Scéala Éireann: Seo is Siúd (11ú Mí Márta 1950)

Ní raibh fáil againn ar íomhá ard-chaighdeáin den leathanach bunaidh ach má aimseoimid a leithéid tabharfaimid an íomhá chun dáta.

Tras-scríbhinn chaighdeánaithe

Seo is siúd

An leathanach bunaigh, arna scanadh ar caighdeán íseal.
Scan den leathanach bunaidh seo in Scéala Éireann. Le caoinchead Leabharlann Acadamh Ríoga na hÉireann.

Tá áras breá nua, áirgiúil, fúthu féin anois ag lucht Choimisiún Béaloideasa Éireann; agus go n‑eirí an imirce leo. Ach cé gur mór idir é seo agus an áit a chleacht siad i mbarr tí san Ollscoil, siad an dream tíriúil céanna atá i mbun oibre ann — dream ar páirt dá dtréithe a bheith múinte gnaithiúil le chuile dhuine a thagas ag triall orthu. Agus tagann daoine i bhfad is i ngearr ag triall orthu, idir scoláirí agus eile. Go deimhin, duine ar bith ar mian leis a dhul go bun an údair maidir le Gaeilge, le seanchas agus ceol na ndaoine, beidh treoir le fáil aige ó lucht an Choimisiúin agus ní rachaidh an Ghaeltacht amú air.

Chuir mé bail ó Dhia orthu san áras nua, 82 Faithche Stiabhna, an lá cheana, agus ar Sheán Ó Súilleabháin a bhí ina ‘fhear na stiúrach’, ann mar adeir an t‑amhrán.

Bhíomar ag caint faoi leabharlann an Dr C. W. Von Sydow as Ollscoil Lund i ndeisceart na Sualainne, leabharlann a cheannaigh an Coimisiún le deireanas. Cuirfear chuca i Mí an Mhárta seo chugainn é.

Tá dhá mhíle leabhar ar a laghad ar bith ann, agus tuilleadh le míle paimpléad — agus le béaloideas a bhainid go léir, a deir Seán liom. Fritheadh cabhair ón Rialtas (£500 ón Roinn Gnóthaí Eachtracha) lena cheannacht. Sé an tOllamh Ó Duilearga, Stiúrthóir Oifig an Choimisiúin a thóg na leabhra. Chuaigh sé go dtí an tSualainn in aon turas d’fhonn sin a dhéanamh. Béaloideas na hEorpa i gcoitinne atá i gceist sna leabhra seo agus litríocht bhéil Críocha Lochlann, go h‑áithrid.

De réir mar deir Seán Ó Súilleabháin liom, bainfear leas as na leabhra seo in Éirinn le heolas níos fearr a chur ar bhunús agus ar fhás litríochta béil ár gcine féin.

Tá tuilleadh agus naoi míle leabhar i leabharlann an Choimisiúin cheana féin. Nuair a chuirfear na cinn eile seo ina dteannta sin, beidh sé ar na leabharlanna béaloideasa is fearr agus is tábhachtaí ar domhan.

Duine de mhórscoláirí béaloideasa an domhain ab ea an Dr Von Sydow é féin. D’fhoghlaim sé an Ghaeilge anseo aimsir na nDubhChrónach. I mBéal Átha an Ghaorthaidh agus i gCorca Dhuibhne a rinne sé sin. De bharr an aistriúcháin a rinne sé féin tá Séadna le fáil i dteanga na Sualainne.

D’éirigh sé a phost in Ollscoil Lund tá cúpla bliain ó shin ann, agus mar chomhartha measa agus buíochais air as ucht a shaothair, foilsíodh, le cabhair ó scoláirí béaloideasa an domhain, leabhar tábhachtach a bhfuil na haistí is léannta dár scríobh sé le fáil ann.

in aice baile

Is gearr ó chaith foireann oibre ó Choimisiún Béaloideasa Éireann, tamall i ndeisceart agus i dtuaisceart Chontae an Chláir, áiteacha a maireann daoine fós, a thug an Ghaeilge leo ón gcliabhán. Thug an fhoireann glac breá ceirníní ar ais leo.

Beidh an béal beo buan orthu sin, ar aon nós.

Coisín Shiúlach

Tras-scríbhinn dhíreach

Seo is siúd

An leathanach bunaigh, arna scanadh ar caighdeán íseal.
Scan den leathanach bunaidh seo in Scéala Éiɼeann. Le caoinchead Leabharlann Acadamh Ríoga na hÉireann.

