Béaloideas: Sgéilíní ó Chárna

Le Sorcha Ní Ghuairim

Sgéalta iad seo a fuair mé héin ó bhéal m’athar i Roisín na Mainíoch i bParáiste Chárna.

I

Grianghraf den alt seo a scrígh Sorcha do Bhéaloideas.
An t‑alt bunaidh in Béaloideas. Foinse: Leabharlann James Hardiman, Ollscoil na hÉireann Gaillimh.

Caoineadh na mban san ár

Sgéal sidhe é seo a bhaineas le Cath Eachdhroma1 Deir na seaniondúirí gur chruinnigh taisí a gcuid Dan muinntheardha timcheall na nGaedheal a thuith san ár, agus gur chaoineadar go breagh iad.

Seo mar chuala mise an sgéal.

Le linn Catha Eachdhroma, bhí lá ann, agus marbhuigheadh an t‑an‑chuimse san ár, agus oidhche an Lae sin bhi a raibh fágtha de na Ghaedhil i n‑a luighe an leabaidh thart thart comhngharach go maith go pháirc an chatha. Cé go rabhadar caithte spíonca de bhárr a’ Lae, níorbh fhéidir Leo tíonnuair a chodhladh ag an gcaoineachán cráite a bhí a’ teacht chuca ón bpáirc. Bhiodar a’ cur is a’ cúiteamh ar feadh i bhfad — fonn is faitchios ortha triall ar an áit ar cheapadar an gol a bheith. Sa deire thosuigheadar a’ comórtas Le n‑a chéile, acht loic ’chuile mhac máthar aca acht aon fhear amháin. D’éirigh seisean i n‑a seasamh agus dubhairt:

Cuirfidh mé mo mhuinghin ’un Dé, a’s ní ar geall a rachas mé ann.

D’imthigh leis, agus gan fuacht ná faitchíos air, nó go dtáinigh sé chomh fada Le áith a raib láithreachán corp. Nuair a tháinigh sé annsin, bhailigh na mrá Caointe ’na thimcheall, agus iad diombuaidheach go maith dhe. Duabhradar Leis a dhul ar ais go dtí an áit a dtáinig sé as, agus ar ndóigh ba bhuidheach Dé leir a deis sin fháil. Nuair a bhí sé ag imtheacht uatha, Labhair duine de na mrá, agus seo mar a duabhairt sí:

Marach gur chuir tú do mhuinghin ’un Dé,
A’s nach ar geall a tháinig tú ann,
Ba thruagh leat go Lá an Luain
Do chuairt a thígheacht ’na gceann!

II

[gan teideal]

Innsightear sgéilín beag eile i gConamara faoi bheirt cheóLtóir a bhi ann an tráth céadna a raibh Cath Eachroma ar siubhaL. Éireannaigh a b’eadh an bheirt seo, acht thárla, pebrí fáth a bhi leis, go raibh duine aca le arm na h‑Éireann agus an ceann eile leis na Sasanaigh. Da chuma sin, bhí an bheirt aca dílis dá chéile, agus bhíodh an fear a bhí le arm Ṡasana a’ tabhairt leide do”n fhear eile i n‑aimsir cruadhóige.

Lá amháin, theastaig fois ó na hÉireannaigh go cé mar a bhí an saoghal agá n‑a námhaid, agus Labhair an ceóltóir a bhí aca le na charaid.

Emilí, Emilí, an reirean, cé mar tá an chuideachta?

Agus ars’ an fear eile chuige anall:

Muire, tá siad go tubaisteach!
Dheamhan srné theine acab!
Dheamhan bhLas le n‑ithe aca!
A’s ó ghéar, a bhuachaillí, teannaidh leób!
A’s ó ghéar, a bhuachaillí, teannaidh leób!

Acht, mo Léan, ní dheacaidh le mo dhuine bocht an iarraidh sin! Fuair na Sasanaigh fíos ar bhealach eicínc go dtug sé an sgéal amach, agus thugadar íobairt ghránna dhó. Bhrughadar agus dhinneadar a chuid méar agus a chuid súl agus d’fhágadar annsin ’na chuailín cnámh é. Acht tréis a’ méid sin, ní raibh tada dá chaitheamh ’na dhiaidh aige an méid a rinne sé a dheanamh,agus thug sé héin le rádh suL ar éag sé.

Mo chosa, a’s mo bhosa, a’s mo mhéarachaí, an seirean,
A’s mo shúile atá brúite gan Léargus choidhche,
Acht cé’r chás liom an méid sin achc an lá bheith ar Chlanna Gaedheal bocht!

