Sorcha Ní Ghuairim i bhfocail a muintire

Le Seán Ó Guairim

An saol as ar fáisceadh Sorcha

Bileog páipéir, agus litir scríofa uirthi i láimh Shorcha.

Ní fhaca mise, ná níl aon chuimhne ag aon duine de ghlúin mhuintir sin againne ar Shorcha. Tá barúil agam ar cén sórt saoil a bhí ann ag an am a raibh sí ag teacht aníos agus céard as a fáisceadh í. Ag an am a bhí Sorcha Ní Ghuairim ag fás aníos i Ruisín na Maithníoch bhí na scéalta agus na hamhráin gach taobh di. Duine ar bith a mbeadh suim aige nó aici in amhrán, ceol, dántaireacht nó i samhlaíocht, b’é an t‑am agus an áit é le bheith. Bhí an t‑iascaire ann, an feirmeoir, an táilliúr, an carréara, an fíodóir, an bádóir, an file, agus an teach síbín nach bhfuil fhios agat. Bhí scoth na n‑ámhránaithe agus éagsúlacht amhrán agus ceoil le fáil as Ruisín na Maithníoch, Fínis, Caladh Mhaínse agus An Aird Mhóir.

Ag saothrú an tsaoil de réir na séasúr: scaradh na feamainne dearg ón Nollaig amach, ag socrú na talún le haghaidh fataí faoi Fhéil’ Bríde agus mar sin de… Síos ar thránna móra an earraigh an trá beo le daoine ag fálteál agus ag baint sceana mara le haghaidh Aoine an Chéasta. Ó thuaidh dá teach bhí Loch an Chaola’. D’abródh seanfhear liom go mba aoibhinn a bheith beo lá samhraidh ag an am sin agus ag éisteacht le na mná a bhí bailithe timpeall na locha ag niocháin éide, ’chaon torann ag an slis agus iad ag fondúireacht, rachtanna móra gáire, tuair éadaigh scartha ar thom fraoigh agus aiteann.

Le taobh na locha céanna a bhí cónaí ar Mhicilín Pháidín Mac Donnacha. B’é Micilín mór-sheanchaí agus scéalaí na linne sin. Teach ina raibh Goll mac Mórna chomh láidir le Dia. Thóg Seán Mac Giollarnáth síos fíor-chuid scéalta fiannaíochta ó Mhicilín chomh maith le amhráin. Bhí faisiún ag an seandream rannta beaga a chaitheamh isteach sa gcomhrá lena gcuid cainte a chur trasna. Tá cur síos ag Sorcha i Scéala Éireann nuair a bhíodh sí ag teacht ón scoil naisiúnta fadó go mbíodh seanbhean ag portadóireacht agus seo a bhíodh sí ag rá le na gasúir: Scoláirí na Scoile, gobadán na gorta, Chaith a leabhar sa tine mar gheall ar fhata bruite.

Éiríonn sí gníomhach

Chuaigh Sorcha chuig Ollscoil na hÉireann deireadh na bhfichidí agus fuair sí dioplóma sa Léann Éireannach sa mbliain 1932. Sa mbliain 1934 a bhásaigh a máthair, Ceaite Stiofán Mhóir. Ag an am seo bhí aithne mhór uirthi agus a deirfiúr Máire i saol na craoltóireachta thuas i mBaile Átha Cliath. Bhasaigh a hathair i 1941. Rinne Sorcha cur sios ar an leas a bhaineadh a muintir as na hamhráin chun sólás a fháil:

Nuair a bhí mé ag tíocht suas bhíodh oícheanta móra foinn sa teach againn agus bhíódh m’athair agus mo mháthair, go ndéana Dia maith orthu, ag dántaireacht go minic agus go háithrid nuair a bhíodh díomua nó buaireamh ar bith ortha.

D’fhreastal sí ar an Am Mòd Nàiseanta Rìoghail a bhí ar bun in Inbhir Nís i 1936 nuair a bhí sí ina heagarthóir ar an bpáipéar Gaeilge An tEireannach. Is dóigh gur ag cuimhniú ar an deá-chaint a chuala sí agus í ag éirí aníos a bhí sí nuair a bhí clár aici ar Raidió Éireann i Meán Fómhair 1939 (an tráth a raibh an dara cogadh domhanda ag tosú) ag úsáid casfhocail chun gasúir a mhealladh an Gaeilge a labhairt. Ina cuid altannta i gcónaí bhíodh na leaganacha cainte a chuala sí ag teacht aníos di: ní ocras a bhí uirthi ach faobhar ar a goile, ní díomhaoin a bhí sí ach ina cos ina cónaí. Chuala mé rud lá cheana a chuir mo chuid fola agus mo chuid feola thríd a chéile nuair a chuirfeadh rud éigin fearg uirthi.

