Sorcha Ní Ghuairim agus an Iriseoireacht

Le Róisín Nic Dhonncha

Is leis an nuachtán seachtainiúil, An t‑Éireannach: Páipéar Sóisialach Gaeltachta, is túisce a luaitear Sorcha i réimse na hiriseoireachta. Beagán faoi bhun trí bliana a mhair an páipéar sin ar facthas an chéad eagrán de ar 2 Meitheamh 1934 agus a lean go dtí 27 Feabhra 1937. Tá mórán chuile ghné den nuachtán, idir bhunú, fhealsúnacht, fhoireann agus riaradh cíortha ag Éamon Ó Ciosáin in An t‑Éireannach: Páipéar Sóisialach Gaeltachta (1993) a deir, Bhí cur síos ann ar an suaitheadh polaitiúil ar fud na hEorpa, i dtogha na Gaeilge, agus ba mhinicí Conradh na Náisiún luaite ann ná Conradh na Gaeilge.1 Tráchtadh i chuile eagrán den pháipéar ar chúrsaí comhaimseartha idirnáisiúnta, polaitíocht na hEorpa, go háirithe. Aithníodh sa nuachtán lánacmhainneacht na Gaeilge sa méid is gur caitheadh léi mar theanga bheo fhorásach ina bhféadfaí ábhar ar bith a phlé. Ba leis an té a bhí thíos a thaobhaigh an páipéar, rud atá follasach san aird a tugadh ann ar lucht oibre na mbailte móra agus ar phobal na Gaeltachta. Is ar éigean a tuigeadh do na meáin Bhéarla an pobal Gaeilge sin a bheith ann ar chor ar bith agus ba bheag infheistíochta a bhí an rialtas ag déanamh sna ceantair Ghaeltachta ag an am. Níos suntasaí fós, coimhthíoch ar a chéile a bhí muintir na Gaeltachta agus gluaiseacht oifigiúil na Gaeilge a raibh Conradh na Gaeilge ina cheann feadhna uirthi.2

Ach an oiread le Sorcha féin, ní i gceird na hiriseoireachta a cuireadh oiliúint ar bhunaitheoir An t‑Éireannach, Seán Beaumont (1893–1959). Preisbitéireach as Maigh Eo ab ea é a bhí istigh le Conradh na Gaeilge ar feadh na mblianta ach a thug a ndúshlán freisin agus a d’éirigh as an gConradh ar fad i 1934 ar feadh tamaill.3 Chaith sé trí bliana ina phríomhfheidhmeannach ar an gCoiste Gairmoideachais ag deireadh na bhfichidí, tráth ar bhunaigh sé Coláiste an Phiarsaigh ar an Tulach, agus thug sé an chuid eile dá shaol oibre ina léachtóir le Gaeilge agus le Matamaitic i gColáiste na Tríonóide. Ba do chainteoirí dúchais a tugadh áite mar mhúinteoirí Gaeilge sa gCoiste Gairmoideachais faoi stiúir Beaumont, agus dá réir, fuair Sorcha agus a deirfiúr Máire fostaíocht leis an eagraíocht. B’iomaí duine as an nGaeltacht a bhí i measc lucht aitheantais Sheáin, agus ba dhuine acu, Tomás Ó Flaithearta (1890–1936) as Árainn a bhí ina leathbhádóir aige agus é ag bunú An t‑Éireannach. Bhí taithí iriseoireachta ag Ó Flaithearta i Meiriceá agus é ag saothrú ar son an tsóisialachais agus an cheardchumannachais ansin sular fhill sé ar Éirinn i 1934. Tháinig Gearóid Ó Cuinneagáin (1910–1991) as Béal Feirste i gcomharbacht ar Ó Flaithearta i 1935 i ndualgas na heagarthóireachta. Tá de cháil ar Ó Cuinneagáin gurbh é a bhunaigh ceann de na craobhacha ba rathúla de Chonradh an Gaeilge lena linn, Craobh na hAiséirí, i 1940, agus bhí Sorcha Ní Ghuairim ina ball den chraobh sin.4 Ba í Sorcha féin an t‑eagarthóir deireanach a bhí ar an bpáipéar. I bhfianaise a cúlra, agus a cuid tuairimí maidir le staid eacnamaíoch agus fostaíochta mhuintir na Gaeltachta, d’fheil a próifíl don mheitheal a bhí á lorg ag Beaumont: cainteoirí dúchais Gaeilge a raibh bua an phinn agus rud le rá acu mar a chuir Ó Ciosáin síos orthu.5