III

Snaidhm ar Búndhún2

Bhí bean ann fadó, agus bhí sí a’ ṡníomhachán oidhche áirneáin. Bhí cárnán mór oLainne le sníomh aici, agus bhí sí ag obair mar bheadh Dia ’ghá rádh Léithe nuair a bhuail firín beag isteach chuci. Bhuail sé bleid cainnte uirthe, agus deamhhan mórán achair gur thosaigh sé a’ déanamh truaigh di.

Mise nach mbeadh i bhfad a’ déanamh na h‑oibre ṡin, ar seisean, dá leigtheá dhom! agus bhí sé a’ goil timcheall ar a’ mhraoi go deó gur ghéill sí dá ráidhte. Bhí go maith is ní raibh go h‑olc. Bhuail sé an mála oLainne ar a ghuaLainn, agus amach leis, agus ar a ghoil amach a’ chasán dó, d’iompaigh sé thart, agis duabhairt le bean a’ tighe go bhfuigheadh sí an snáithe ar ais ar a leitheide seo de lá ach fios a ainime a bheith aici.

Dona go leor! ars an bhean.

Bhí sí i na bailodhair chearc mar cheap sí go raibh sé fánach aici tuairisc an fhirín fháil ó éinne, agus bhí sí cinnte go raibh sí réidh go deó Le n‑a cuid oLainne.

D’imthigh sin ann héin, bhí an aimsír a’ sgiorradh thart, acht bhí sé a cainnc amach is amach ar an mraoi ainm an fhirín ná a thuairisg fháil i n‑aon Áit.

Faoi dheire is faoi dheoidh, tháinig an lá a bhí ceaptha ag mo dhuine leisr an snáite a thabhairt ar ais chuici, agus bhí sí ’na truagh Mhúire dháiríre. Ar chuma ar bith, d’éirigh sí moch go maith ar maidin, agus chuaidh sí amach a’ seoladh na mbeithidheach. D’ág sí na beithidigh ar a’ sliabh, agus bhí sí a’ filleadh abhaile trom-chroidheach go leór, nuair a chuala sí mar bheadh glór fir. Chuir sí cluais uirthi héin annsin, agus b’fhacthas di gur istigh i n‑áill a bhí i n‑aice léithe a bhí an glór. Theann sí isteach leis an áill, agus ceart go leór, chuala sí torann an túirne agus fear a’ gabháil fhuínn dó héin. Bhí sé a’ rádh an bhéarsa seo aríst agus aríst eile:

Ó, ’s dá mbeadh fhios ag bean na h‑olainne seo
Gur Snaidhm ar Bundún atá orm-sa
Nach sámh agus nach socamhLach mar chodlochadh sise an oidhchce!

Bhí go maith is ní raibh go h‑olc. Níor bhain sí méar dá sróin ariamh gur shroich sí a teach héin, agus ní i bhfad chor ar bith a bhi sí istigh nuair a bheannuigh an firín faoi ’n doras, a mhála ar a ghualainn, agus é a’ meangaireacht gháiridhe.

Bhfuil fíos m’ainm‘ agac, a bhean chóir?” ar seisean.

Muise, níl fhios agam-sa é, ar sise, mara ‘Snaidhm ar Bundún’ atá orc!

Ó, ar seisean, meirgeach go maith, mo bheannacht duit-se agus mo mhallacht do bhéal do mhúince!

IV

An caoi a dtáinig Sainnt san Eaglais

Deirtear go raibh Ár Slánuightheóir agus Naomh Peadar a’ goil a’ bóthar Lá, agus gur casadh bochtán dóibh. D‘iarr sé déirc ortha, agus thug Ár Slánuightheóir sin dó. Tamall i n‑a dhiaidh sin, bhíodar a’ goil thar teach óil, agus arsa Ár Slánuightheóir le Naomh Peadar: Téirigh isteach, a Pheadar, agus féach cé atá annsin!

Chuaidh Peadar isteach, agus ar a thigheacht amach dó, d’fhiafruigh Ár Slánuightheóir de cé chonnaic sé istigh.

Ó, a Thiarna, arsa Peadar, an craosánach sin a dtug cú an déirc dó ar ball, tá sé istigh annsin ag ól!

Ná bac Leis sin, a Pheadair! adubhairc Ár Slánuightheóir, agus d’imthigh leó.

