Ceol na Mara

Le Máirín Ní Ġuairim

XXXXXX
Ceol na Mara ar an leathanach bunaidh in An t‑Éireannach. Le caoinchead Leabharlann James Hardiman, Ollscoil na hÉireann Gaillimh.

Fadó fadó ariamh bhí sean-dhear uasal ann. Bhí an sean-dhear seo an-cheólmhar, chomh ceólmhar agus go gcloiseadh sé na crainn agus na blátha agus gach dlaoi féir ag déanamh ceóil dó agus do bhíodh truagh aige do na daoine adeireadh [sic] nach gcloiseadh siad féin acht fuaim na gaoithe.

Bhí mian ag crádh an tsean-dhir seo ó bhí sé ’n‑a ghasúr óg agus ba é an mian sin cláirseach a bheith aige dhó féin an chaoi go bhféadfadh sé a bheith ag ceoltóireacht de ló a’s d’oidhche nó aon tráth mhaith leis, agus an chaoi go bhféadfadh sé aoibhneas do chur ar dhaoine eile len a chuid ceóil. Acht bhí easbaidh airgid air mar bhíonns ar a leitheid go minic agus ní raibh aige acht a bheith ag súil leis an ádh ó lá go lá agus ó bhliadhain go bliadhain. Acht d’imthigh na bliadhanta go mall réidh. D’imthigh an óige agus d’éaluigh an aois air i ngandhios dó féin agus níor éirigh leis an chláirseach d’dhágháil mar bhí sé chomh bocht i ndeireadh a shaoghail agus a bhí sé na tús. Tráthnóna amháin agus é ’na shuidhe faoi bhun crainn giumhaise [sic] tháinig smaoineadh dhó.

Bhí géaga agus mion-duilleabhair an chrainn dá suathadh ag leoithne bog a bhí ag séideadh. Níor chuala mé ariamh ceól chomh binn agus atá ag an gcrann giúmhaise [sic] sin, ar seisean leis féin.

Tar éis tamall dhó ag machtnamh d’éirgh sé na sheasamh go h‑obann. Tháinig loinnir an áthais ’na shúile agus tháinig snuadh na h‑óige air arís.

Ní bheidh mé gan cláirsigh feasta, ar seisean leis féin. Tuigim anois an chaoi le ceann a dhéanamh.

Leis sin bhain sé cúpla géag de’n chrann giúmhaise agus ghreamuigh sé dá chéile i bhfuirm cláirsighe iad. Bhí faoi na téada a dhéanamh as ádhbhar eicínt eile lá ar n‑a bháireach, acht bhí tuitim na h‑oidhche ann anois agus rachadh sé chun suain le súil is go gcabhróchadh smaointe na h‑oidhche leis.

Anois bhí sidheóg an ghleanna ag áirdeall ar an sheandhear [sic] mála so [sic] i gcomhnuidhe. Ba mhinic a bhí mian aice cabhrú leis acht bhí uirthi fanacht go ndéanadh sé féin iarracht ar dtús agus fuair sí an deis an oidhche áirithe seo.

Chomh luath agus chuaidh an sean-dhear a chodladh rinne sí dubhán alla dhi féin agus théalthuigh isteach faoi an [sic] doras do [sic] dtí an áit a raibh conablach na cláirsighe leagtha aige. Thosnuigh sí ag obair ar a dícheall ag dul síos agus aníos ar an gcláirsigh agus gach turas a dhéanadh sí d’dhághadh sí téad órdha ’n‑a diaidh. Leis an maidhneachan bhí luach a saothair aici — an t‑áthas croidhe a bhí uirthi nuair a chonnaic sí an obair a chuir sí roimpi criochnuighthe [sic] aice. Rinne sí greas ceóil ar na téada le féachaint an raibh siad sásamhail agus ar ndóigh bhí.

A léitheid de cheól, ar sise, níor cluineadh ar an domhan seo fós.

Annsoin d’éaluigh sí amach faoi’n doras arís, chuimil baslach de dhrúcht na maidne dhí féin agus bhí sí ’n‑a sidheóigín ghleoite arís agus d’imthigh léi agus cuaidh chun suain di féin ’na pálás i n‑íochtar an ghleanna.

Dhúisigh an sean-dhear as a shuan agus chuimil a shúile le feiceál [sic] an raibh sé ’na mhaidhneachan. Dar leis gurbh an maidhneachan an chuid a b’iongantaighe agus a b’áilne de’n lá nuair a bhíodh na dathanna éagsamhla áilne le feiceál [sic] sa spéir agus cumhracht an drúchta agus na mbláth go h‑úr tar éis na h‑oidhche. Maidin faoi Bhealtaine a bhí ann agus bhí éin na coille ar séirse ag portaighil. Ghléas sé é féin go tapaidh mar níor mhaith leis nóiméad ar bith a leigean thart gan a bheith ag baint sásaimh as an áilneacht a bhí Dia a bhronnadh ar an domhan.

