Ní raibh fáil againn ar íomhá ard-chaighdeáin den leathanach bunaidh ach má aimseoimid a leithéid tabharfaimid an íomhá chun dáta.
Níor tugadh ainm údar an dara ailt atá ar an leathanach seo — Cogar a Mhná — ach cuireadh leis an tras-scríbhinn dhigiteach é ar aon chuma.
De réir mar chloisim, chuaigh Caoimhghín Ó Danachair go Dún Chaoin faoi Nollaig seo caite, d’fhonn cuid de scéalta Pheig Sayers a chur ar cheirníní gramafóin. Bhí na céadta scéal curtha síos uaithi le chúig bhliana déag anuas ag Seosamh Ó Dálaigh, an bailitheoir seasta a bhí ag an gCoimisiún i gCorca Dhuibhne; ach ar an edifón a cuireadh iad sin agus ní gléas maith é le glór duine a bhuanú. Ach nuair a shroich Caoimhghín Dún Caoin ní raibh Peig roimhe, mar bhí sí san ospidéal i nDaingean Uí Chúise. Bhí baol ann nach bhféadfaí a glór a chur ar cheirníní chor ar bith, ach ansin, tugadh Peig go Trá Lí agus as sin go Baile Átha Cliath, áit a bhfuil sí anois. Tá a glór breá soiléir i gcónaí agus fonn seanchais agus scéalaíochta uirthi mar bhíodh ar an Oileán Tiar.
Bhí sí féin lán-tsásta cuid dá cuid seanchais agus dá cuid scéalta a chur ar cheirníní don Choimisiún, nuair a míníodh di céard a bhí ag teastáil, agus is maith mar chuidigh lucht stiúrtha Ospidéil Naoimh Anna leis an obair a chur i gcrích. Thug Seán Ó Súilleabháin agus Caoimhghín Ó Danachair cuairt uirthi trí h‑uaire le seachtain (bhí An Seabhac leo uair acu sin) agus cuireadh síos cuid mhór seanchais agus scéalta uaithi le cur i dtaisce in oifigí an Choimisiúin. Sé an chaoi a raibh ríméad ar Pheig — mar bhí chuile lá ariamh — labhairt ar na nithe ab eol di. Is geall le bheith thar n‑ais sa bhaile arís dom é,
a dúirt sí, bheith ag eachtraíocht dom cháirde féin.
Is iomaí seanchaí a casadh liom in mo shaoal a chuir an chainnt sin i gcuimhne dom, agus fuair mé sin le n‑aithris arís inniu agus mé ag éisteacht le Peig ag aithris scéalta agus paidreacha do lucht an Choimisiúin. Bhí sí ansin ina luí agus cé nár mhaith ba léir di iad seo a bhí ina timpeall, b’fhurast a aithint ar a h‑éadan agus ar a briathra béil go mba léir di — gan smúit ná ceo ar bith — ina h‑intinn féin, na nithe seo a tháinig abhaile léi i bhfad ó shin agus i bhfad ó bhaile, agus atá fíte-fuaite le saoiúilacht agus le feallsúnacht agus le creideamh Gael.
Más fíor gur luígh an aois! Más fíor! I gcomórtas le daoine eile níor luígh; ach déarfá leat féin gur éalaigh sí uirthi, mar aois. Agus chasfaí daoine leat nár threabh leath an oiread léi agus ní thúrfá an taithneamh chéana dá ngáire. Bhí Seán Ó Súilleabháin ansin is é ag tabhairt cluais dá cuid cainte. Cupla uair, mar ghníodh a leithéide ar ócáid den tsórt sin, fuair sé caidéis eicínt don scéal, agus bhain sé gáire as Pheig — gáire croíúil geanúil. Bhí sí ag aithris scéil faoin maigheadean mhara agus caint eicínt a chaith sí, agus, ar sise, Bhí an chaint aici.
Sin é an fhearacht ag Peig é: tá an chaint aici agus í go ceolmhar, agus ní rachadh focal di ó thuiscint ar a comh-dhuine i gConnachta ná i gCúige Uladh.
Bláth is biseach uirthi féin is ar a h‑oidhreacht uasal, is go dtugaidh Dia slán abhaile í.
Coisín Shiúlach
Nuair a d’éirigh mé ar maidin is go bhfaca mé an sneachta tháinig cupla líne d’amhrán in mo bhéal:—
Tá an sneachta ar lár is barr as chomh dearg le fuil,
Samhail mo ghrá ní fhághaim mbealach ar bith.