Ní mórán achair a bhí siúbhalta aca nuair a casadh fear eile dóibh, agus cuma an ocrais agus an ansógh air. D’iarr sé déirc orthu, acht d’eitig Ár Slánuightheóir é. B’aisteac le Naomh Peadar sin , acht nuair a fuair sé caidéis dó dubainc Ár Slánuightheóir: Ná bac leis sin, a Pheadair.

Lá’r na mháireach, bhíodar a’ siubhal leó aríst, a nuair a tháinigeadar chomh fada le casadh a bhí sa mbóthar labhair Ár Slánuightheóir Le Naomh Peadair:

Téirigh isteach thar an gclaidhe annſin, agus fach céard fheicfeas tú ann!

Isteach Le Naomh Peadair, agus cé bheadh taobh istigh de’n chlaidhe acht an bochtán a d’eitig Ár dTiagharna faoi’n déirc an lá roimhe sin, agus é fuar marbh.

Tháinigh Peadar amach, agus ar seisean le n‑Ár Slánuightheóir:

Ó, a Thiagharna, an bochtán sin a d’eitig tú faoi’n déirc indé tá sé básuighthe!

Ná bac Leis sin, a Pheadair, arsa Ár Slánuightheóir, acht teirigh isteach agus cuartaigh a ghiúslaí.

Chuaidh, agus bhí a chuid éadaí Loma-Lán le hairgead.

Annsin dubhairc Críost le Naomh Peadar an t‑airgead a thabhairt leis, agus é a chaitheamh i n‑a shean-urchar i bhfarraige.

Bhíodar a’ siubhal leó annsin, agus nuair a thainigeadar chomh fada leis a’ bhfarraige, rug Naomh Peadar ar an airgead, agus thosuigh sé ghá chaitheamh amach, acht ar sin a dhéanamh dhó, bhuail cradhas croidhe é, agus sgaoil sé cuid den airgead suas i n‑a mhuithchille.

Ar chaith tú an t‑airgead uilig sa bhfarraige? arsa Críost leis i n‑a dhiaidh sin.

Chaiteas, arsa Peadar, acht pighinn bheag fánach eicínt!

Ó, ars Criost, d’fhág tú Eaglais Dé sanntach ’un airgead aríst le n‑a saoghal!

Sgéalta iad ſeo a fuaiɼ mé héin ó ḃéal m’aṫaɼ i Roiſín na Mainíoċ i bPaɼáiſte Ċáɼna.

I

Grianghraf den alt seo a scrígh Sorcha do Bhéaloideas.
An t‑alt bunaidh in Béaloideas. Foinse: Leabharlann James Hardiman, Ollscoil na hÉireann Gaillimh.

Caoineaḋ na mban san áɼ

Sgéal ſiḋe é ſeo a ḃaineaſ le Caṫ Eaċḋɼoma. Deiɼ na ſeaniondúiɼí guɼ ċɼuinniġ taiſí a gcuid Dan muinnṫeaɼḋa timċeall na nGaeḋeal a ṫuiṫ ſan áɼ, aguſ guɼ ċaoineadaɼ go bɼeaġ iad.

Seo maɼ ċuala miſe an ſgéal.

Le linn Caṫa Eaċḋɼoma, ḃí lá ann, aguſ maɼḃuiġeaḋ an t‑an‑ċuimſe ſan áɼ, aguſ oiḋċe an Lae ſin ḃi a ɼaiḃ fágṫa de na Ġaeḋil i n‑a luiġe an leabaiḋ ṫaɼt ṫaɼt coṁnġaɼaċ go maiṫ go ṗáiɼc an ċaṫa. Cé go ɼaḃadaɼ caiṫte ſpíonca de ḃáɼɼ a’ Lae, níoɼḃ ḟéidiɼ Leo tíonnuaiɼ a ċoḋlaḋ ag an gcaoineaċán cɼáite a ḃí a’ teaċt ċuca ón bpáiɼc. Ḃiodaɼ a’ cuɼ iſ a’ cúiteaṁ aɼ feaḋ i ḃfad — fonn iſ faitċioſ oɼṫa tɼiall aɼ an áit aɼ ċeapadaɼ an gol a ḃeiṫ. Sa deiɼe ṫoſuiġeadaɼ a’ comóɼtaſ Le n‑a ċéile, aċt loic ’ċuile ṁac máṫaɼ aca aċt aon ḟeaɼ aṁáin. D’éiɼiġ ſeiſean i n‑a ſeaſaṁ aguſ duḃaiɼt:

Cuiɼfiḋ mé mo ṁuinġin ’un Dé, a’ſ ní aɼ geall a ɼaċaſ mé ann.

