Scéala Éireann: Seo is Siúd (28ú Aibreán 1951)

Ní raibh fáil againn ar íomhá ard-chaighdeáin den leathanach bunaidh ach má aimseoimid a leithéid tabharfaimid an íomhá chun dáta.

Tras-scríbhinn chaighdeánaithe

Seo is siúd

An leathanach bunaigh, arna scanadh ar caighdeán íseal.
Scan den leathanach bunaidh seo in Scéala Éireann. Le caoinchead Leabharlann Acadamh Ríoga na hÉireann.

Is minic a chloisfeá daoine a rá go bhfuil Gaeil na linne seo róthugtha don damhsa agus má castar gasra beag acu i dteannta a chéile nach beo iad gan a dhul ar urlár, ní bhíonn scéal ar bith gan údar, [do-léite], agus sé an t‑údar atá leis sin   más fíor   nach bhfuil Gaeil na haimsire seo chomh saoithiúil leis an dream a tháinig rompu; nach bhfuil siad in ann a gcomhrá a dhéanamh ná sult ar bith a chur ar fáil dóibh féin — agus is maith ann an damhsa ansin.

Níl a fhios agam féin é, mar a deir an t‑amhrán, ach tá a fhios agam go bhfuil dream áirid anseo i mBaile Átha Cliath a chleachtann rud thar dhamhsa. Bíonn oíche cheoil agus foinn ar siúl i gCraobh Móibhí de Chonradh na Gaeilge, in éadan na míosa. Tugtar cuireadh do lucht ceoil agus amhrán agus bíonn a bheag nó a mhór le rá acu seo d’fhonn an slua a chur ar an eolas maidir leis an gceol agus leis na hamhráin a bhíos á gcasadh. Nior mhiste do lucht stiúrtha coirmeacha ceoil agus céilithe déanamh dá réir, feictear dom féin. Is minic go scaoiltear fonnadóir nó ceoltóir suas ar ardán agus nach dtugtar leide dá laghad don chomhluadar ná ainm an amhráin ná an píosa ceoil, ach an oiread. Ní bhíonn a leithéide ag teastáil san áit a bhfuil an ceol agus na hamhráin ar eolas ag na daoine, ach ní sa chuile áit atá sin amhlaidh.

Is fiú Craobh Móibhí a mholadh, as ucht a bhfuil siad a chur de spéis insan gceol dúchais.

an claisceadal

Deir lucht a stiúrtha linn gur éirigh thar cionn leis an gClaisceadal ó hathbhunaíodh é; go bhfuil suas le fiche amhrán foghlamtha ag na baill a bhíos i láthair chuile Shatharn agus go bhfuil súil ag an gCoiste nach fada go mbeidh ar a gcumas cnuasach amhrán maille le foinn a fhoilsiú.

Inniu a chuirfear deireadh le obair an téarma seo, maidir le cleachtadh de sin, ach ní hé an buille scoir é. Shan oíche Dé Mairt seo chugainn, oíche Lae Bealtaine, beidh Siamsa agus Té ar siúl do na baill agus dá gcairde in Amharclann an R.I.A. M. Sraith an Iarthair ag a 7.30. Is féidir roinnt ticéad fá na chomhair seo a fháil go fóill (ar 2/6) in Oifig an Oireachtais, 14 Cearnóg Pharnell.

coiste na bpáistí

Tá obair Choiste na bPáistí faoi lántseoil aríst agus na Ceard Chumainn ag teacht isteach sa scéim amhail gach bliain eile.

Is mian le Ard-Cheannasaíocht an Oirthir a bheith páirteach sa scéim freisin, agus táid ag stócáil cheana le i bhfad níos mó páistí uatha a chur chuig an nGaeltacht má mar cuireadh aon bhliain go dtí seo. Déanfar iarracht páistí oifigeach agus páistí sairsintí chomh maith le páistí saighdiúirí a bheith ar an ngasra a rachfas siar agus tá chuile dhóchas ag an gCoiste Stiúrtha go n‑éireoidh thar barr leo.

Aon duine ar mian leis tuairisc ar bith a fháil faoin Scéim cuireadh sé tuairisc go dtí an Rúnaí Mícheál Ó Maoláin, 31 Sráid na nGort Arbair, Áth Cliath.

Coisín Shiúlach

Tras-scríbhinn dhíreach

Seo is siúd

An leathanach bunaigh, arna scanadh ar caighdeán íseal.
Scan den leathanach bunaidh seo in Scéala Éiɼeann. Le caoinchead Leabharlann Acadamh Ríoga na hÉireann.

Is minic a ċloiſfeá daoine a ɼáḋ go ḃfuil Gaeḋil na linne ſeo ɼó-ṫugṫa do’n damſa aguſ má caſtaɼ gaſɼa beag aca i dteannta a ċéile naċ beo iad gan a ḋul aɼ uɼláɼ, ní ḃíonn ſcéal ar biṫ gan uġdaɼ, [do-léite], aguſ ſé’n t‑uġdaɼ atá leiſ ſin — má’ſ fíoɼ — naċ ḃfuil Gaeḋil na h‑aimſiɼe ſeo ċoṁ ſaoiṫeaṁail leiſ an dream a ṫáinig ɼompa; naċ ḃfuil ſiad in ann a gcoṁɼáḋ a ḋéanaṁ ná sult aɼ biṫ a ċuɼ aɼ faġáil dóiḃ féin — aguſ iſ maiṫ ann an damſa annſin.

