Sorcha mar Fhonnadóir

le Róisín Nic Dhonncha

Ba é bua na fonnadóireachta an cháilíocht ba threise a luaití le Sorcha Ní Ghuairim, agus a héirim sa gceird sin aitheanta ó bhí sí ina dalta scoile ag freastal ar Scoil an Chlochair i gCarna sna fichidí. Ní raibh teorainn leis an tsuim a bhí aici in amhráin dhúchasacha na Gaeilge agus lean sí ag cur lena stór eolais ar na hamhráin sin i gcaitheamh a saoil. Ba mhinic léi trácht ar ábhar, stair agus seachadadh na n‑amhrán sa cholún a bhíodh in Scéala Éireann aici idir 1949 agus 1952 agus í ag scríobh faoin ainm cleite ‘Coisín Shiúlach’. Tharraingíodh sí aird ar leaganacha d’amhráin mhóra na Gaeilge a bhí ar marthain i nGaeltachtaí taobh amuigh de Chonamara, mar aon le hamhráin nach raibh chomh mór sin i mbéal an phobail a thabhairt chun cuimhne. Bhíodh tagairtí aici do bhailiúcháin amhrán as réigiúin éagsúla, leithéidí Céad de Cheoltaibh Uladh (1915) Énrí Uí Mhuirgheasa agus Poets and Poetry of Munster (1849) Sheáin Uí Dhálaigh.

Ba threise a dílseacht dá dúchas muinteartha agus tíreolaíoch, áfach, sa stór amhrán a ndearna sí féin cúram de mar fhonnadóir. Ba óna hathair, óna máthair agus ó dhaoine eile i Roisín na Maithníoch agus sna bailte máguaird a bhíodh i mbun foinn ag oícheanta airneáin agus ócáidí pobalda eile a thug sí léi na hamhráin a bhíodh á gcasadh aici féin. Bhí an saibhreas sin le fáil ar leac an teallaigh ina teach féin agus i dtithe na comharsanachta nó ‘tithe ceoil’ mar a thug sí orthu. Meabhraíonn an oiliúint áitiúil sin ráiteas an bhéaloideasóra chlúitigh, Carl von Sydow: The simplest way to become an active bearer of tradition is by inheritance from the home.1 Teist mhaith ar an tuairimíocht sin ab ea teacht in inmhe Shorcha mar amhránaí. Bhí an baile i bhfad fágtha aici nuair a rinne sí féin an léamh céanna ar sheachadadh an traidisiúin agus í ag scríobh in Scéala Éireann: Tá gnáthshaol an duine agus an tsaoithúlacht á ndealú óna chéile go tréan. …ní féidir a shéanadh nach bhfuil cúl ’gá thabhairt do lic a’ teallaigh mar ionad cuideachtan is laethúlachta agus daoine a’ sanntú an árdáin.2 Ba dheacair teacht ar chomhréiteach idir an t‑irneán agus an t‑ardán, mar a tuigeadh dise é, maidir le láithriú na hamhránaíochta traidisiúnta. Ní cúis iontais é, dár réir, go raibh stáitsiú na hamhránaíochta dúchasaí ar cheann de na hábhair a ndeachaigh sí i ngleic go dúthrachtach leis ina cuid tráchtaireachta ar an amhránaíocht ar bhonn poiblí.