Úna Bhán, bláth na ndlaoi ómra. An bhean úd a raibh gile is finne is luisne innti má bhí sé in aon bhean ariamh, agus a raibh an sneachta is an caor ag caismirth le chéile ina gruaidh agus ins “an laigéadan” —
Dár chlaon an lile i ngile ’s an gal gréine,
Dhá dtrian finne go dtigid don láimh bhéasaigh
Mar bhraonta fola ’gá n‑ionnladh sa lá glégeal.A bráid mar an lile is faide ná lán réise,
Ar scáth na smige tá snaoíte go lán-déanta;
Clár a h‑ochta mar chulaith na bán-ghéise
I mbruach na tuinne ’gá folcadh lá gréinne.Shiúil mé Iorrus go deimhin ’s go leor den tír,
In aon áit ní fhaca mé seoid mar í;
Réalta an tsolais gan time ’s a h‑órla buidhe,
’S go gcuirfeadh a gile siúd maise ar an ród san oíche.
An bhean seo a raibh a —
Naoidh-chorp snoidhte gan chionnta acht mar bhláth sméara,
’S thrí chaol-chroibh linbh go dtiocfadh go lán-éascaidh
Bhí aici, freisin, píobán ró-bhreá ar nós an aoil
. Taobh is gile ná coipeadh na gcuan seo thíos
com is gile ná sneachta na bánóige
, agus an lasadh breá on gcaor na gruaidh. Sí a rinne creach an fhile.
Dá bhfeictheá mo ró-ghrá ’s a h‑órla buí.
’Gus a píobán ró-bhreá ar nós an aoil.
’S a faoidh-gháire fíneálta do bhreoidh mo chroí —
Mo dhíobháil ó chliabhán go cróchar í.Chualas do thuairisg ’s níor thaithnigh sí liom,
Folt dualach, cuachach, fada, roighin, trom.
A suan-chorp ba fuaire ná an sneachta faoi bhonn —
Mo thrua mar buaileadh í an aicíd choim
Ba í mo dhíobháil-sa í féin agus a tuairisc ar maidin inniu, gan trácht ar an bhfile, an t‑ógánach den chine nár ghann
a d’fhág sí i mbrón chasta agus ar cheannach leis í thabhairt ón mbás is na hannaí dochta a scaoileadh lena scread:—
Úna bhán, ní h‑áil liom féin ach tú,
Tarraig go dána a chlár [sic] an éadan [sic] úir
Agus arís
’ Úna bhán nach gránna an luí sin ort—
Do cheann le fánaidh i‑n áit na mílte corp;
Mara dtugaidh tu [sic] orm freagra a bhéal a bhí riamh gan locht
Ní thaobhóidh mé t’ásus go bráth ach an oíche anocht.
De ɼéiɼ maɼ ċloiſim, ċuaiḋ Caoiṁġín ó Danaċaiɼ go Dún Ċaoin faoi Noḋlaig ſeo caiṫte, d’ḟonn cuid de ſcéalta Ṗeig Sayers a ċuɼ aɼ ċeiɼníní gɼamafóin. Ḃí na céadta ſcéal cuɼṫa ſíoſ uaiṫi le ċúig ḃliadna déag anuaſ ag Seoſaṁ ó Dálaiġ, an bailiġṫeoiɼ seaſta a ḃí ag an gCoimiſiún i gCoɼca Ḋuiḃne; aċ aɼ an edifón a cuiɼeaḋ iad ſin aguſ ní gléaſ maiṫ é le glóɼ duine a ḃuanú. Aċ nuaiɼ a ẛɼoiċ Caoiṁġín Dún Caoin ní ɼaiḃ Peig ɼoiṁe, maɼ ḃí ſí ſan oſbuidéal i nDaingean Uí Ċúiſe. Ḃí baoġal ann naċ ḃféadfaí a glóɼ a ċuɼ aɼ ċeiɼníní ċoɼ aɼ biṫ, aċ annſin, tugaḋ Peig go Tɼáiġlí aguſ aſ ſin go Baile Áṫa Cliaṫ, áit a ḃfuil ſí anoiſ. Tá a glóɼ bɼeaġ ſoiléiɼ i gcoṁnaiḋe aguſ fonn ſeanċaiſ aguſ ſcéalaiḋeaċta uiɼṫi maɼ ḃíoḋ aɼ an Oileán Tiaɼ.