Mar a bheifí ag súil leis i bhfoireann bheag nach raibh ach acmhainní teoranta acu, ní taobh le saindualgas amháin a bhí duine ar bith a d’oibrigh le An t‑Éireannach. Tharla sé go raibh teacht acu ar roinnt den ábhar a bhíodh á fhoilsiú in Scéala Éireann6 ach bhí Gaeilge le cur ar an ábhar sin agus ceannlínte le cumadh, gan trácht ar an scríbhneoireacht bhunaidh a líonfadh formhór na leathanach. Theastaigh ó Beaumont go ndéanfaí freastal ar an aos óg freisin.7 Rinneadh cúram de sin i leathanach ar leith dar teideal, An t‑Éireannach Óg, agus bhí lorg Shorcha ar an obair sin ó chéad eagrán an pháipéir. Foilsíodh an chéad mhír de scéal eachtraíochta do dhéagóirí, ‘Ceathrar Comrádaí’ san eagrán tosaigh agus lean sé go dtí 27 Deireadh Fómhair 1934. Aistriúchán ar shaothar an Chaptaein Charles Mc Guinness, dar teideal Viva Irlande, ab ea é. Ba iad Sorcha agus Pádraic Ó Concheanainn a chuir an leagan Gaeilge air, agus d’fhoilsigh an Gúm mar leabhar é i 1938. Scéalta gearra le pictiúir, ar stíl an chartúin agus a bhí dírithe ar léitheoirí níos óige ab ea ‘Gaisce Sheáin agus Sheosaimh’ agus ‘Tomáisín agus an t‑Eiteallán’ a bhí freisin ar an gcéad eagrán de An t‑Éireannach Óg. Tá an leathanach sin le feiceáil anseo.

Sraith eile do pháistí níos óige ab ea ‘Eachtraí Mhuinntir Choinín’ ar foilsíodh an chéad mhír di ar an 13 Deireadh Fómhair 1934. Ba ó pheann Marion Nic an Ríogh (1897–1963) a tháinig an obair ealaíne tharraingteach don tsraith seo agus ba í Sorcha a chuir an téacs Gaeilge ar fáil.8 An mhí ina dhiaidh sin, an 17 Samhain 1934, tosaíodh ar an gcolún ‘Guth ó Thír na h-Óige’ agus leanadh leis sin nó gur tháinig deireadh leis an bpáipéar. Ba i bhfoirm litreach a scríobhtaí an colún seo agus ba í Sorcha a scríobhadh é agus í ag baint úsáide as an ainm cleite ‘Niamh Chinn Óir’. Bhí bealach geanúil, suáilceach aici agus í i mbun cumarsáide leis na léitheoirí óga, ag beannú dóibh mar a chairde óga, a chairde mo chroía phatairí beaga. Bhítí ag trácht ar ainmhithe, ar ríthe agus móitífeanna eile ón mbéaloideas, chomh maith le ceol, dánta agus amhráin. Thagraíodh sí ó am go chéile d’ábhar a bhíodh á fháil aici freisin ó pháistí. Mhínigh sí ina litir ó 7 Meán Fómhair 1935 an chúis a raibh ‘Muinntir Choinín’ imithe nuair a tháinig deireadh leis an tsraith thart ar phointí an ama sin. Ar an dóigh chéanna, ba í Niamh Chinn Óir a chuir fáilte roimh an gcéad teaghlach eile ainmhithe a mbeadh sraith á déanamh fúthu, mar a bhí in ‘Sgéal Taimín Mhic Luiche’ a thosaigh ar an 10 Deireadh Fómhair 1936. Chomhairligh sí do léitheoirí óga na cait a chur ar adhastar breágh láidir mar gheall ar na cairde nua a bhí tagtha ar an mbaile. Tá cúpla mír shamplach ó An t‑Éireannach Óg ar fáil le léamh sa rannóg faoi iriseoireacht Shorcha.

