Scéala Éireann: Seo is Siúd (22ú Meán Fómhair 1951)

Ní raibh fáil againn ar íomhá ard-chaighdeáin den leathanach bunaidh ach má aimseoimid a leithéid tabharfaimid an íomhá chun dáta.

Tras-scríbhinn chaighdeánaithe

Seo is siúd

An leathanach bunaigh, arna scanadh ar caighdeán íseal.
Scan den leathanach bunaidh seo in Scéala Éireann. Le caoinchead Leabharlann Acadamh Ríoga na hÉireann.

Níor dhúirt mé seo ná siúd le mí anuas. Ní hionann sin is a rá, ar ndóigh, nach raibh mé ag déanamh mo smaointe, mar a dúirt an bhean fadó; mé ag tabhairt corrgheábh anseo is ansiúd agus ag tabhairt rudaí chun suime. Ach fágfaidh mé iad sin mar sin go malairt uaire.

Is cuimhneach libh, b’fhéidir, an cat údan a rinne an chríonnacht, rud a thug do dhaoine a rá chuir mé chomh fada é is chuir an cat an dá phingin. Ní hé go bhfuil mé ag moladh d’aon duine anois (ná an uair sin) céard is cóir dó a dhéanamh, ach deirim aríst nár mhiste a bheagán nó a mhórán den tseanchas a bhí i gceist agam a roinnt le mic léinn i leaba liosta tur seanfhocal is sean-abairtí a thabhairt dóibh le foghlaim. Sé an peaca é go bhfuil go leor den tseanchas scaoilte le sruth againn, ach an méid nach bhfuil?

Is iontach an lán Béarlachais a bhíos le cloisteáil an aimsir seo, agus idir sin agus an Béarla ní mór don té ar bogadh an Ghaeilge sa gcliabhán féin leis, ní mór dó a bheith san airdeall más leis a chuid Gaeilge a thabhairt saor ón smál. Tugaim faoi deara, cuir i gcás, go bhfuiltear ag déanamh ar shiúl gan taise le go leor de na briathra. Bíonn chuile shórt ag cuid againn anois, ár mbricfeasta is ár ndinnéar is go fiú an ubh chirce. Ní hitear ná ní hóltar blas, agus an phian féin, ní orainn a bhíonn sí ach againn.

Bhíodh gasúir dhíchéillí ann fadó a ghníodh aicearra tríd an ngeamhar agus a d’fhágadh leagtha é, agus chualamar trácht go minic ar an aicearra údan eile: aicearra an chait tríd an ngríosach. Tá go leor ann a déarfadh gurb shin í an chontúirt atá leis an nGaeilge dhe sin. Ach nach é an saol atá ann é? Cár fhág tú an déine, an deifir is an driopás, deamhan diabhal is mac mallachta atá ann lenar n‑aghaidh a thógáil den teanga! Dá mba é an naíonán féin é is iomaí sin bealach atá ann lena bhréagadh seachas a dhul chun tláithínteachta leis nó cogairín a chur ina chluais i mBéarla ná i nGaeilge mar ghníodh Mamó fadó. Agus,idir shúgradh is dáiríre, b’ait ó Mhamó Gaeilge a mhúineadh nuair a bhíodh sí ag oiliúint sa gclúid fadó gan trácht ar na hamhráin múirnéise a bhronn sí féin is mná oiliúna dá sórt orainn. Ach ní shin é an moladh a chloisfeá ar Mhamó anois ach go bhfuil sí ag dul in aois na hóige, nach bhfuil ribe liath ina ceann, nó nár luí aois ná aimsir uirthi. Nó más Mamó baile mhóir í, sé a dualgas a bheith ar chuile chruinnniú is í ag dul i gcomórtas leis na cailíní óga i snua is i ndath. Ach is mór m’eagla gur as béal Bhean Páidín atá mé ag baint na cainte anois agus is fearr dom éirí as agus fanacht ‘i mbun’ na Gaeilge cé gurb iomaí sin duine bhfuil sí mar ‘ghárlach’ aige.