Caithfidh mé mo chláirseach a chríochnú, ar seisean leis féin. Nár bh’aoibhinn na rud a bheith ag sásamh mian mo chroidhe léi maidin mar so! [sic]

Acht nuair a fuair sé amharc ar an ngléas ceóil iongantach seo agus í feistighthe faoi n‑a cuid téada órdha de bharr na h‑oidhche ba bheag nár thuit sé as a sheasamh le méid an áthais do-innsighthe a tháinig ar a chroidhe. Rug sé barróg go ríméadach uirthi agus rith sé amach agus thug aghaidh ar an bhfairrge. Shuidh sé sa gcúinne ’nar ghnáth leis suidhe agus é ag déanamh a mhachtnamh go minic roimhe sin. Leag sé a mhéara ar théada na cláirsighe agus ní túisge a rinne sé sin ná chuala sé na fuaimeanna ba bhinne dár chuala a dhá chluais ariamh. Lean sé air annsin ag baint aoibhnis as an gceól ar nós duine a bhéadh [sic] ag blaiseadh dighe a chuirfeadh ar meisge de réir a chéile é.

Ba ghearr go raibh dearmad déanta aige ar an saoghal mór. Tháinig na h‑éanacha as na coillte, na beithidhigh, na caoirigh, na h‑uain ó na bántaibh agus an t‑iasg ó íochtar na tuinne le’n éisteacht leis acht ní dhaca sé ná níor chuala sé tada. Do réir a chéile thosnuigh an neart ag imtheacht as a mhéara agus an mheabhair ag fágáil a chinn nó sa deire gur thuit sé mín, marbh agus a chláirseach le n‑a chroidhe.

D’éaluigh na Maighdeanacha Mara aníos agus thugadar an chláirseach leo síos go dtí a n‑árus féin agus tá sí aca ariamh ó shoin agus tráthnóna breagh ciúin mar seo bíonn siad ag baint ceóil aisti i gcuan uaigneach áirithe agus duine ar bith a chloiseann an ceól sin ní chuirfeadh ceólta na cruinne as a chuimhne é.

XXXXXX
Ceol na Mara ar an leathanach bunaidh in An t‑Éireannach. Le caoinchead Leabharlann James Hardiman, Ollscoil na hÉireann Gaillimh.

Fadó fadó ariaṁ bhí sean-ḟear uasal ann. Ḃí an sean-ḟear seo an-ċeólṁar, ċoṁ ceólṁar agus go gcloiseaḋ sé na crainn agus na bláṫa agus gaċ dlaoi féir ag déanaṁ ceóil dó agus do ḃíoḋ truaġ aige do na daoine adeireaḋ [sic] naċ gcloiseaḋ siad féin aċt fuaim na gaoiṫe.

Ḃí mian ag cráḋ an tsean-ḟir seo ó ḃí sé ’n‑a ġasúr óg agus ba é an mian sin cláirseaċ a ḃeiṫ aige ḋó féin an ċaoi go ḃféadfaḋ sé a ḃeiṫ ag ceoltóireaċt de ló a’s d’oiḋċe nó aon tráṫ ṁaiṫ leis, agus an ċaoi go ḃféadfaḋ sé aoiḃneas do ċur ar ḋaoine eile len a ċuid ceóil. Aċt ḃí easbaiḋ airgid air mar ḃíonns ar a leiṫeid go minic agus ní raiḃ aige aċt a ḃeiṫ ag súil leis an áḋ ó lá go lá agus ó ḃliaḋain go bliaḋain. Aċt d’imṫiġ na bliaḋanta go mall réiḋ. D’imṫiġ an óige agus d’éaluiġ an aois air i nganḟios dó féin agus níor éiriġ leis an ċláirseaċ d’ḟáġáil mar ḃí sé ċoṁ boċt i ndeireaḋ a ṡaoġail agus a ḃí sé na tús. Tráṫnóna aṁáin agus é ’na ṡuiḋe faoi ḃun crainn giuṁaise [sic] ṫáinig smaoineaḋ ḋó.

Ḃí géaga agus mion-duilleaḃair an ċrainn dá suaṫaḋ ag leoiṫne bog a ḃí ag séideaḋ. Níor ċuala mé ariaṁ ceól ċoṁ binn agus atá ag an gcrann giúṁaise [sic] sin, ar seisean leis féin.

Tar éis tamall ḋó ag maċtnaṁ d’éirġ sé na ṡeasaṁ go h‑obann. Ṫáinig loinnir an áṫais ’na ṡúile agus ṫáinig snuaḋ na h‑óige air arís.

Ní ḃeiḋ mé gan cláirsiġ feasta, ar seisean leis féin. Tuigim anois an ċaoi le ceann a ḋéanaṁ.

Leis sin ḃain sé cúpla géag de’n ċrann giúṁaise agus ġreamuiġ sé dá ċéile i ḃfuirm cláirsiġe iad. Ḃí faoi na téada a ḋéanaṁ as áḋḃar eicínt eile lá ar n‑a ḃáireaċ, aċt ḃí tuitim na h‑oiḋċe ann anois agus raċaḋ sé ċun suain le súil is go gcaḃróċaḋ smaointe na h‑oiḋċe leis.

