An t‑Éireannach: Guth ó Thír na h‑Óige (1)

Le Niamh Cinn Óir [Sorcha Ní Ghuairim]

XXXXXX
An colún bunaidh in An t‑Éireannach. Le caoinchead Leabharlann James Hardiman, Ollscoil na hÉireann Gaillimh.

A Cháirde Óga,

Éistighidh! Seo guth ó Thír na h‑Óige ag labhairt libh.

“Cé thú féin?” ar sibh-se.

Bhuel, ’sé an t‑ainm a thugann mo cháirde orm “Niamh Chinn Óir.” Seadh! I dTír na h‑Óige atá comhnuidhe orm, acht ní annsoin a chaithim mo chuid aimsire ar fad. Is iomdha áit a mbíonn mo thriall agus níl áit ar bith is fearr liom seal do chaitheamh ná san oileán iath-ghlas, Éire, agus níl páisdí ar domhan is annsa le mo chroidhe ná páisdí na h‑Éireann agus go mór mór an chuid aca atá Gaedhealach, a bhfuil grá aca dá dtír agus dá dteanga, agus do bhéasa agus do chultúr Gaedheal. Cuirim spéid i n‑a gcuid comhrádh, ’n‑a gcuid sgéalta, ’n‑a gcuid cleasa agus gach rud dá mbaineann leo agus is aoibhinn liom bheith i n‑a measg.

Is fada mé a’ tnúth le páipéar Gaedhealach Gaedhilge le go bhféadfainn sgríobhadh chuca go léir i n‑a dteanga dúthchais agus mo smaointe, mo chuid sgéalta agus mo chuid eachtraí a nochtadh dhóibh. Thárla go raibh mé i dTír na h‑Óige i rith an tsamhraidh agus is fada go bhfuaireas scéalta [sic] go raibh “An t‑Éireannach” ar fágháil [sic]. Acht ar an bpoinnte a bhfuaireas ghléasas mo chapall agus thriallas thar na farraigí fiadháine go tír na h‑Éireann. Ní dhearna mé stad ná staonadh nó gur bhaineas amach oifig “An t‑Éireannach.” Bhuaileas isteach agus chuireas mé féin i n‑aithne do’n Éagarthóir agus d’innsigheas dhó cá raibh mo thriall, gur theastuigh uaim aithne a chur ar aos óg na h‑Éireann trí n‑a pháipéar fíor-Ghaedhealach. Chuir seisean fáilte agus fiche romham agus dubhairt go dtabharfadh sé cúinne beag de’n pháipéar dhom gach seachtmhain as seo amach acht gan an iomarca a bheith le rádh agam. Tá faitchíos orm má sgríobhaim níos mó go mbeidh an riaghal sin briste agam agus nach stabharfaidh sé cead dom scríobadh [sic] níos mó.

Acht cul a bhfágaidh mé slán agaibh ba mhaith liom a rádh libh go mbéadh áthas an domhain orm aithne a chur orraibh.

“Cé’n chaoi?” ar sibhse.

Bhuel, sé an chaoi is fearr le haithne a chur ar a chéile sgríobhadh chuig a chéile. Sgríobhfaidh mise litir chugaibh ins “An t‑Éireannach” gach seachtmhain agus beidh mé ag súil le freagraí uaibhse. Ba mhaith liom tuairiscí fhághail [sic] ar bhur n‑imtheachtaí, ar bhur n‑eachtraí agus ar bhur smaointe. Má tá ceist ar bith ag déanamh buaidhreadh dhíbh fuasclóchaidh Bainríoghain Thír na h‑Óige díbh í acht sgríobhadh chuice.

Ná bíodh faitchíos orraibh, a cháirde óga. Is fada liom go gcuiridh mé aithne orraibh.

Beidh tuille le rádh agam libh an tseachtmhain seo chugainn le congamh Dé.

Slán agus beannacht go fóillín.

Bhur gcara dhílis,

Niamh Chinn Óir.

XXXXXX
An colún bunaidh in An t‑Éireannach. Le caoinchead Leabharlann James Hardiman, Ollscoil na hÉireann Gaillimh.

A Ċáirde Óga,

Éistiġiḋ! Seo guṫ ó Ṫír na h‑Óige ag laḃairt liḃ.