D’imṫiġ leiſ, aguſ gan fuaċt ná faitċíoſ aiɼ, nó go dtáiniġ ſé ċoṁ fada Le áiṫ a ɼaib láiṫɼeaċán coɼp. Nuaiɼ a ṫáiniġ ſé annſin, ḃailiġ na mɼá Caointe ’na ṫimċeall, aguſ iad diombuaiḋeaċ go maiṫ ḋe. Duaḃɼadaɼ Leiſ a ḋul aɼ aiſ go dtí an áit a dtáinig ſé aſ, aguſ aɼ ndóiġ ba ḃuiḋeaċ Dé leiɼ a deiſ ſin ḟáil. Nuaiɼ a ḃí ſé ag imṫeaċt uaṫa, Laḃaiɼ duine de na mɼá, aguſ ſeo maɼ a duaḃaiɼt ſí:

Maɼaċ guɼ ċuiɼ tú do ṁuinġin ’un Dé,
A’ſ naċ aɼ geall a ṫáinig tú ann,
Ba ṫɼuaġ leat go Lá an Luain
Do ċuaiɼt a ṫíġeaċt ’na gceann!

II

[gan teideal]

Innſiġteaɼ ſgéilín beag eile i gConamaɼa faoi ḃeiɼt ċeóLtóiɼ a ḃi ann an tɼáṫ céadna a ɼaiḃ Caṫ Eaċɼoma aɼ ſiuḃaL. Éiɼeannaiġ a b’eaḋ an ḃeiɼt ſeo, aċt ṫáɼla, pebɼí fáṫ a ḃi leiſ, go ɼaiḃ duine aca le aɼm na h‑Éiɼeann aguſ an ceann eile leiſ na Saſanaiġ. Da ċuma ſin, ḃí an ḃeiɼt aca díliſ dá ċéile, aguſ ḃíoḋ an feaɼ a ḃí le aɼm Ṡaſana a’ taḃaiɼt leide do”n ḟeaɼ eile i n‑aimſiɼ cɼuaḋóige.

Lá aṁáin, ṫeaſtaig foiſ ó na hÉiɼeannaiġ go cé maɼ a ḃí an ſaoġal agá n‑a náṁaid, aguſ Laḃaiɼ an ceóltóiɼ a ḃí aca le na ċaɼaid.

Emilí, Emilí, an ɼeiɼean, cé maɼ tá an ċuideaċta?

Aguſ aɼs’ an feaɼ eile ċuige anall:

Muiɼe, tá ſiad go tubaiſteaċ!
Ḋeaṁan ſɼné ṫeine acab!
Ḋeaṁan ḃLaſ le n‑iṫe aca!
A’ſ ó ġéaɼ, a ḃuaċaillí, teannaiḋ leób!
A’ſ ó ġéaɼ, a ḃuaċaillí, teannaiḋ leób!

Aċt, mo Léan, ní ḋeacaiḋ le mo ḋuine boċt an iaɼɼaiḋ ſin! Fuaiɼ na Saſanaiġ fíoſ aɼ ḃealaċ eicínc go dtug ſé an ſgéal amaċ, aguſ ṫugadaɼ íobaiɼt ġɼánna ḋó. Ḃɼuġadaɼ aguſ ḋinneadaɼ a ċuid méaɼ aguſ a ċuid ſúl aguſ d’ḟágadaɼ annſin ’na ċuailín cnáṁ é. Aċt tɼéiſ a’ méid ſin, ní ɼaiḃ tada dá ċaiṫeaṁ ’na ḋiaiḋ aige an méid a ɼinne ſé a ḋeanaṁ,aguſ ṫug ſé héin le ɼáḋ ſuL aɼ éag ſé.

Mo ċoſa, a’ſ mo ḃoſa, a’ſ mo ṁéaɼaċaí, an ſeiɼean,
A’ſ mo ẛúile atá bɼúite gan Léaɼguſ ċoiḋċe,
Aċt cé’ɼ ċáſ liom an méid ſin aċc an lá ḃeiṫ aɼ Ċlanna Gaeḋeal boċt!

III

Snaiḋm aɼ Búnḋún

Ḃí bean ann fadó, aguſ ḃí ſí a’ ṡníoṁaċán oiḋċe áiɼneáin. Ḃí cáɼnán móɼ oLainne le ſníoṁ aici, aguſ ḃí ſí ag obaiɼ maɼ ḃeaḋ Dia ’ġá ráḋ Léiṫe nuaiɼ a ḃuail fiɼín beag iſteaċ ċuci. Ḃuail ſé bleid cainnte uiɼṫe, aguſ deaṁhan móɼán aċaiɼ guɼ ṫoſaiġ ſé a’ déanaṁ tɼuaiġ di.