Agus anois, céard do bharúil do ghluaiseacht seo na Gaeilge? a chloiseas tú daoine a rá.

Múin í, a déarfainn féin leis an té a bhfuil sí aige; foghlaim í a déarfainn leis an té nach bhfuil.

Ach cá bhfios dá mbeadh an Ghaeilge ag na huaisle nach mbeadh linn? Léigh leat an dreaglainn seo a chuala mé sa nGaeltacht tráth:—

…Faoina chóta breá bearskin is péire breá leggings,
Chuaigh sé ar féasta ag ladies an Chlocháin,
Ach nuair nach raibh Béarla aige b’éigin dó tiomáint.

Agus cuireann sin scéilín eile a chuala mé sa nGaeltacht i gcuimhne dhom. Tharla gur casadh an tiarna talún agus dream fear as an áit i dteach ósta, agus creidim go rabhadar ag ól braon agus ag gabháil fhoinn. B’shin é an tráth a mbíodh coimhlint idir fonnadóirí i dteach an óil agus an barraille dhá dhiúgadh, mar déarfá, ócáid den tsórt, b’fhéidir, a thug don fhile a rá:—

Céad slán le Loch Mór, sé mo bhrón gan mé anocht lena taobh,
Mar is iomaí sin bóithrín caol uaigneach ag dul idir mé is í;
Ansiúd a bhíodh an spóirt againn ag cur ceoil agus gaisce ina suí,
Is bhíodh an jug ar an mbord ann is mo stóirín fial, fairsing á roinnt.

Ach, más fíor an scéal atá i gceist agam, bhí an-spéis ag an tiarna talún in amhráin agus sé féin a chuir an cheathrú barraille ar clár. Thosaigh na fonnadóirí orthu agus céard deir tú leo nár thosaigh ag gabháil amhráin Bhéarla d’fhonn an tiarna talún a shásamh. Sa deireadh labhair an tiarna talún é féin agus d’iarr ar dhuine eicínt a leithéide seo d’amhrán Gaeilge a chur dá chroí. Rinne seisean amhlaidh agus ní raibh dur as aonduine dá raibh cruinn. Nuair a bhí an t‑amhrán ráite b’ag an tiarna talún a bhí tús cainte, agus seo í an chaint a tháinig do:—

Sin é an t‑amhrán agaibh, a phaca diabhal, is ní plubar‑plabar Béarla.

Coisín Shiúlach

Tras-scríbhinn dhíreach

Seo is siúd

An leathanach bunaigh, arna scanadh ar caighdeán íseal.
Scan den leathanach bunaidh seo in Scéala Éiɼeann. Le caoinchead Leabharlann Acadamh Ríoga na hÉireann.

Níor ḋuḃaiɼt mé ſeo ná ſiúd le mí anuaſ. Ní h‑ionann ſin is a ráḋ, aɼ ndóiġ, naċ ɼaiḃ mé a’ déanaṁ mo ſmaointe, maɼ adubaiɼt an ḃean fadó; mé ag taḃaiɼt coɼɼ-ġeáḃ annſeo iſ annſiúd aguſ a’ taḃaiɼt ɼudaí ’un ſuime. Aċ fágfaiḋ mé iad ſin maɼ ſin go malaiɼt uaiɼe.

Iſ cuiṁneaċ liḃ, b’ḟéidir, an cat údan a ɼinne an ċɼíonnaċt, ɼud a ṫug do ḋaoine a ɼáḋ ċuiɼ mé ċoṁ fada é iſ ċuiɼ an cat an dá ṗingin. Ní h‑é go ḃfuil mé a’ molaḋ d’aon duine anoiſ (ná an uaiɼ ſin) céaɼd iſ cóiɼ dó a ḋéanaṁ, aċ deiɼim aɼíſt ná’ɼ ṁiſde a ḃeagán nó a ṁóɼán de’n tſeanċaſ a ḃí i gceiſt agam a ɼoinnt le mic-léiġinn i leaba lioſta tur sean-ḟocal iſ ſean-abaiɼtí a ṫaḃaiɼt dóiḃ le foġluim. Ṡé’n peaca é go ḃfuil go leoɼ de’n tſeanċaſ ſcaoilte le ſruṫ againn, aċ an méid naċ ḃfuil?