Tá árus breáġ nua, áiɼgeaṁail, fúthu féin anoiſ ag luċt Ċoimiſiún Béaloideaſa Éiɼeann; aguſ go n‑eiɼiġiḋ an imiɼce leo. Aċ cé guɼ móɼ idiɼ é ſeo aguſ an áit a ċleaċt ſiad i mbaɼɼ tiġe ſan Ollſcoil, ſiad an dɼeam tíoɼṫaṁail céadna atá i mbun oibɼe ann — dɼeam aɼ páiɼt dá dtɼeaṫɼa a ḃeiṫ múinte gnaoiḋeaṁail le ċuile ḋuine a ṫagaſ a’ tɼiall oɼṫu. Aguſ tagann daoine i ḃfad iſ i ngeaɼɼ a’ tɼiall oɼṫu, idiɼ ſcoláiɼí aguſ eile. Go deiṁin, duine aɼ biṫ aɼ mian leiſ a ḋul go bun an uġdaiɼ maidiɼ le Gaeḋilge, le ſeanċaſ aguſ ceol na ndaoine, beiḋ tɼeoiɼ le fáġail aige ó luċt an Ċoimiſiúin aguſ ní raċaiḋ an Ġaeḋealtaċt amuġa aiɼ.

Ċuir mé bail ó Ḋia oɼṫu ſan áɼuſ nua, 82 Faiṫċe Stiaḃna, an lá ċeana, aguſ aɼ Ṡeán Ó Súilleaḃáin a ḃí ina “ ḟeaɼ na ſtiúɼaċ, ” ann maɼ adeiɼ an t‑aṁɼán.

Ḃíomaiɼ a’ cainnt faoi leaḃaɼlann an Dɼa. C. W. Von Sydow aſ Ollſcoil Lund i ndeiſceaɼt na Sualainne, leaḃaɼlann a ċeannaiġ an Coimiſiún le deiɼionnaſ. Cuiɼfeaɼ ċuca i Mí an Ṁáɼta ſeo ċugainn é.

Tá ḋá ṁíle leaḃaɼ aɼ a laġad aɼ biṫ ann, aguſ tuille le míle paimpléad — aguſ le béaloideaſ a ḃainid go léiɼ, a deiɼ Seán liom. Fɼiṫeaḋ caḃaiɼ ón Riaġaltaſ (£500 ón Roinn Gnóṫaí Eaċtɼaċa) lena ċeannaċt. Sé an tOllaṁ Ó Duileaɼga, Stiúɼṫóiɼ Oifig an Ċoimiſiúin a ṫóg na leaḃɼa. Ċuaiḋ ſé go dtí an tSualainn in aon-tuɼaſ d’ḟonn ſin a ḋéanaṁ. Béaloideaſ na hEoɼpa i gcoitċinne atá i gceiſt inſ na leaḃɼa ſeo agus litɼiḋeaċt ḃéil Cɼíoċa Loċlann, go h‑áiṫɼid.

De réir maɼ deiɼ Seán Ó Súilleabháin liom, bainfeaɼ leaſ aſ na leaḃɼa ſeo in Éiɼinn le eolaſ níoſ feaɼɼ a ċuɼ aɼ ḃunúſ aguſ aɼ ḟáſ litɼiḋeaċta béil aɼ [sic] gcine féin.

Tá tuille aguſ naoi míle leaḃaɼ i leaḃaɼlann an Ċoimiſiúin ċeana féin. Nuaiɼ a ċuiɼfeaɼ na cinn eile ſeo ina dteannta ſin, beiḋ ſé aɼ na leaḃaɼlanna béaloideaſa iſ feaɼɼ aguſ iſ táḃaċtaiġe aɼ doṁan.

Duine de ṁóɼ-ſcoláirí béaloideaſa an doṁain ab eaḋ an Dɼ. Von Sydow é féin. D’ḟoġlaim ſé an Ġaeḋilge annſeo aimſiɼ na nDuḃ-Ċɼónaċ. I mBéal Áṫa an Ġaoɼṫaiḋ aguſ i gCoɼca Ḋuiḃne a ɼinne ſé sin. De ḃaɼɼ an aiſtɼiúċáin a ɼinne ſé féin tá “ Séadna ” le faġáil [sic] i dteanga na Sualainne.

D’éiɼiġ ſé a ṗoſt in Ollſcoil Lund tá cupla bliain ó ẛoin ann, aguſ maɼ ċoṁaɼṫa meaſa aguſ buiḋeaċaiſ aiɼ aſ uċt a ẛaoṫaiɼ, foillſiġeaḋ, le caḃaiɼ ó ſcoláiɼí béaloideaſa an doṁain, leaḃaɼ táḃaċtaċ a ḃfuil na h‑aiſtí is léiġeannta dáɼ ſcɼíoḃ ſé le faġáil [sic] ann.

In aice baile

Is gearr ó ċaiṫ fuiɼeann oibɼe ó Ċoimiſiún Béaloideaſa Éiɼeann, tamall i ndeiſceaɼt agus i dtuaiſceaɼt Ċonndae an Ċláir, áiteaċa a maiɼeann daoine fóſ, a ṫug an Ġaeḋilge leo ón gcliaḃán. Ṫug an ḟuiɼeann glac bɼeaġ ceiɼníní aɼ aiſ leo.

Beiḋ an béal beo buan oɼṫu ſin, aɼ aon nóſ.

Coiſín Ṡiúlaċ