Miſe naċ mbeaḋ i ḃfad a’ déanaṁ na h‑oibɼe ṡin, aɼ ſeiſean, dá leigṫeá ḋom! aguſ ḃí ſé a’ goil timċeall aɼ a’ ṁɼaoi go deó guɼ ġéill ſí dá ɼáiḋte. Ḃí go maiṫ iſ ní ɼaiḃ go h‑olc. Ḃuail ſé an mála oLainne aɼ a ġuaLainn, aguſ amaċ leiſ, aguſ aɼ a ġoil amaċ a’ ċaſán dó, d’iompaiġ ſé ṫaɼt, agiſ duaḃaiɼt le bean a’ tiġe go ḃfuiġeaḋ ſí an ſnáiṫe aɼ aiſ aɼ a leiṫeide ſeo de lá aċ fioſ a ainime a ḃeiṫ aici.

Dona go leoɼ! aɼſ an ḃean.

Ḃí ſí i na bailoḋaiɼ ċeaɼc maɼ ċeap ſí go raiḃ ſé fánaċ aici tuaiɼiſc an ḟiɼín ḟáil ó éinne, aguſ ḃí ſí cinnte go raiḃ ſí ɼéiḋ go deó Le n‑a cuid oLainne.

D’imṫiġ ſin ann héin, ḃí an aimſíɼ a’ ſgioɼɼaḋ ṫaɼt, aċt ḃí ſé a cainnc amaċ iſ amaċ aɼ an mɼaoi ainm an ḟiɼín ná a ṫuaiɼiſg ḟáil i n‑aon Áit.

Faoi ḋeiɼe iſ faoi ḋeoiḋ, ṫáinig an lá a ḃí ceapṫa ag mo ḋuine leiſɼ an ſnáite a ṫaḃaiɼt aɼ aiſ ċuici, aguſ ḃí ſí ’na tɼuaġ Ṁúiɼe ḋáiɼíɼe. Aɼ ċuma aɼ biṫ, d’éiɼiġ ſí moċ go maiṫ aɼ maidin, aguſ ċuaiḋ ſí amaċ a’ ſeolaḋ na mbeiṫiḋeaċ. D’ág ſí na beiṫidiġ aɼ a’ ſliaḃ, aguſ ḃí ſí a’ filleaḋ aḃaile tɼom-ċɼoiḋeaċ go leóɼ, nuaiɼ a ċuala ſí maɼ ḃeaḋ glóɼ fiɼ. Ċuiɼ ſí cluaiſ uiɼṫi héin annſin, aguſ b’ḟacṫaſ di guɼ iſtiġ i n‑áill a ḃí i n‑aice léiṫe a ḃí an glóɼ. Ṫeann ſí iſteaċ leiſ an áill, aguſ ceaɼt go leóɼ, ċuala ſí toɼann an túiɼne aguſ feaɼ a’ gaḃáil ḟuínn dó héin. Ḃí ſé a’ ɼáḋ an ḃéaɼſa ſeo aɼíſt aguſ aɼíſt eile:

Ó, ’ſ dá mbeaḋ ḟioſ ag bean na h‑olainne ſeo
Guɼ Snaiḋm aɼ Bundún atá oɼm-ſa
Naċ ſáṁ aguſ naċ ſocaṁLaċ maɼ ċodloċaḋ ſiſe an oiḋċce!

Ḃí go maiṫ iſ ní ɼaiḃ go h‑olc. Níoɼ ḃain ſí méaɼ dá ſɼóin aɼiaṁ guɼ ẛɼoiċ ſí a teaċ héin, aguſ ní i ḃfad ċoɼ aɼ biṫ a ḃi ſí iſtiġ nuaiɼ a ḃeannuiġ an fiɼín faoi ’n doɼas, a ṁála aɼ a ġualainn, aguſ é a’ meangaiɼeaċt ġáiɼiḋe.

Ḃfuil fíoſ m’ainm‘ agac, a ḃean ċóiɼ?” aɼ ſeiſean.

Muiſe, níl ḟioſ agam-ſa é, aɼ ſiſe, maɼa ‘Snaiḋm aɼ Bundún’ atá oɼc!

