Blaisíní roghnaithe den albam seo, a thugann léargas ar mháistreacht Shorcha ar an amhránaíocht.
Gabhann muid buíochas ó chroí le Ríonach uí Ógáin, Antoine Ó Coileáin ag Gael Linn, Cnuasach Bhéaloideas Éireann agus Comhairle Bhéaloideas Éireann, as ucht cead leis an ábhar atá ar an leathanach seo a úsáid.
Seo amhrán a bhfuil an-luí ag muintir Chonamara leis mar baineann an scéal atá ann dhóibh féin. Maire Ní Mhongáin, bean a bhí ian cónaí thiar in aice le Baile na Cille, a rinne é. Cailleadh an chéad fhear a bhí aici agus phós sí in athuair. Ansin scaip an chéad chlann agus ó tharla go mbíonn bean i gcónaí i ndiaidh an chuid is sine den chlainn, bhí sí buartha, brónach. Tá scéal gach máthair i gConamara ann a dtéann a gclann thar sáile. Dá chomharthaíocht siin, is minic a chonaic mé mná ag caoineadh agus an t‑amhrán seo dá ghabháil. Bhí sé ag m’athair agus ag mo mháthair agus ag gach uile dhuine sa teach, beagnach.
Sorcha Ní Ghuairim
Chuala mé cuid d’fhocla an amhráin seo ag mo dheirfiúr, Máire, agus corrlíne eile ó bhéal na ndaoine anonn is anall. Ó mo mháhtair a d’fhoghlaim mé an caoineadh atá ag gabháil leis.
Sorcha Ní Ghuairim
Bhíodh an t‑aos óg uilig dhá gceapadh seo nuair a bhí mise i mo ghearrchaile. Bhídís uilig dhá gceapadh agus dhá rá nuair a bhíodh muid ag fosaíocht ar an sliabh nó ag tarraingt mhóna. Is minic go mbíodh beirt dhá gcaitheamh agá na chéile nó dream as dhá bhaile. As prásite Charna (Mhaorais) na daoine ata lauite iontu seo. Maidir leis na trí cinn deiridh, is fadó an lá a ceapadh iad. M’athair a chuala mé dhá rá agus ní mar a chéile an ceol atá leo agus atá leis na cinn eile.
Sorcha Ní Ghuairim
Bhíodh a leagan féin ag gach uile dhuine ar an suantraí seo fadó. Cosúil leis an gcaoineadh, chuireadh gach uile dhuine a chuid cainte féin leis, de réir mar a d’fheilfeadh sé dóibh. Ach bhíodh “Hó‑bha‑ín mo leanbh is gabh amach a bhobogha” acu uilig. “Hó‑bha‑ín” a deirtear leis an bpáiste i gcónaí is é dá bhogadh. Ag mo mháthair agus ag m’athair a chuala mé na véarsaí seo. Sórt curfá atá sa gcéad véarsa agus, mar a dúirt mé cheana, ní i gcónaí a bhíodh an chaint chéanna ann. Chuala mé gurb é Beairtle Shéamuiis athair Choilm an tSagairt nó Colm Mac Donncha as Roisín na Mainiach a chum an darna véarsa, agus tá sé i mbéal na ndaoine ó shin nuair a bhíonns siad ag bréagadh páiste. Deir daoine eile nach eisean a chum í ach go mbíodh sé ar a bhéal go miinic is é ag bréagadh an pháiste.
Sorcha Ní Ghuairim
Ó m’athair a d’fhoghlaim mé an t‑amhrán seo. Níl anseo ach cuid de, dár ndóigh. Tá tuilleadh véarsaí le fáil i leabhar an Chlaisceadail (Amhránaithe a thagadh le chéile i mBaile Átha Cliath le hamhráin i nGaeilge, le tionlacan a rá). Beirt bhan as Leathmhás i bparóiste Charna (Mhaorais) a rinne an t‑amhrán seo do chlann a gclainne — An Ceallachaín Fionn agus Tomás Ó hUaithnín (nó Green). Maidir leis an bpoirtín, chloisinn m’athair dhá chasadh go minic agus chasadh sé mar phort damhsa é freisin. Bhíodh sé an-chroíúil agus é dhá chasadh.
Sorcha Ní Ghuairim
Mo dheartháir Pádraig is minicí a chuala mé ag rá an amhráin seo. Bhí cuid dhe ag m’athair freisin. Amhrán é a bhfuil an-tóir air in Iorras Aithneach. Tá scéal ag gabháil leis agus seo mar a chuala mise ag m’athair é. Bhíodh tarraingt an fhir seo ar aontaí in áit áithrid agus chuir sé eolas ar chaillín óg san áit agus bhí cumann eatarthu. Ansin cuireadh deireadh leis na haontaí agus ní fhacadar a chéile arís nó go dtí an oíche a raibh a bhainis seisean dhá caitheamh. Tháinig sise chuig an mbainis agus í feistithe mar bhean siúil. Chaith sí fáinne a fuair sí uaidh roimhe sin san ngloine a thug sé lena ól di. Ansin, is ea a d’aithnigh sé í agus cheapadar an t‑amhrán eatarthu.
Sorcha Ní Ghuairim