Scéala Éireann: Seo is Siúd (3ú Mí na Nollag 1949)

Ní raibh fáil againn ar íomhá ard-chaighdeáin den leathanach bunaidh ach má aimseoimid a leithéid tabharfaimid an íomhá chun dáta.

Tras-scríbhinn chaighdeánaithe

Seo is siúd

An leathanach bunaigh, arna scanadh ar caighdeán íseal.
Scan den leathanach bunaidh seo in Scéala Éireann. Le caoinchead Leabharlann Acadamh Ríoga na hÉireann.

Innis scéal, cum bréag nó teirigh amach. Cruthaíonn an chaint seo a bhíodh coitianta sa nGaeltacht roimhe seo, nár mór don té a rachadh ag áirneán rud eicínt a bheith le cur ar a shon féin aige. Ar ndó, luíonn sin le réasún. Céard a thabharfadh do scéalta agus d’amhráin agus do sheanchas a dhul ó bhéal agus ó áit go háit dá mbeadh sinn taobh leis na púcaí nach raibh deis a labhartha acu ná teannadh ar a gcúl i gcomharthaíocht na saoithúlachta.

Ní mó ná buíoch a bhí an file nuair a rinne sé an imirce agus nuair a casadh i measc dream den tsórt seo é, nó mar a dúirt sé féin:

Níl na daoine anseo mar chleacht mise, saoithúil ná suairc,
Ach mar íomhá den ghlas-dair a snaoidhfí le tua.

Is fadó an lá a bhí an lá sin ann, ach ní le duine neamhshuim a dhéanamh de chaint an fhile ar an aimsir seo féin, má thugann sé an charraíocht atá idir an dá shórt saoithúlachta chun suime. Tiocfaidh sé sa saol,is baolach, mara bhfuil sin amhlaidh cheana féin, go mbeidh lámh in aghaidh an chleachtadh ag go leor agus an scéal céanna len aithris acu agus a bhí ag an bhfile údan a chaidrigh an coimhthíoch lá den tsaol.

* * *

Tá gnáthshaol an duine agus an tsaoithúlacht dá ndealú óna chéile go tréan. Ní rud í an tsaoithúlacht nua seo a bhfuil dlúthbhaint aici le saol agus le hintinn an duine, ní rud í a chothaíonn sé féin ina intinn, ach rud a cuirtear ar fáil dó i gcomharthaíocht caitheamh aimsire. Ní móide gurb é an ní a dtugann na Gaeil ‘Galldachas’ air nó an ní a bhfuil séala Shasana air atá ag milleadh ár gcuid saoithúlachta féin orainn.

Is iomaí sin námhaid atá aici mar shaoithúlacht. Tá daoine ann a déarfadh go milleann pictiúirí reatha agus damhsaí agus cluichí go leor fúithi, ach cé a déarfadh nach bhfuil an iomarca cumann agus coistí ann atá in ainm is a bheith á cothú? Cár fhágamar lucht na gcumann agus na gcoistí seo a chaitheann bliain mhór fhada ar chúla téarma, ag cur is ag cúiteamh is ag caitheamh a ndúrachta ar scáth a mbíonn de bharr a saothair acu féin ná ag aon duine eile — cúpla damhsa nó coirm cheoil nó féile in éadan na bliana. Ar chuma ar bith, ní féidir a shéanadh nach bhfuil cúl á thabhairt do leac an teallaigh mar ionad cuideachta is láíochta agus daoine ag sanntú an ardáin.

Céard a déarfar leis an té a thiocfas ar cuairt ar ball — má bhíonn a leithéide ann? Céard a déarfaí leis ach teirigh amach?.

Coisín Shiúlach

Tras-scríbhinn dhíreach

Seo is siúd

An leathanach bunaigh, arna scanadh ar caighdeán íseal.
Scan den leathanach bunaidh seo in Scéala Éiɼeann. Le caoinchead Leabharlann Acadamh Ríoga na hÉireann.