Ḃí ſí féin lán-tſáſta cuid dá cuid ſeanċaiſ aguſ dá cuid ſcéalta a ċuɼ aɼ ċeiɼníní do’n Ċoimiſiún, nuaiɼ a míniġeaḋ di céaɼd a ḃí a’ teaſtáil, aguſ iſ maiṫ maɼ ċuidiġ luċt ſtiúɼṫa Oſbuidéil Naoiṁ Anna leiſ an obaiɼ a ċuɼ i gcɼíċ. Ṫug Seán Ó Súilleaḃáin aguſ Caoiṁġín Ó Danaċaiɼ cuaiɼt uiɼṫi tɼí h‑uaiɼe le ſeaċtṁain (ḃí An Seaḃac leo uaiɼ aca ſin( aguſ cuiɼeaḋ ſíoſ cuid ṁóɼ ſeanċaiſ aguſ ſcéalta uaiṫi le cuɼ i dtaiſce in oifigí an Ċoimiſiúin. Sé’n ċaoi a ɼaiḃ ɼíméad aɼ Ṗeig — maɼ ḃí ċuile lá aɼiaṁ — laḃaiɼt aɼ na neiṫe ab eol di. Iſ geall le ḃeiṫ ṫaɼ n‑aiſ ſa ḃaile aɼíſ dom é,
aduḃaiɼt ſí, ḃeiṫ ag eaċtɼaiḋeaċt dom ċáiɼde féin.
Iſ iomḋa ſeanċaiḋe a caſaḋ liom in mo ẛaoġal a ċuiɼ an ċainnt ſin i gcuiṁne dom, aguſ fuaiɼ mé ſin le n‑aiṫɼiſ aɼíſt indiu aguſ mé ag éiſteaċt le Peig ag aiṫɼiſ ſcéalta aguſ paidɼeaċa do luċt an Choimiſiúin. Ḃí ſí annſin ina luiġe aguſ cé náɼ ṁaiṫ ba léiɼ di iad ſeo a ḃí ina timċeall, b’ḟuɼaſt aiṫint aɼ a h‑éadan aguſ aɼ a bɼiaṫɼa béil go mba léiɼ di — gan ſmúit ná ceo aɼ biṫ — ina h‑intinn féin, na neiṫe ſeo a ṫáinig aḃaile léi aḃfad ó ẛoin aguſ aḃfad ó ḃaile, aguſ atá fiġte fuaiġte le ſaoiḋeaṁlaċt aguſ le feallſaṁnaċt aguſ le cɼeideaṁ Gaeḋeal.
Má’ſ fíoɼ guɼ luiġ an aoiſ! Má’ſ fíoɼ! I gcomóɼtaſ le daoine eile níoɼ luiġ; aċ déaɼfá leat féin guɼ éaluiġ ſí uiɼṫi, maɼ aoiſ. Aguſ caſfaiḋe daoine leat ná’ɼ ṫɼeaḃ leaṫ an oiɼead léi aguſ ní ṫiúɼfá an taiṫneaṁ ċéadna dá ngáiɼe. Ḃí Seán Ó Súilleaḃáin annſin iſ é a’ taḃaiɼt cluaiſ dá cuid cainnte. Cupla uaiɼ, maɼ ġníoḋ a leiṫéide aɼ ócáid de’n tſóɼt ſin, fuaiɼ ſé caidéiſ eicínt do’n ſcéal, aguſ ḃain ſé gáiɼe aſ Ṗeig — gáiɼe cɼoiḋeaṁail geanaṁail. Ḃí ſí ag aiṫɼiſ ſcéil faoi’n maiġeadn [sic] ṁaɼa aguſ cainnt eicínt a ċaiṫ ſí, aguſ, aɼ ſiſe, Ḃí an ċaint aici.
Sin é an ḟeaɼaċt ag Peig é: tá an ċainnt aici aguſ í go ceolṁaɼ, aguſ ní ɼaċaḋ focal di ó ṫuiſcint aɼ a coṁ-ḋuine i gConnaċta ná i gCúige Ulaḋ.
Bláṫ iſ biſeaċ uiɼṫi féin iſ aɼ a h‑oiḋɼeaċt uaſal, iſ go dtugaiḋ Dia ſlán aḃaile í.