In éineacht leis an ardán a tugadh in An t‑Éireannach do cheisteanna maidir leis an gceartas sóisialta, an daonlathas ionadaíoch, cearta eacnamaíocha agus ábhair nach iad, ní féidir gan an foilseachán seo a chur san áireamh agus forbairt litríocht na n‑óg san fhichiú haois á rianú freisin. Rinneadh beart de réir bhriathar Beaumont san iarracht mhacánta ar tugadh fúithi freastal ar an aos óg ó thús deireadh an pháipéir. Soláthraíodh aistriúcháin ar shaothair ó theangacha eile, nós coitianta ag an am, ach níos tábhachtaí arís, cuireadh ábhar bunaidh Gaeilge ar fáil d’aoisghrúpa a raibh faillí déanta air sa litríocht agus sa léitheoireacht go traidisiúnta. Bhí ag meath ar An t‑Éireannach, i ngeall ar easpa airgid agus tacaíochta go príomha, ó dheireadh 1935 nó go mb’éigean stad den fhoilsiú i mí Feabhra 1937. Bíodh is go raibh a théarma tugtha taobh istigh de thrí bliana, gníomh nuálaíoch neamhspleách ab ea bunú an nuachtáin sa gcéad áit. Bheadh sé le rá ina thaobh gur tugadh guth ann seal d’aicmí den phobal nach raibh aird orthu ná aitheantas acu i mórán fóram poiblí eile ag an am.

Nótaí

  1. Éamon Ó Ciosáin, An t‑Éireannach 1934–37: Nuachtán Sóisialach Gaeltachta (Baile Átha Cliath: An Clóchomhar, 1993), 45.
  2. Tuigeadh do Shorcha féin go raibh bearna shuntasach idir eagraíochtaí teanga agus cultúir de bhunadh na cathrach agus pobal na Gaeltachta féin. Fear a bhí ar aon intinn léi ab ea Micheál Ó Maoláin (1881–1956) as Árainn a raibh lámh mhór aige san eagraíocht, ‘Coiste na bPáistí’, a bunaíodh i 1933 chun páistí lucht oibre na cathrach a thabhairt chun na Gaeltachta ar mhaith le saoire agus le foghlaim na Gaeilge. Scríobh Ó Maoláin litir chuig An t‑Éireannach inar áitigh sé go mbíodh craobhacha de Chonradh na Gaeilge á mbunú i gceantair tuaithe i ngan fhios go hiomlán do chainteoirí dúchais áitiúla an phobail, agus ar an dul céanna, nach mbíodh a fhios ag lucht an Chonartha gurbh ann ar chor ar bith do phobal labhartha Gaeilge áitiúil. Micheál Ó Maoláin, litir, An t‑Éireannach, 5 Eanáir 1935, lch. 4.
  3. Bhí Beaumont agus Micheál Ó Maoláin ina measc siúd a d’éirigh as sa ré chorrach sin i stair an Chonartha. Ba mhinic Beaumont agus an Conradh in adharca a chéile toisc a thugtha is a bhí siad, dar leis, d’fheachtais shuaracha in aghaidh na gcluichí, na rincí agus an cheoil ghallda a bhí ag teacht chun cinn sa tír i rith na dtríochaidí i leaba díriú ar chur chun cinn na teanga féin. D’fhill sé ar an eagraíocht i 1938. Tá trioblóidí na tréimhse sin de chuid an Chonartha pléite in Aindrias Ó Cathasaigh, Ré Nua os Comhair na nGael: Conspóidí Chonradh na Gaeilge 1932–1939 (Baile Átha Cliath: Coiscéim, 2009), lgh. 39–58.
  4. Proinsias Mac Aonghusa, ‘Aiséirí Faistiseach na Gaeilge,’ in Micheál Ó Cearúil (eag.), An Aimsir Óg (Cuid a Dó) (Baile Átha Cliath: Coiscéim, 2000) lch. 282.
  5. Ó Ciosáin, 42.
  6. Ó Ciosáin, 45.
  7. Ó Ciosáin, 41.
  8. Tá cuntas ag Róisín Adams ar shaothar agus tionchar Marion Nic an Ríogh ar fhorbairt litríocht na n‑óg sna 1930í. Ainneoin nach raibh Nic an Ríogh féin ach ar bheagán Gaeilge, is cosúil gur thathain sí ar nGúm níos mó ábhair nuascríofa a chur ar fáil don aos óg, mar aon le dearadh na leabhar a chur san áireamh agus iad ag díriú ar an sciar sin den mhargadh. Tuairimíonn Adams gurbh í Nic an Ríogh a chuir an téacs bunaidh ar fáil do na sraitheanna a bhí ar ‘An t‑Éireannach Óg’ agus gur i mbun aistriúcháin ar an ábhar sin a bhí Sorcha. Féach Róisín Adams, ‘Marion King agus An Gúm: Forbairt Litríocht Ghaeilge na nÓg i mBlianta Luatha An Ghúim’ in Caoimhe Nic Lochlainn agus Ríona Nic Congáil (eag.), Laethanta Gréine agus Oícheanta Sí: Aistí ar Litríocht agus ar Chultúr na nÓg (Baile Átha Cliath: LeabhairComhair, 2013), lgh. 95–119.