Tugann taifid fuaime d’fhonnadóireacht Shorcha tuairim mhaith dúinn den sciar de na hamhráin a bhíodh á ngabháil aici. Ba i 1940, go bhfios dúinn, ba thúisce a taifeadadh í agus ba é Seán Ó Súilleabháin (1903–1996), cartlannaí Choimisiún Béaloideasa Éireann ag an am, a rinne amhlaidh. Thaifead Ó Súilleabháin fonnadóirí agus scéalaithe as Gaeltachtaí éagsúla i 1940 agus 1941, deis nach mbeadh tagtha chun cinn, seans, murach go raibh siad ag freastal ar an Oireachtas i mBaile Átha Cliath sna blianta sin. Ina measc bhí Seosamh Ó hÉanaigh (1919–1984), Pádraic Mac an Iomaire (1869–1962), Aodh Ó Duibheannaigh (1914–1984), Labhrás Ó Cadhla (1889–1961) agus Cáit Ní Mhuimhneacháin (1918–1949).3. Thaifead Sorcha amhráin freisin i stiúideo i Nua-Eabhrac i 1945 agus í ar cuairt ag gaolta ansin léi. D’fhoilsigh an lipéad Folkways an taifead sin mar cheirnín i 1957 faoin teideal Sorcha Ní Ghuairim sings Traditional Irish Songs (FW68610). D’eisigh Cló Iar-Chonnacht an taifead céanna mar chaiséad dár teideal An Chéad Dólás (CIC008) i 1990. Tá an mhórchuid de thaifid Uí Shúilleabháin don Choimisiún, mar aon le dhá mhír ó cheirnín Folkways le fáil ar an dlúthdhiosca, Sorcha: Amhráin Shorcha Ní Ghuairim, a d’eisigh Gael-Linn agus Comhairle Bhéaloideas Éireann in 2002. D’ullmhaigh taighdeoir agus léiritheoir an fhoilseacháin, an tOllamh Ríonach uí Ógáin, leabhrán téagartha eolais leis an dlúthdhiosca sin ina ndéantar cíoradh níos míne ar scéal na dtaifead.

Tá freisin sa leabhrán sin tras-scríobh de nótaí clóscríofa a thug Sorcha féin don Choimisiún maidir lena cuid amhrán. Fágann an seachadadh sóisialta áitiúil a dtagraíonn Sorcha dó ina cuid nótaí gur sciar ionadaíoch as pota amhrán Iorras Aithneach a bailiúchán sise. Tá mórán de na hamhráin a mbeifí ag súil leo as stór an tsean-nóis san áireamh. Orthu sin tá An Draighneán Donn, Cuaichín Ghleann Néifin, Róisín Dubh agus Bean an Fhir Rua, a thugann tús áite don ghrá rómánsúil. Ní taobh leis na hamhráin mhóra ghrá atá corpas an tsean-nóis, áfach, rud nach bhfuil chomh follasach sin inniu toisc cuid mhaith amhrán a bheith ligthe i ndearmad agus i ngeall ar athruithe eile atá tagtha ar an traidisiún le himeacht aimsire. Tá amhráin do ghasúir san áireamh i mbailiúchán Shorcha, idir iad siúd a chantaí chun páiste a bhréagadh, mar shampla, Ho-bha-ín agus Digeas, Ó, Deamhas, Ó, agus cinn eile a bhíodh á gcasadh ag gasúir iad féin, leithéidí Damhsa na gCoiníní agus leaganacha de Is Óra a Mhíle Grá. Amhrán a bhfuil cosúlacht an bhailéid air, ina ríomhtar scéal grá, scéal báis agus scéal sí, is ea Mailí Ní Maoileoin a bhí i measc rogha Shorcha freisin. Ní hé an oiread sin de na hamhrán chráifeacha atá i dtraidisiún na hÉireann ach bhíodh péire acu, Caoineadh na dTrí Muire agus Seacht nDólás na Maighdine, á ngabháil ag Sorcha. Ba leis na mná go traidisiúnta a luaití na caointe agus ní chastaí iad ach i gcomhluadar faoi leith agus ar ócáidí áirithe den bhliain, mar shampla, le linn na Seachtaine Beannaithe. Ba óna máthair a fuair Sorcha na foinn a bhí leis an dá amhrán chráifeacha sin.