Coiſín Ṡiúlaċ
Nuaiɼ a d’éiɼiġ mé aɼ maidin iſ go ḃfaca mé an ſneaċta ṫáinig cupla líne d’aṁɼán in mo ḃéal:—
Tá an ſneaċta aɼ láɼ iſ baɼɼ aſ ċoṁ deaɼg le fuil,
Saṁail mo ġɼáḋ ní ḟáġaim mbealaċ aɼ biṫ.
Úna Ḃán, bláṫ na ndlaoi ómɼa. An ḃean úd a ɼaiḃ gile iſ finne iſ luiſne innte má ḃí ſé in aon ḃean aɼiaṁ, agus a ɼaiḃ an ſneaċta iſ an caoɼ a’ caiſmiɼṫ le ċéile ina gɼuaiḋ aguſ inſ “an laigéadan” —
Dáɼ ċlaon an lile i ngile ’ſ an gal gɼéine,
Ḋá dtɼian finne go dtigid don láiṁ ḃéaſaiġ
Maɼ ḃɼaonta fola ’gá n‑ionnlaḋ ſa lá glégeal.A bɼáġaid maɼ an lile iſ fuide ná lán ɼéiſe,
Aɼ ſgáṫ na ſmige tá ſnaoiḋte go lán-déanta;
Cláɼ a h‑oċta maɼ ċulaiṫ na bán-ġéiſe
I mbɼuaċ na tuinne ’gá folcaḋ lá gɼéinne.Ṡiuḃail mé Ioɼɼuſ go deiṁin ’ſ go leoɼ den tíɼ,
In aon áit ní ḟaca mé ſeoid maɼ í;
Réalta an tſoluiſ gan time ’ſ a h‑óɼla buiḋe,
’S go gcuiɼfeaḋ a gile ſiúd maiſe aɼ an ɼód ſan oiḋċe.
An ḃean ſeo a ɼaiḃ a —
Naoiḋ-ċoɼp ſnoiḋte gan ċionnta aċt maɼ ḃláṫ ſméaɼa,
’S ṫɼí ċaol-ċɼoiḃ leinḃ go dtiocfaḋ go lán-éaſcaiḋ
Ḃí aici, fɼeiſin, píobán ɼó-ḃɼeaġ aɼ nóſ an aoil
. Taoḃ iſ gile ná coipeaḋ na gcuan ſeo ṫíoſ
com iſ gile ná ſneaċta na bánóige
, aguſ an laſaḋ bɼeaġ on gcaoɼ na gɼuaiḋ. Sí ’ ɼinne cɼeaċ an ḟile.
Dá ḃfeicṫeá mo ɼó-ġɼáḋ ’ſ a h‑óɼla buiḋe.
’Guſ a píobán ɼó-ḃɼeaġ aɼ nóſ an aoil.
’S a faoiḋ-ġáiɼe fíneálta do ḃɼeoiḋ mo ċɼoiḋe —
Mo ḋíoġḃáil ó ċliaḃán go cɼóċaɼ í.Ċualaſ do ṫuaiɼiſg ’ſ níoɼ ṫaiṫniġ ſí liom,
Folt dualaċ, cuaċaċ, fada, ɼoiġin, tɼom.
A ſuan-ċoɼp ba fuaiɼe ná an ſneaċta faoi ḃonn —
Mo ṫɼuaiġe maɼ buaileaḋ í an aicíd ċuim
Ba í mo ḋíoġḃáil-ſa í féin aguſ a tuaiɼiſc aɼ maidin indiu, gan tɼáċt aɼ an ḃfile, an t‑ógánaċ de’n ċine náɼ ġann
a d’ḟág ſí i mbɼón ċaſta aguſ aɼ ċeannaċ leiſ í ṫaḃaiɼt ón mbáſ iſ na hannaiḋe doċta a ſcaoileaḋ lena ſcɼead:—
Úna ḃán, ní h‑áil liom féin aċ tú,
Taɼɼaig go dána a ċláɼ [sic] an éadan [sic] úiɼ
Aguſ aɼíſt
’ Úna ḃán naċ gɼánna an luiġe ſin oɼt—
Do ċeann le fánaiḋ i‑n áit na mílte coɼp;
Maɼa dtugaiḋ tu [sic] oɼm fɼeagɼa a ḃéal a ḃí ɼiaṁ gan loċt
Ní ṫaoḃóċaiḋ mé t’áſuſ go bɼáṫ aċ an oiḋċe anoċt.