“Cé thú féin?” ar siḃ-se.

Ḃuel, ’sé an t‑ainm a ṫugann mo ċáirde orm “Niaṁ Ċinn Óir.” Seaḋ! I dTír na h‑Óige atá coṁnuiḋe orm, aċt ní annsoin a ċaiṫim mo ċuid aimsire ar fad. Is iomḋa áit a mbíonn mo ṫriall agus níl áit ar biṫ is fearr liom seal do ċaiṫeaṁ ná san oileán iaṫ-ġlas, Éire, agus níl páisdí ar doṁan is annsa le mo ċroiḋe ná páisdí na h‑Éireann agus go mór mór an ċuid aca atá Gaeḋealaċ, a ḃfuil grá aca dá dtír agus dá dteanga, agus do ḃéasa agus do ċultúr Gaeḋeal. Cuirim spéid i n‑a gcuid coṁráḋ, ’n‑a gcuid sgéalta, ’n‑a gcuid cleasa agus gaċ rud dá mbaineann leo agus is aoiḃinn liom ḃeiṫ i n‑a measg.

Is fada mé a’ tnúṫ le páipéar Gaeḋealaċ Gaeḋilge le go ḃféadfainn sgríoḃaḋ ċuca go léir i n‑a dteanga dúṫċais agus mo smaointe, mo ċuid sgéalta agus mo ċuid eaċtraí a noċtaḋ ḋóiḃ. Ṫárla go raiḃ mé i dTír na h‑Óige i riṫ an tsaṁraiḋ agus is fada go ḃfuaireas scéalta [sic] go raiḃ “An t‑Éireannaċ” ar fáġáil [sic]. Aċt ar an bpoinnte a ḃfuaireas ġléasas mo ċapall agus ṫriallas ṫar na farraigí fiaḋáine go tír na h‑Éireann. Ní ḋearna mé stad ná staonaḋ nó gur ḃaineas amaċ oifig “An t‑Éireannaċ.” Ḃuaileas isteaċ agus ċuireas mé féin i n‑aiṫne do’n Éagarṫóir agus d’innsiġeas ḋó cá raiḃ mo ṫriall, gur ṫeastuiġ uaim aiṫne a ċur ar aos óg na h‑Éireann trí n‑a ṗáipéar fíor-Ġaeḋealaċ. Ċuir seisean fáilte agus fiċe roṁam agus duḃairt go dtaḃarfaḋ sé cúinne beag de’n ṗáipéar ḋom gaċ seaċtṁain as seo amaċ aċt gan an iomarca a ḃeiṫ le ráḋ agam. Tá faitċíos orm má sgríoḃaim níos mó go mbeiḋ an riaġal sin briste agam agus naċ staḃarfaiḋ sé cead dom scríobaḋ [sic] níos mó.

Aċt cul a ḃfágaiḋ mé slán agaiḃ ba ṁaiṫ liom a ráḋ liḃ go mbéaḋ áṫas an doṁain orm aiṫne a ċur orraiḃ.

“Cé’n ċaoi?” ar siḃse.

Ḃuel, sé an ċaoi is fearr le haiṫne a ċur ar a ċéile sgríoḃaḋ ċuig a ċéile. Sgríoḃfaiḋ mise litir ċugaiḃ ins “An t‑Éireannaċ” gaċ seaċtṁain agus beiḋ mé ag súil le freagraí uaiḃse. Ba ṁaiṫ liom tuairiscí ḟáġail [sic] ar ḃur n‑imṫeaċtaí, ar ḃur n‑eaċtraí agus ar ḃur smaointe. Má tá ceist ar biṫ ag déanamh buaiḋreaḋ ḋíḃ fuasclóċaiḋ Bainríoġain Ṫír na h‑Óige díḃ í aċt sgríoḃaḋ ċuice.

Ná bíoḋ faitċíos orraiḃ, a ċáirde óga. Is fada liom go gcuiriḋ mé aiṫne orraiḃ.

Beiḋ tuille le ráḋ agam liḃ an tseaċtṁain seo ċugainn le congaṁ Dé.

Slán agus beannaċt go fóillín.

Ḃur gcara ḋílis,

Niaṁ Ċinn Óir.