Níl a ḟioſ agam féin é, maɼ adeiɼ an t‑aṁɼán, aċ tá a ḟioſ gam go ḃfuil dɼeam áiṫɼid annſeo i mBaile Áṫa Cliaṫ a ċleaċtaſ ɼud ṫar ḋamsa. Bíonn oiḋċe ċeoil aguſ fuinn aɼ ſiuḃal i gCraoḃ Móiḃí de Ċonnɼaḋ na Gaeḋilge, in éadan na míoſa. Tugtaɼ cuiɼeaḋ do luċt ceoil aguſ aṁɼán aguſ bíonn a ḃeag nó a ṁóɼ le ráḋ aca ſeo d’ḟonn an ſluaġ a ċur aɼ an eolaſ maidiɼ leiſ an gceol aguſ leiſ na h‑aṁɼáin a ḃíoſ gá gcaſaḋ. Nioɼ ṁisde do luċt ſtiúɼṫa cuiɼmeaċa ceoil aguſ céiliḋeaċa déanaṁ dá ɼéiɼ, feicṫeaɼ dom féin. Iſ minic go ſcaoilteaɼ fonnadóiɼ nó ceoltóiɼ ſuaſ aɼ áɼdán aguſ naċ dtugtaɼ leide dá laġad do’n ċoṁluadaɼ ná ainm an aṁɼáin ná an píoſa ceoil, aċ an oiɼead. Ní ḃíonn a leiṫeide a’ teaſtáil ſan áit a ḃfuil an ceol aguſ na h‑aṁɼáin aɼ eolaſ ag na daoine, aċ ní ſa ċuile áit atá ſin aṁlaiḋ.

Iſ fiú Cɼaoḃ Móiḃí a ṁolaḋ, aſ uċt a ḃfuil ſiad a ċuɼ de ſpéiſ inſ an gceol dúṫċaiſ.

an claisceadal

Deiɼ luċt a ſtiúɼṫa linn guɼ éiɼiġ ṫaɼ cionn leiſ an gClaiſceadal ó h‑aṫḃunuiġeaḋ é; go ḃfuil ſuaſ le fiċe aṁɼán foġlumṫa ag na ball [sic] a ḃíos i láṫaiɼ ċuile Ṡaṫaiɼn aguſ go ḃfuil ſúil ag an gCoiſte naċ fada go mbeiḋ aɼ a gcumaſ cnuaſaċ aṁrán maille le fuinn ḟoillſiú.

Indiu a cuiɼfeaɼ deire le obaiɼ an téaɼma ſeo, maidiɼ le cleaċtaḋ ḋe ſin, aċ ní hé an buille ſcoir é. Ṡan oiḋċe Dé Maiɼt ſeo ċugainn, oiḋċe Lae Bealtaine, beiḋ Siamſa aguſ Té ar ſiuḃal do na ballaiḃ aguſ dá gcáiɼde in Aṁaɼclainn an R.I.A. M. Sɼaiṫ an Iaɼṫair ag a 7.30. Iſ féidiɼ ɼoinnt ticéad fá na ċoṁaiɼ ſeo a ḟaġáil go fóill (aɼ 2/6) in Oifig an Oiɼeaċtaiſ, 14 Cearnóg Ṗaɼnell.

coiste na bpáisdí

Tá obaiɼ Ċoisde na bPáiſdí faoi lántſeoil aɼíſt aguſ na Ceáɼd Ċumainn a tiḋeaċt iſteaċ ſa ſcéim aṁail gaċ bliaḋain eile.

Iſ mian le Ard-Ċeannaſaíoċt an Oiɼṫiɼ a ḃeiṫ páiɼteaċ ’ſa ſcéim fɼeisin, aguſ táid a’ ſtócáil ċeana le i ḃfad níoſ mó páiſdí uaṫa a ċuɼ ċuig an nGaeḋealtaċt má maɼ cuiɼeaḋ aon ḃliaḋain go dtí ſeo. Déanfaɼ iaɼɼaċt páiſdí oifigeaċ aguſ páisdí ſaiɼſintí ċoṁ maiṫ le páiſdí ſaiġdiúiɼí a ḃeiṫ aɼ an ngaſɼa a ɼaċfaſ ſiaɼ aguſ tá ċuile ḋóċaſ ag an gCoiſde Stiúɼṫa go n‑éiɼeoċaiḋ ṫar baɼɼ leo.

Aon duine aɼ mian leiſ tuaiɼiſc ar biṫ a ḟaġáil faoi an Scéim cuiɼeaḋ ſé tuairiſc go dtí an Rúnaiḋe Míċeál Ó Maoláin, 31 Sɼáid na nGoɼt Arbaiɼ, Áṫ Cliaṫ.

Coiſín Ṡiúlaċ