Seosamh Ó Mongáin

Is mar seo a labhair Seosamh Ó Mongáin T.D. sa Dáil ar an 22 Feabhra 1946, agus é ag díospóireacht faoin nGaeilge agus Raidió Éireann, agus an léig a bhí ag teacht ar an nGaeltacht:

Éistim leis, ní chuala mé aon bhlas uaidh ar bhfiú Gaeilge a thabhairt air ach a gcuala mé an tseachtain seo caite nuair a chuala mé Séamas Ó hAonghusa agus Sorcha Ní Ghuairim ag cur síos ar na seanamhráin agus na seandánta a thógadar síos i bparóiste Charna. Nár cheart leithéidí na beirte seo a bheith againn uair gach seachtain ar a laghad. Ach céard atá againn ina n‑áit ach an spelláil nua.

Bhí an-seanchas ag Seosamh Ó Mongáin agus seo mar a labhair sé sa díospóireacht ceánna:

Bhí sé chomh héasca na scórtha de na hamhránaithe sin a fháil; anois, murach Sorcha Ní Ghuairim agus a leithide a thóg na hamhráin óna máthair ní bheadh mórán seanamhráin ann. Tá Sorcha go maith, bhí a máthair go maith ach goir ná gaobhar ní raibh acu ar a máthair mhór a bhí iontach.

Níor labhair Seosamh Ó Mongáin ariamh Béarla sa Dáil ná in áit ar bith a tuigeadh an Ghaeilge.

An time a bhí ’ tígh Teaimín

Is dóigh gur sampla é an ráiteas seo faoin athrú a bhí ag teacht sa saol. Ba scéal mór le linn a n‑óige an oíche a ruaig an sagart na daoine as time a bhí ’ tígh Teaimín. Uair a raibh Sorcha ar chuairt abhaile as Baile Átha Cliath, rinne a huncail, Teaimín Stiofáin Mhóir, oíche ceoil di. Chreid Sorcha gur ar leic an teallaigh an áit ba feiliúnaí agus nádúrtha don amhrán agus deir siad go mba i gcúinne dorcha i dteach tíre a b’fhearr léi féin an t‑amhrán a chasadh. An oíche seo ar chorr ar bith chruinnigh thoir agus thiar ann. Bhí neart ceoil agus amhráin ar bun nuair a tháinig sagart Charna, an tAthair Martin, agus dúirt sé le chuile dhuine dul abhaile. Lig chuile dhuine ortha féin go raibh siad ag imeacht agus nuair a cheapadar go raibh Carna siar tugtha ag an sagart air féin d’fhilleadar ar an time. Tháinig sé in athuair agus an t‑am seo lán le feirg agus chuir sé a chois thríd an mileoidean. Scanraigh sé na daoine a bhí ag an time agus scaip siad ar fud na háite. Rith cuid acu tríd na ngarrantaí agus bhí an t‑ádh ar chuid acu nár tharla droch-thimpiste d’aon duine acu.

Cur síos Shorcha ar a dúchas

Chomh maith is a bheith ina heagarthóir Gaeilge agus ina colúnaí i Scéala Éireann sna caogaidí, bhíodh clár aici ar Raidió Éireann ar a dtugtaí Abair Mar Seo É. Tá a hainm luaite sa bpáipéar nuair a chas sí amhrán ag Fleadh Mór na Nollag i dteach an Ard-Mheára i 1952.

Is mar seo a chuir sí síos i Scéala Éireann i 1949 ar an dúchas a togadh í ann:

Is iomaí rud a bhíonns ag déanamh rámhailtí in m’intinn agus mé ag éisteacht le fonnadóirí na Gaeltachta ag an Oireachtas. B’fhada an réim a léig mé le mo smaointe agus bhí sé fánach agam bheith ag iarraidh srian a chur leo scaití.

Chuimhnigh mé ar na bainseacha a gcloisfinn trácht ortha fadó agus bhuail díomaidh mé. Thiubharfainn go leor ar a bheith suas lena linn, le go gcloisfinn na hamhráin agus na fonnadóirí a bhí molta ag na sean daoine. Chuala mé ag gabhail fhoinn ag bainis Nora bheag é, a deiridis, agus rachfá go Dúiche Sheoige sa sneachta ag éisteacht leis. Tá sé ar nós go raibh cumha agus uaigneas aici i ndiaidh an dream seo a bhí ag éirí aníos leo, an fiúntas, flaithiúlacht an chroí mhóir, an acmhainn grinn, an chuidiúlacht agus an diabhalaíocht, an obair crua agus an dream nár thréig a ndúchas.

Londain

Bhí sí 45 nó 46 bliain d’aois nuair a thug sí a haghaidh ar Londain Shasana. Bhí neart cairde agus gaolta aici i mBaile Átha Cliath agus in Éirinnn ach mheas sí imeacht. Thug a deartháir Máirtín cuairt uirthi i Londain i dtús na seachtóidí nuair a tháinig sé abhaile as Meiricá go Ruisín na Maithniach.

Chaith sí an saol mar a bhí uaithi féin a chaitheamh.

Sarah Mháirtín Bheartla Mháirtín. Beannacht Dé le d’anam.