Iſ iongantaċ an lán Béaɼlaċaiſ a ḃíoſ le cloiſteáil an aimſiɼ ſeo, aguſ idiɼ ſin aguſ an Béaɼla ní móɼ do’n t‑é aɼ bogaḋ an Ġaeḋilge ſa gclaiḃán féin leiſ, ní móɼ dó a ḃeiṫ ſan áiɼdeall má’ſ leiſ a ċuid Gaeḋilge a ṫaḃaiɼt ſaor ó’n ſmál. Tugaim faoi deaɼa, cuiɼ i gcáſ, go ḃfuilteaɼ a’ déanaṁ aɼ ſiuḃal gan taiſe le go leoɼ de na bɼiaṫɼa. Bíonn ċuile ẛóɼt ag cuid againn anoiſ, ar mbɼicfeaſta is ar ndinnéaɼ iſ go fiú an uḃ ċiɼce. Ní h‑iteaɼ ná ní h‑óltaɼ blaſ, aguſ an ṗian féin, ní oɼainn a ḃíonn ſí aċ againn.

Ḃíoḋ gaſúiɼ ḋiṫċéillí ann fadó a ġníoḋ aiṫġiorra tɼíd an ngeaṁaɼ aguſ a d’ḟágaḋ leagṫa é, agus ċualamar tráċt go minic aɼ an aiṫġiorra údan eile: aiṫġiorra an ċait tríd an ngɼíoſaiġ. Tá go leoɼ ann adéaɼfaḋ guɼab ẛin í an ċontaḃaiɼt atá leiſ an nGaeḋilge ḋe ſin. Aċ naċ é an saoġal atá ann é? Cá’ɼ ḟág tú an déine, an deifiɼ ’ſ an dɼiopáſ, deaṁan diaḃal iſ mac mallaċtain atá ann lenaɼ n‑aġaiḋ a ṫógáil de’n teanga! Dá mba é an naoiḋeanán féin é iſ iomḋa ſin bealaċ atá ann le na ḃréagaḋ ſeaċaſ a ḋul ’un tláṫaiḋeaċta leiſ nó cogaiɼín a ċuɼ ina ċluaiſ i mBéaɼla ná i nGaeḋilge maɼ ġníoḋ Mamó fadó. Aguſ, idiɼ ẛúgɼaḋ iſ dáiɼíɼe, b’ait ó Ṁamó Gaeḋilge a ṁúineaḋ nuaiɼ a ḃíoḋ ſí ag oileaṁaint ſa gclúid fadó gan tɼáċt aɼ na h‑aṁɼáin múiɼnéiſe a ḃɼonn ſí féin iſ mná oileaṁna d’á ſóɼt oɼainn. Aċ ní ẛin é an molaḋ a ċloiſfeá aɼ Ṁamó anoiſ aċ go ḃfuil ſí a’ dul in aoiſ na h‑óige, naċ ḃfuil ɼibe liaṫ ’na ceann, nó náɼ luiġ aoiſ ná aimsiɼ uiɼṫi. Nó má’ſ Mamó baile ṁóiɼ í, ſé a dualgaſ a ḃeiṫ aɼ ċuile ċɼuinnniú iſ í a’ dul i gcomóɼtaſ leiſ na cailíní óga i ſnuaiḋ iſ i ndaṫ. Aċ iſ móɼ m’eagla guɼ aſ béal Ḃean Páidín atá mé a’ baint na cainnte anoiſ aguſ iſ feaɼɼ dom éiɼġe aſ aguſ fanaċt ‘ i mbun ’ na Gaeḋilge cé guɼab iomḋa ſin duine ḃfuil ſí maɼ ‘ ġáɼlaċ ’ aige.

