Áras Shorcha Ní Ghuairim

le Séamas Ó Concheanainn, Riarthóir Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Carna

Clúdach an albaim seo.
Áras Shorcha Ní Ghuairim, Roisín na Maithniach, Iorras Aithneach, Contae na Gaillimhe. Foinse: Wikimedia. (CC BY-SA 4.0)

Bhí misean Ollscoil na hÉireann, Gaillimh i mbunú Áras Shorcha Ní Ghuairim i 1997 ag teacht le mianta Shorcha mar cheannródaí pobail a bhí tiománta d’fhorás na Gaeltachta agus d’athbheochan na Gaeilge, agus tá muid an-bhródúil as gurbh é an tÁras an chéad fhoirgneamh a d’ainmnigh OÉG in ómós do bhean.

Ba mar fhonnadóir sean-nóis ba mhó a bhí cáil ar Shorcha agus taifeadtaí dá cuid amhrán déanta chomh luath le 1940 ag Seán Ó Súilleabháin ó Choimisiún Béaloideasa Éireann. Bhí an mheas agus an grá ollmhór a bhí ag Sorcha do na hamhráin, agus dá sinsir ónár shealbhaigh sí a cuid amhrán, follasach óna cuid seanchais agus tráchta orthu.

Tá an saothrú a rinne Sorcha Ní Ghuairim trína gairm iriseoireachta, in An t‑Éireannach agus i Scéala Éireann ach go háirithe, ar théamaí ar nós an chaidrimh idir phobal na Gaeltachta agus an Stát, creimeadh fhéiniúlacht na Gaeltachta agus caomhnú an nádúir; chomh tráthúil céanna do chinniúint phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge i 2020 agus mar a bhí i lár an chéid seo caite agus í i mbarr a maitheasa.

An cúlra a thug sí faoi na hamhrán an seanchas a bhain leob cé uaidh a bhfuair sí an t‑amhrán. Is ó 1940 is túisce atá taifeadadh againn ó Shorcha; taifeadadh a rinne sí n‑éide le Seán Ó Suilleabhán, cartlannaí le Coimisiún Béaloideasa Éireann. D’fhan sí dílis d’amhráin Gaeilge agus níl aon chuntais ann gur chás sí amhráin Bearla mar cheap sí nach raibh bualadh filíocht amhrán a sinsear le fail.

Clúdach an albaim seo.
Áras na hOllscoile. Cuid d’Áras Shorcha Ní Ghuairim. Foinse: Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge.

Le cois agus scór bliain anuas tá foireann Áras Shorcha Ní Ghuairim ag cur roimpi clár léinn agus forbartha pobail a thionscnamh, a thógfadh ar na mianta a spreag Sorcha mar cheannródaí pobail, mar ealaíontóir, mar iriseoir agus mar léachtóir — féinchinniúint phobal na Gaeltachta agus caomhnú na saíochta Gaelaí.

Táim lánchinnte go mbeadh Sorcha thar a bheith bróidiúil aos léinn na linne seo ó gach cearn d’Inis Fodhla agus thar tír isteach a bheith ag tarraingt ar Ionad Ollscoile ina baile dúchais i Roisín na Mainiach, le barr snasa a chur ar a gcuid Gaeilge le linn a dtumadh i bhfíorthobar an chultúir dhúchasaigh. Tá oidhreacht agus sliocht ag bláthú.

Tá muid uile faoi chomaoin mhór ag curaidh an tionscadail seo, ár gcomhghleacaí Mícheál Mac Lochlainn agus ár ndlúthchara, an Dochtúir Róisín Nic Dhonncha, as an ngcnuasach luachmhar seo ar Shorcha Ní Ghuairim a chur i dtoll a chéile. Beidh an cnuasach ina ábhar feasachta agus spéise do mhic léinn agus don phobal trí chéile.

Go mba fada buan sibh.