Sorcha Ní Ghuairim Mar ab Aithnid Dom Í

Le Dubhghlas Sealy

Íomhá den alth bunaidh i Scéala Éireann.
An leagan bunaidh den alt seo.

Baineadh geit asam nuair a chonaic mé ar na páipéir gur cailleadh Sorcha Ní Ghuairim i Lonndain roimh Nollaig agus gur adhlacadh a corp i gCarna oíche Nollag. Tháinig de ruathar isteach i mo chuimhne na laetha úd a raibh mé i mo mhac léinn i gColáiste na Tríonóide. Leáchtóir le labhairt na Gaeilge a bhí i Sorcha ag an am agus b’ise a bhíodh ag coinneáil comhrá linn, leis an dream beag a bhí ag foghlaim Gaeilge sa Choláiste le linn blianta deireanacha na ndaichidí.

Ní raibh ach triúr nó ceathrar againn ann agus ba mhó ba chosúla le dreas cainte idir cairde ná le ceacht ollscoile an uair chomhrá a bhíodh againn gach seachtain. Nochtaíodh dúinn máin agus cáilíocht faoi leith. Méin aonair, méin doscartha ón nGaeilge. Duine ab ea Sorcha a raibh an Ghaeilge ina leannán sí aici, leannán a neadaigh i smior a cnámh agus i bhfuil a croí. Stáid thruaighe na Gaeilge, ba tairne sa mbeo aici í. An folt fada dubh, na súile malla glasa ar chúl na bhfabhraí dorcha, an dath fola ar bhéal agus ar ingne, an guth bog a raibh an ghéire agus an tséimhe measctha tríd, fiú síorfhadú na dtoitín aici — samhlaíodh dúinn gurbh iad comharthaí sóirt na Gaeilge féin iad. Nuair a chan sí Sé fáth mo bhuarthaFill, fill, a rún ó, labhraíodh dúinn as doimhne éigin anaithnid a raibh sí taréis a hoscailte inár gcroí. Cé go rabhamar ar bheagán Gaeilge b’eol dúinn gurbh ionann di briseadh croí an amhráin agus scoil diamhair ina beatha féin.

Bhínn i gcónaí ag tathant uirthi amhrán a rá, ach b’annamh a chanadh sí amhrán mór; ba mhinicí aici loinneog éigin ar nós Lúibín ó lú no Damhsa na gcoinín i ngarraí na heorna ba iad ab oiriúnaí dhúinn, iad agus na nathanna cainte a thugadh sí dhúinn nuair a mheabhraítí dhi gur cheart ‘léacht’ a thabhairt dúinn — tá an leabhar nótaí agam fós ach ba bheag a éifeacht, ba iad saintréithe a pearsa ba mhó a luigh orainn.

In ionad na hamhráin a rá thug sí ar iasacht dom Amhráin Chlainne Gael le Tomás Ó Máille agus Ceol na nOileán leis an Athair Tomás Ó Ceallaigh. Is iontu a bhí an saibhreas, saibhreas nárb eol dom cheana é bheith ann, ba léir go raibh sí taréis a cuid féin a dhéanamh den saibhreas úd agus de gach seoid dar tháinig anuas chuici ó dhúchas agus ní ó leabhair. B'as Carna dise agus do na hamhráin agus don fhlúirse béaloidis a bhí aici, ba é an áit sin tús agus deireadh a scéil agus áit oilithreachta dúinn a bhíodh ag éisteacht léi. B’ann a bhí an draighneán donn — ca háit eile a bheadh? Ba é An Draighneán Donn an t‑amhrán ba mhó a shamhlóinn léi — tá me cinnte go raibh fiche bhearsa nó níos mó aici. Ar adhmharaí an tsaoil tá ceirnín ar fáil ar a bhfuil trí bhéarsaí de á gcanadh ag Sorcha féin, maraon le Seacht nDólás na Maighdine Muire, Bríd Ní Ghaora, Maire Ní Mhaoil Eoin, scéal ón mbéaloideas agus cúpla loinneog.

Rinneadh an ceirnín (Folkways Records FW861) sa bhliain 1945 agus is áilleán ceart é. Is cuimhin liom gur cheannaigh mé uair éigin sna seascaidí é agus ba bheag nár lítir i ndiaidh an éasa dhom é mar bhí Sorcha imithe go Londain le fada agus deireadh a sean chais agus a comhrá déanta chomh fada is a bhain le mic léinn an choláiste.

Tá sé ráite sa Draighneán Donn:

Fearaibh Eireann ní fhéadfhaidís an chumha a bhaint díom.

Bhí an chumha agus an brón ag baint riamh le Sorcha. Chonaic mé uair amháin ar an stáitse í. Seomra beag thuas mar a bheadh áiléar ann, a leath ina stáitse agus roinnt binsí ar urlár an leatha eile, buíon aisteoirí Choláiste na Tríonóide agus iad ag léiriú Riders to the Sea as Béarla. Ba í Sorcha a rinne an tseanbhean ach ní aisteoireacht a bhí ar siúl aici, ní hionann’s ag na haisteoirí eile. Ba í Maurya féin í — í ag caoineadh ní amháin Beartla agus an chúigear mac ba shine ná é ach gach duine dár rugadh agus dá mbéarfar, í ag caoineadh oidhe an chine dhaonna agus oidhe an tsaoil Ghaelaigh. Ba chuma ann nó as na haisteoirí eile — ní raibh ann ach an brón agus an lucht éisteachta. Guth an bhróin ag sileadh braoin ar bhraon i meathsholas an tseomra — ní féidir le fear ar bith bheith ag maireachtáil go buan agus caithfimid bheith sásta.

Níor casadh orm riamh bean mar í agus ní dóigh liom go gcasfar. Suaimhneas síorraí na bhflaitheas dá hanam geal.

Foilsíodh dréacht den alt seo cheana in Scéala Éireann.

Gabhaimid buíochas leis na foilsitheoirí as cead a thabhairt dúinn é a chur ar fáil anseo.

(Tá líon beag mionbhotún cló arna gceartú sa tras-scríbhinn.)