí dá ndéantaoi aon iarracht le é chur i n‑a mbéal? Seadh! ní éagcóir go dtí an éagcóir atá dá dhéanamh ar pháisdí na h‑Éireann. Tá ceol a sinnsir dá gceilth ortha ins na sgoltacha agus ní tuigtear dhóibh, ná ní déantar aon iarracht le é chur i dtuisgint dhóibh, gur dualdhóibh ceol dá gcuid féin a bheith aca ná comhacht an cheoil sin i n‑aithbheodhchaint na teangan.

Tá sé i n‑am agus thar am ag an Roinn Oideachais dúiseacht as an suan atá ortha agus beart ar foghnamh a dhéanamh ar son ceoil ár dtíre.

Ní féidir linn a rádh go bhfuil easbaidh amhrán orainn ins an nGaedhilge. Tá siad againn go fairsing, gach uile chineál aca. Tá saothar maith dá dhéanamh ins na ranganna Gaedhilge ar fud na tíre agus ins na h‑Iolsgoltacha le ceol Gaedhealach a chur ar fágháil [sic] do na daoine fásta, acht tá faillighe dá dhéanamh ar an aos óg agus sé dualgas na Roinne Oideachais, más leo oideachas náisiúnta a chur ar fagháil [sic], an sgéal seo a leigheas.

Is mór is fiú iad na h‑amhráin Ghaedhilge seo, mar ní h‑é amháin go bhfuil an Ghaedhilge ionnta acht tá stair na tíre agus saoghal na ndaoine léirighthe ionnta. Deirtear go bhfuil easbaidh grínn ar na h‑amhráin seo agus go bhfuil siad ar fad duairc agus dubhrónach, acht ní mar sin atá ná baoghal ar bith gurab eadh. Tá an oiread amhráin chroidheamhla ins an nGaedhilge agas atá i n‑aon teanga eile ar an domhan. B’fhéidir go bhfuil roinnt de’n dubháilceas a’ baint le cuid aca, acht a [sic] bhfuil na h‑amhráin Bhéarla saor ó’n locht sin má’s locht é? Ba é stáid na tíre ag an am ar cumadh iad is cionntsiocair le go leor de na h‑amhráin seo againne [sic] a bheith dubhrónach, mar a deirtear. Acht gan cainnt ortha seo b’fhéidir clár aon sgoil sa tír a líonadh leis an méid amhráin mheidhreacha atá againn agus neart eile a bheith ann le n‑a chois. Duine ar bith a chothuigheas an claisceadal beidh fhios aige an méid sin, gan a dhul thairis sin

Rud eile atá i n‑easbaidh ar óg agus ar aosta sa tír seo seadh ceol-drámaí. Cá bhféadfadh an Roinn Oideachais beart níos foghanta a dhéanamh ná a leithéidi [sic] seo a chur ar bun ins na scoltacha [sic]. Tá ádhbhar cuid mhaith i stair na h‑Éireann le h‑aghaidh drámaí dá sórt, agus sé ar [sic] mbaramhail go mba obair í a mbéadh an toradh céadtach dá bárr. Sa gcéad chás de, rachadh sé ’un tairbhe de lucht foghlumtha na staire agus na Gaedhilge, chomh maith le chéile, agus rud eile dhe cleachtfaidhe na h‑amhráin Ghaedhilge agus spreagfadh sé an t‑aos óg le spéis a chur ionnta. Is iomdha amhrán Gaedhilge…

XXXXXX
An t‑alt bunaidh in An t‑Éireannach. Le caoinchead Leabharlann James Hardiman, Ollscoil na hÉireann Gaillimh.

Tá cainnt ṁór ins na nuaċtáin le goirid ar an gceol Gaeḋealaċ mar áḋḃar léiġinn ins na scoltaċa [sic].

Ceist ṫáḃaċtaċ í seo agus ceist nár ċóir do’n Roinn Oideaċais a leigean ṫar a gcluasa. I scoltaċa [sic] an lae indiu is fíor naċ ḃfuil an ceol Gaeḋealaċ i n‑a áḋḃar ċoṁ táḃaċtaċ agus ba ċóir ḋó a ḃeiṫ i dtuairim na Roinne agus na n‑oidí sgoile. Tá spioraid na náisiúntaċta ċoṁ mór a’ braiṫ ar ċeol Gaeḋealaċ mar ḃeaṫa agus atá sí a’ braiṫ ar an teanga féin. Má’s tír gan anam tír gan teanga, is tír gan anam í tír atá gan ceol a sinnsir, aċt is baoġalaċ naċ dtuigtear é seo do’n dream atá i mbun oideaċais sa taoḃ tíre seo. Tá furṁór na scoltaċa [sic] ċoṁ fada ’un cinn maidir le ceol Gaeḋealaċ indiu agus a ḃíodar ins na ċéad ḃliaḋanta ar cuireaḋ tús le aiṫḃeoḋċaint na teangan. Tá na cúpla aṁrán céadna, naċ gáḋ a luaḋaḋ, ar ḃéal na bpáisdí sgoile agus a ḃí bliaḋanta fada ó ṡoin. Níl aon loċt orṫa seo mar aṁráin, mar is deas, spioradaṁail ha h‑aṁráin iad, aċt an ḃfuil muid sásta claoiḋeaḋ leis an gcúpla aṁrán céadna le n‑ár ré, nó an ḃfuil muid le stopaḋ annsin ag claiḋe na teorann agus gan féaċaint le ḋul ṫairis? Naċ dtuigeann muid go ḃfuil bóṫar fada le treaḃaḋ againn má tá muid le Éire Gaeḋealaċ a ḃaisteaḋ ar an tír seo ċoiḋċe, agus go ḃfuil dlúṫ-ḃaint ag ceol na tíre leis an mbaisteaḋ sin?