Inniſ ſcéal, cum bɼéag nó teiriġ amaċ. Cɼuṫaíonn an ċaint ſeo a ḃíoḋ coitianta ſa nGaeltaċt roiṁe seo, náɼ móɼ don té a ɼaċaḋ ag áiɼneán ɼud eicínt a ḃeiṫ le cuɼ aɼ a ẛon féin aige. Aɼ ndó, luiġeann ſin le ɼéaſún. Céaɼd a ṫiuḃaɼfaḋ do ſcéalta aguſ d’aṁɼáin aguſ do ẛeanċuſ a ḋul ó ḃéal aguſ ó áit go h‑áit dá mbeaḋ ſinn taoḃ leiſ na púcaí naċ ɼaiḃ deiſ a a [sic] laḃaɼṫa acu ná teannaḋ aɼ a gcúl i gcoṁaɼṫaíoċt na ſaoiṫúlaċta.

Ní mó ná buíoċ a ḃí an file nuair a ɼinne ſé an imiɼce aguſ nuaiɼ a caſaḋ i meaſc dɼeam ’ [sic] den tſóɼt ſeo é, nó maɼ adúiɼt ſé féin:

Níl na daoine annſeo maɼ ċleaċt miſe, ſaoiṫúil na ſuairc,
Aċ maɼ íoṁáiġ den ġlaſ-daiɼ a ſnaoiḋfí le tuaiġ.

Iſ fadó an lá a ḃí an lá ſin ann, aċ ní le duine neaṁ-ſuim a ḋéanaṁ de ċaint an ḟile aɼ an aimſiɼ ſeo féin, má ṫugann ſé an ċaɼɼaíoċt atá idiɼ an dá ẛóɼt ſaoiṫúlaċta ’un ſuime.

Tiocfaiḋ ſé ſa ſaol, is baolaċ, maɼa ḃfuil ſin aṁlaiḋ ċeana féin, go mbeiḋ láṁ in aġaiḋ an ċleaċtaḋ ag go leoɼ aguſ an ſcéal céanna len aiṫɼiſ acu aguſ a ḃí ag a’ ḃfile údan a ċoidiɼ a’ coiṁṫíoċ lá den tſaol.

* * *

Tá gnáṫ-ẛaol an duine aguſ an tſaoiṫúlaċt dá ndealú óna ċéile go tɼéan. Ní ɼud í an tſaoiṫúlaċt nuaiḋe ſeo a ḃfuil dlúṫ-ḃaint aici le ſaol aguſ le h‑inntinn an duine, ní ɼud í a ċoṫaíonn ſé féin ina intinn, aċ ɼud a cuiɼtear ar fáil dó i gcoṁarṫaíoċt caiṫeaṁ aimſiɼe. Ní móide guɼab é an níḋ a dtugann na Gaeil ‘Galldaċaſ’ aiɼ nó an níḋ a ḃfuil ſéala Ṡaſana air atá a’ milleaḋ aɼ gcuid ſaoiṫúlaċta féin oɼainn.

Iſ iomḋa ſin náṁaid atá aici maɼ ẛaoiṫúlaċt. Tá daoine ann adéaɼfaḋ go milleann pictiúiɼí ɼeaṫa aguſ damſaí aguſ cluifí go leoɼ fúiṫi, aċ cé adéaɼfaḋ naċ ḃfuil an iomaɼca cumann aguſ coiſdí ann atá in ainm iſ a ḃeiṫ ’gá coṫú? Cáɼ ḟágamaɼ luċt na gcumann aguſ na gcoiſdí ſeo a chaiṫeannſ bliain móɼ ḟada aɼ ċúla téaɼma, a’ cur iſ a’ cúiteaṁ iſ a’ caiṫeaṁ a ndúɼaċta aɼ ſcáṫ a mbíonn de ḃaɼr a ſaothaiɼ acu féin ná ag aon duine eile — cupla damſa nó cuiɼm ċeoil nó féile in éadan na bliana. Aɼ ċuma aɼ biṫ, ní féidiɼ a ẛéanaḋ naċ ḃfuil cúl ’gá ṫaḃairt do lic a’ teallaiġ maɼ ionad cuideaċtan iſ laeṫúlaċta aguſ daoine a’ ſanntú an áɼdáin. Céaɼd adéaɼfaɼ leiſ a’ té a ṫiocfaſ aɼ cuaiɼt ar ball — má ḃionn a leiṫide ann? Céaɼd adéaɼfaí leiſ aċ teiriġ amaċ?.

Coiſín Ṡiúlaċ