Anois ḃí siḋeóg an ġleanna ag áirdeall ar an ṡeanḟear [sic] mála so [sic] i gcoṁnuiḋe. Ba ṁinic a ḃí mian aice caḃrú leis aċt ḃí uirṫi fanaċt go ndéanaḋ sé féin iarraċt ar dtús agus fuair sí an deis an oiḋċe áiriṫe seo.

Ċoṁ luaṫ agus ċuaiḋ an sean-ḟear a ċodlaḋ rinne sí duḃán alla ḋi féin agus ṫéalṫuiġ isteaċ faoi an [sic] doras do [sic] dtí an áit a raiḃ conablaċ na cláirsiġe leagṫa aige. Ṫosnuiġ sí ag obair ar a díċeall ag dul síos agus aníos ar an gcláirsiġ agus gaċ turas a ḋéanaḋ sí d’ḟáġaḋ sí téad órḋa ’n‑a diaiḋ. Leis an maiḋneaċan ḃí luaċ a saoṫair aici — an t‑áṫas croiḋe a ḃí uirṫi nuair a ċonnaic sí an obair a ċuir sí roimpi crioċnuiġṫe [sic] aice. Rinne sí greas ceóil ar na téada le féaċaint an raiḃ siad sásaṁail agus ar ndóiġ ḃí.

A léiṫeid de ċeól, ar sise, níor cluineaḋ ar an doṁan seo fós.

Annsoin d’éaluiġ sí amaċ faoi’n doras arís, ċuimil baslaċ de ḋrúċt na maidne ḋí féin agus ḃí sí ’n‑a siḋeóigín ġleoite arís agus d’imṫiġ léi agus cuaiḋ ċun suain di féin ’na pálás i n‑íoċtar an ġleanna.

Ḋúisiġ an sean-ḟear as a ṡuan agus ċuimil a ṡúile le feiceál [sic] an raiḃ sé ’na ṁaiḋneaċan. Dar leis gurḃ an maiḋneaċan an ċuid a b’iongantaiġe agus a b’áilne de’n lá nuair a ḃíoḋ na daṫanna éagsaṁla áilne le feiceál [sic] sa spéir agus cuṁraċt an drúċta agus na mbláṫ go h‑úr tar éis na h‑oiḋċe. Maidin faoi Ḃealtaine a ḃí ann agus ḃí éin na coille ar séirse ag portaiġil. Ġléas sé é féin go tapaiḋ mar níor ṁaiṫ leis nóiméad ar biṫ a leigean ṫart gan a ḃeiṫ ag baint sásaiṁ as an áilneaċt a ḃí Dia a ḃronnaḋ ar an doṁan.

Caiṫfiḋ mé mo ċláirseaċ a ċríoċnú, ar seisean leis féin. Nár ḃ’aoiḃinn na rud a ḃeiṫ ag sásaṁ mian mo ċroiḋe léi maidin mar so! [sic]

Aċt nuair a fuair sé aṁarc ar an ngléas ceóil iongantaċ seo agus í feistiġṫe faoi n‑a cuid téada órḋa de ḃarr na h‑oiḋċe ba ḃeag nár ṫuit sé as a ṡeasaṁ le méid an áṫais do-innsiġṫe a ṫáinig ar a ċroiḋe. Rug sé barróg go ríméadaċ uirṫi agus riṫ sé amaċ agus ṫug aġaiḋ ar an ḃfairrge. Ṡuiḋ sé sa gcúinne ’nar ġnáṫ leis suiḋe agus é ag déanaṁ a ṁaċtnaṁ go minic roiṁe sin. Leag sé a ṁéara ar ṫéada na cláirsiġe agus ní túisge a rinne sé sin ná ċuala sé na fuaimeanna ba ḃinne dár ċuala a ḋá ċluais ariaṁ. Lean sé air annsin ag baint aoiḃnis as an gceól ar nós duine a ḃéaḋ [sic] ag blaiseaḋ diġe a ċuirfeaḋ ar meisge de réir a ċéile é.

Ba ġearr go raiḃ dearmad déanta aige ar an saoġal mór. Ṫáinig na h‑éanaċa as na coillte, na beiṫiḋiġ, na caoiriġ, na h‑uain ó na bántaiḃ agus an t‑iasg ó íoċtar na tuinne le’n éisteaċt leis aċt ní ḟaca sé ná níor ċuala sé tada. Do réir a ċéile ṫosnuiġ an neart ag imṫeaċt as a ṁéara agus an ṁeaḃair ag fágáil a ċinn nó sa deire gur ṫuit sé mín, marḃ agus a ċláirseaċ le n‑a ċroiḋe.

D’éaluiġ na Maiġdeanaċa Mara aníos agus ṫugadar an ċláirseaċ leo síos go dtí a n‑árus féin agus tá sí aca ariaṁ ó ṡoin agus tráṫnóna breaġ ciúin mar seo bíonn siad ag baint ceóil aisti i gcuan uaigneaċ áiriṫe agus duine ar biṫ a ċloiseann an ceól sin ní ċuirfeaḋ ceólta na cruinne as a ċuiṁne é.