Sa gcaoi a ḃfuil an sgéal faoi láṫair, ċoṁ fada agus a ḃaineann leis an Roinn Oideaċais de sin, tá an ceol Gaeḋealaċ leigṫe de léig, agus níl na páisdí sgoile dá dtaḃairt suas leis an gceol sin ná dá spreagaḋ le spéis a ċur ann. Tá neart aṁrán ḃreaġṫa ċroiḋeaṁla againn ins an nGaeḋilge, aċt an mbíonn siad le cloisteáil ó na páisdí sgoile ar na sráideanna ná i n‑aon áit eile? Ní ḃíonn muis’, sé a mbíonn le cloisteáil uaṫa ráiméis na bpeictiúirí reaṫa — aṁráin gan ċéill, gan ḃriġ, gan anam, agus aṁráin naċ ḃfuil feileaṁnaċ do ṁeon an ṗáiste agus nár ċóir a ḃeiṫ ar ḃéal a leiṫéidí. Ní h‑eol do’n stroinséar a ċloiseann iad ar ṡráideanna na caṫraċ gur fágaḋ ceol binn ar [sic] máṫar mar oiġreaċt againn ná naċ ḃfuil muid i dtaoḃ leis an díoġaḋ a ḃíonn le cloisteáil aige.

Anois, an measann aonduine [sic] dá dteiġeaḋ an Roinn Oideaċais, le caḃair na n‑oidí sgoile, i mbun an sgéil seo i gceart, naċ ḃfuil sé de ċoṁaċt sa gceol Gaeḋealaċ go gcuirfeaḋ sé druim díbearṫa ar an ráiméis a ḃfuil an t‑aos óg cleaċtaċ uirṫi? Measann aonduine naċ mbeaḋ an ceol Gaeḋealaċ le cloisteáil ar ḃéal na bpáisdí dá ndéantaoi aon iarraċt le é ċur i n‑a mbéal? Seaḋ! ní éagcóir go dtí an éagcóir atá dá ḋéanaṁ ar ṗáisdí na h‑Éireann. Tá ceol a sinnsir dá gceilṫ orṫa ins na sgoltaċa agus ní tuigtear ḋóiḃ, ná ní déantar aon iarraċt le é ċur i dtuisgint ḋóiḃ, gur dualḋóiḃ ceol dá gcuid féin a ḃeiṫ aca ná coṁaċt an ċeoil sin i n‑aiṫḃeoḋċaint na teangan.

Tá sé i n‑am agus ṫar am ag an Roinn Oideaċais dúiseaċt as an suan atá orṫa agus beart ar foġnaṁ a ḋéanaṁ ar son ceoil ár dtíre.

Ní féidir linn a ráḋ go ḃfuil easbaiḋ aṁrán orainn ins an nGaeḋilge. Tá siad againn go fairsing, gaċ uile ċineál aca. Tá saoṫar maiṫ dá ḋéanaṁ ins na ranganna Gaeḋilge ar fud na tíre agus ins na h‑Iolsgoltaċa le ceol Gaeḋealaċ a ċur ar fáġáil [sic] do na daoine fásta, aċt tá failliġe dá ḋéanaṁ ar an aos óg agus sé dualgas na Roinne Oideaċais, más leo oideaċas náisiúnta a ċur ar faġáil [sic], an sgéal seo a leiġeas.

Is mór is fiú iad na h‑aṁráin Ġaeḋilge seo, mar ní h‑é aṁáin go ḃfuil an Ġaeḋilge ionnta aċt tá stair na tíre agus saoġal na ndaoine léiriġṫe ionnta. Deirtear go ḃfuil easbaiḋ grínn ar na h‑aṁráin seo agus go ḃfuil siad ar fad duairc agus duḃrónaċ, aċt ní mar sin atá ná baoġal ar biṫ gurab eaḋ. Tá an oiread aṁráin ċroiḋeaṁla ins an nGaeḋilge agas atá i n‑aon teanga eile ar an doṁan. B’ḟéidir go ḃfuil roinnt de’n duḃáilceas a’ baint le cuid aca, aċt a [sic] ḃfuil na h‑aṁráin Ḃéarla saor ó’n loċt sin má’s loċt é? Ba é stáid na tíre ag an am ar cumaḋ iad is cionntsiocair le go leor de na h‑aṁráin seo againne [sic] a ḃeiṫ duḃrónaċ, mar a deirtear. Aċt gan cainnt orṫa seo b’ḟéidir clár aon sgoil sa tír a líonaḋ leis an méid aṁráin ṁeiḋreaċa atá againn agus neart eile a ḃeiṫ ann le n‑a ċois. Duine ar biṫ a ċoṫuiġeas an claisceadal beiḋ ḟios aige an méid sin, gan a ḋul ṫairis sin

Rud eile atá i n‑easbaiḋ ar óg agus ar aosta sa tír seo seaḋ ceol-drámaí. Cá ḃféadfaḋ an Roinn Oideaċais beart níos foġanta a ḋéanaṁ ná a leiṫéidi [sic] seo a ċur ar bun ins na scoltaċa [sic]. Tá áḋḃar cuid ṁaiṫ i stair na h‑Éireann le h‑aġaiḋ drámaí dá sórt, agus sé ar [sic] mbaraṁail go mba obair í a mbéaḋ an toraḋ céadtaċ dá bárr. Sa gcéad ċás de, raċaḋ sé ’un tairḃe de luċt foġlumṫa na staire agus na Gaeḋilge, ċoṁ maiṫ le ċéile, agus rud eile ḋe cleaċtfaiḋe na h‑aṁráin Ġaeḋilge agus spreagfaḋ sé an t‑aos óg le spéis a ċur ionnta. Is iomḋa aṁrán Gaeḋilge…