Meabhraíonn gabháil Shorcha d’amhráin áirithe a scaoilte is a bhí na teorainneacha idir na caointe agus míreanna eile as an stór amhrán dúchasach. Ghéill sí, i ngan fhios, b’fhéidir, do thréithe den chaointeoireacht ina cuid fonnadóireachta ar uairibh, agus í ar a bionda bá a léiriú leo siúd a bhí buailte anuas ag an saol. Ba d’fhulaingt na mban a thug sí tús áite, cuir i gcás, ina cuid tráchtaireachta ar an amhrán, Máire Ní Mhongáin, ina bhfeictear máthair ag caoineadh a clann mhac a d’fhág an baile agus nach raibh an filleadh i ndán dóibh: Tá scéal gach máthar i gConamara ann a dtéann a gclann thar sáile… Dá chomharthaíocht sin, is minic a chonaic mé mná ag caoineadh agus an t‑amhrán seo dá ghabháil.4 File agus reacaire mná a bhí i gceist in Amhrán na Trá Báine freisin a raibh Sorcha tógtha leis mar amhrán agus a raibh ardmheas air in Iorras Aithneach, dar léi. Thart ar an mbliain 1879 a chum Bríd Ní Mháille as an Trá Bháin i gConamara an t‑amhrán i gcuimhne ar a triúr deartháireacha a báthadh i dtubaiste farraige.5 Mír réasúnta nua, mar sin, i stór amhrán an cheantair ab ea an t‑amhrán sin agus Sorcha ag éirí aníos ach tógadh agus seachadadh go fonnmhar é. Bhí amhráin á gcumadh ar bhonn leanúnach, mar sin, agus tugann an spléachadh seo ar na hamhráin a raibh luí ag Sorcha leo léargas ar dhinimic an traidisiúin as ar fáisceadh í. Ní miste a lua go raibh bailéid Bhéarla san áireamh sa traidisiún sin freisin ar ndóigh, agus daoine ann nár labhair an Béarla ar bhonn rialta ach a bhí ar a gcompord ag gabháil fhoinn i mBéarla.6 Is beag seans gur chas Sorcha mórán i mBéarla agus an baile fágtha aici ach bhí sí ag éisteacht le hamhráin Bhéarla go cinnte agus gan í ach ina pataire de pháiste.7

Tá ár dtaithí éisteachta féin chomh fada is a bhaineann le fonnadóireacht Shorcha faoi réir ag taifid fuaime a rinneadh isteach is amach le ceithre scór bliain ó shin. Ainneoin a dhiongbháilte is a bhí sí ag cosaint an dúchais agus ag spreagadh leanúnachas an traidisiúin, ba mhaith uaithi géilleadh do nuálaíocht an taifid mheicniúil a chuirfeadh cor nua sa traidisiún freisin. Léiríonn an t‑ábhar eile atá ar fáil ar an láithreán seo an dúthracht a chaith sí le brí, údar, cruinneas agus seachadadh na n-amhrán, mar aon lena ngabháil. Leide maidir lena mianach mar ealaíontóir is ea an méid sin. Fágann saothar Shorcha, idir chruthaitheach agus chriticiúil, gur saibhre inniu ár dtuiscint ar amhránaíocht thraidisiúnta na Gaeilge.

Nótaí

  1. Carl Wilhelm von Sydow, Selected Papers on Folklore (Copenhagen: Rosenkilde and Bagger, 1948), 13.
  2. ‘Coisín Shiúlach’, ‘Seo is Siúd’, Scéala Éireann, 3 Nollaig 1949, lch. 2.
  3. Patricia Lysaght, Seán Ó Súilleabháin (1903–1996) and the Irish Folklore Commission, Western Folklore, Vol. 57, No. 2/3 (Spring — Summer, 1998), lgh. 140, 146–47.
  4. Sorcha: Amhráin Shorcha Ní Ghuairim (Comhairle Bhéaloideas Éireann/Gael-Linn CEFCD182, 2002), 21.
  5. Féach Sinéad Ní Ráinne (eag.) An Baile Beag Géimiúil: Amhráin na Trá Báine (Indreabhán: Cló-Iar Chonnacht, 2019, lgh. 81–96) le haghaidh tuilleadh eolais ar stair agus cúlra an amhráin seo.
  6. Tá cuntas ag Angela Bourke, Songs in English from the Conamara Gaeltacht, in Dear Far-Voiced Veteran: Essays in Honour of Tom Munnelly, eag. Anne Clune (Miltown Malbay: Old Kilfarboy Society, 2007, lgh. 42–58), ar roinnt de na hamhráin Bhéarla a bhíodh á gcasadh in Iorras Aithneach sna seachtóidí.
  7. ‘Coisín Shiúlach’, ‘Seo is Siúd’, Scéala Éireann, 29/3/1952 agus 5/4/1952. Luann Sorcha sna colúin seo an tóir a bhí ar na hamhráin Bhéarla ina ceantar dúchais agus tagraíonn go sainiúil don bhailéad clúiteach Barbara Allen.