Aguſ anoiſ, céaɼd do ḃaɼaṁail do ġluaiſeaċt ſeo na Gaeḋilge? a ċloiſeaſ tú daoine a ɼáḋ.

Múin í, adéaɼfainn féin leiſ an t‑é a ḃfuil ſí aige ; foġluim í adéaɼfainn leiſ an t‑é naċ ḃfuil.

Aċ cá ḃfioſ dá mbeaḋ an Ġaeḋilge ag na h‑uaiſle naċ mbeaḋ linn? Léiġ leat an dɼeaglainn ṡeo a ċuala mé ſa nGaeḋealtaċt tráṫ:—

…Faoi na ċóta breaġ bearskin iſ péiɼe breaġ leggings,
Ċuaiḋ ſé aɼ féaſta ag ladies an Ċloċáin,
Aċ nuaiɼ naċ ɼaiḃ Béaɼla aige b’éigin dó tiomáint.

Aguſ cuiɼeann ſin ſcéilín eile a ċuala mé ſa nGaeḋealtaċt i gcuiṁne ḋom. Ṫáɼla guɼ caſaḋ an tiġeaɼna talṁan aguſ dɼeam feaɼ aſ an áit i dteaċ óſta, aguſ cɼeidim go ɼaḃadaɼ ag ól bɼaon aguſ a’ gaḃáil ḟuinn. B’ẛin é an tɼáṫ a mbíoḋ coiṁlinnt idiɼ fonnadóiɼí i dteaċ an óil aguſ an baɼɼaille ’ġá ḋiúgaḋ, maɼ déaɼfá, ócáid de’n tſóɼt, b’ḟéidiɼ, a ṫug do’n ḟile a ɼáḋ:—

Céad ſlán le Loċ Mór, ſé mo ḃɼón gan mé anoċt le na taoḃ,
Maɼ is iomḋa ſin bóiṫɼín caol uaigneaċ a ’ dul idiɼ mé iſ í;
Annſúd a ḃíoḋ an ſpóiɼt a’inn a’cur ceoil aguſ gaiſce ’na ſuiḋe,
’ſ ḃíoḋ an jug aɼ an mbóɼd ann iſ mo stóiɼín fial, faiɼſing gá ɼoinnt.

Aċ, má’ſ fíoɼ an ſcéal atá i gceiſt agam, ḃí an-ſpéiſ ag an tiġeaɼna talṁan in aṁɼáin aguſ ſé féin a ċuiɼ an ċeaṫraṁa baɼraille aɼ cláɼ. Ṫoſaiġ na fonnadóiɼí orṫu aguſ céaɼd deiɼ tú leo náɼ ṫosuiġ a’ gaḃáil aṁɼáin Ḃéarla d’ḟonn an tiġeaɼna talṁan a ẛáſaṁ. Sa deiɼe laḃaiɼ an tiġeaɼna talṁan é féin aguſ d’iaɼɼ aɼ ḋuine eicínt a leiṫéide ſeo d’aṁɼán Gaeḋilge a ċuɼ d’á ċɼoiḋe. Rinne ſeiſean aṁlaiḋ aguſ ní raiḃ duɼ aſ aonduine dá ɼaiḃ cɼuinn. Nuaiɼ a ḃí an t‑aṁɼán ráiḋte b’ag an tiġeaɼna talṁan a ḃí túſ cainnte, aguſ ſeo í an ċainnt a ṫáinig do:—

Sin é an t‑aṁɼán agaiḃ, a ṗaca diaḃal, iſ ní plubaɼ‑plabaɼ Béaɼla.

Coiſín Ṡiúlaċ