Sorcha Ní Ghuairim a scrígh
9 Cearnóg Parnell.
1/3/40.
Don Rúnaí
Coiste an Oireachtas.
A chara,
Is oth liom a rá nach mbeidh mé i láthair ag an gcruinniú speisialta den Choiste anocht mar go bhfuil orm a dhul ag obair.
Maidir le dáta an Oireachtais, déarfainn gurb í an chéad tseachtain de Mheán Fhómhair an t‑am ab fheiliúnaí. Beidh na cúrsaí Gaeilge thart faoin am sin agus go leor de na scoileanna gan a bheith oscailte.
Maidir le muintir na Gaeltachta de, bíonn siad an-chruógach ón mBealtaine amach go tús fómhair agus ní dóigh liom go dtiocfadh mórán acu chuig an Oireachtas i rith an ama sin — ach bíonn réidh an achair beag acu i dtús dtosach mí Meán Fhómhair.
Go n‑éirí an t‑ádh libh
Beir beannacht
ó
Shorcha Ní Ghuairim
9, Cearnóg Parnell.
1/3/40.
Don Runaiḋe [sic]
Coisde an oireaċtais.
A ċara,
Is oṫ liom a ráḋ naċ mbeiḋ mé i láṫair ag an gcruinniú speisialta de’n Ċoisde anoċt mar go ḃfuil orm a ḋul ag obair.
Maidir le dáta an oireaċtais, déarfainn gurab í an ċéad tseaċtṁain de Ṁeaḋon Ḟoġmair an t‑am a b’ḟeileaṁnaiġe. Beiḋ na cúrsaí Gaeḋilge ṫart faoi’n am sin agus go leor de na scoltaċa gan a ḃeiṫ oscailte.
Maidir le muinntear na Gaeḋealtaċta ḋe, bíonn siad an-ċruaḋógaċ ó’n mBealtaine amaċ go tús foġṁair agus ní dóiġ liom go dtiocfaḋ mórán aca ċuig an oireaċtas i riṫ an ama sin — aċ bíonn réiḋ an aċair beag aca i dtús dtosaċ mí Meaḋon Ḟoġṁair.
Go n‑éiriġiḋ an t‑áḋ liḃ
Beir beannaċt
ó
Ṡorċa Ní Ġuairim