Ó, aɼ ſeiſean, meiɼgeaċ go maiṫ, mo ḃeannaċt duit-ſe agus mo ṁallaċt do ḃéal do ṁúince!

IV

An ċaoi a dtáinig Sainnt ſan Eaglaiſ

Deiɼteaɼ go ɼaiḃ Áɼ Slánuiġṫeóiɼ aguſ Naoṁ Peadaɼ a’ goil a’ bóṫaɼ Lá, aguſ guɼ casaḋ boċtán dóiḃ. D‘iaɼɼ ſé déiɼc oɼṫa, aguſ ṫug Áɼ Slánuiġṫeóiɼ ſin dó. Tamall i n‑a ḋiaiḋ ſin, ḃíodaɼ a’ goil ṫaɼ teaċ óil, aguſ aɼſa Áɼ Slánuiġṫeóiɼ le Naoṁ Peadaɼ: Téiɼiġ iſteaċ, a Ṗeadaɼ, aguſ féaċ cé atá annſin!

Ċuaiḋ Peadaɼ iſteaċ, aguſ aɼ a ṫiġeaċt amaċ dó, d’ḟiafɼuiġ Áɼ Slánuiġṫeóiɼ de cé ċonnaic ſé iſtiġ.

Ó, a Ṫiaɼna, aɼſa Peadaɼ, an cɼaoſánaċ ſin a dtug cú an déiɼc dó aɼ ball, tá ſé iſtiġ annſin ag ól!

Ná bac Leiſ ſin, a Ṗeadaiɼ! aduḃaiɼc Áɼ Slánuiġṫeóiɼ, aguſ d’imṫiġ leó.

Ní móɼán aċaiɼ a ḃí ſiúḃalta aca nuaiɼ a caſaḋ feaɼ eile dóiḃ, aguſ cuma an ocɼaiſ aguſ an anſóġ aiɼ. D’iaɼɼ ſé déiɼc oɼṫu, aċt d’eitig Áɼ Slánuiġṫeóiɼ é. B’aiſteac le Naoṁ Peadaɼ ſin , aċt nuaiɼ a fuaiɼ ſé caidéiſ dó dubainc Áɼ Slánuiġṫeóiɼ: Ná bac leiſ ſin, a Ṗeadaiɼ.

Lá’ɼ na ṁáiɼeaċ, ḃíodaɼ a’ ſiuḃal leó aɼíſt, a nuaiɼ a ṫáinigeadaɼ ċoṁ fada le caſaḋ a ḃí ſa mbóṫaɼ laḃaiɼ Áɼ Slánuiġṫeóiɼ Le Naoṁ Peadaiɼ:

Téiɼiġ iſteaċ ṫaɼ an gclaiḋe annṡin, aguſ faċ céaɼd ḟeicfeaſ tú ann!

Iſteaċ Le Naoṁ Peadaiɼ, aguſ cé ḃeaḋ taoḃ iſtiġ de’n ċlaiḋe aċt an boċtán a d’eitig Áɼ dTiaġaɼna faoi’n déiɼc an lá ɼoiṁe ſin, aguſ é fuaɼ maɼḃ.

Ṫáiniġ Peadaɼ amaċ, aguſ aɼ ſeiſean le n‑Áɼ Slánuiġṫeóiɼ:

Ó, a Ṫiaġaɼna, an boċtán ſin a d’eitig tú faoi’n déiɼc indé tá ſé báſuiġṫe!

Ná bac Leiſ ſin, a Ṗeadaiɼ, aɼſa Áɼ Slánuiġṫeóiɼ, aċt teiɼiġ iſteaċ aguſ cuaɼtaiġ a ġiúſlaí.

Ċuaiḋ, aguſ ḃí a ċuid éadaí Loma-Lán le haiɼgead.

Annſin duḃaiɼc Cɼíoſt le Naoṁ Peadaɼ an t‑aiɼgead a ṫaḃaiɼt leiſ, aguſ é a ċaiṫeaṁ i n‑a ẛean-uɼċaɼ i ḃfaɼɼaige.

Ḃíodaɼ a’ ſiuḃal leó annſin, aguſ nuaiɼ a ṫainigeadaɼ ċomh fada leiſ a’ ḃfaɼɼaige, ɼug Naoṁ Peadaɼ aɼ an aiɼgead, aguſ ṫoſuiġ ſé ġá ċaiṫeaṁ amaċ, aċt aɼ ſin a ḋéanaṁ ḋó, ḃuail cɼaḋaſ cɼoiḋe é, aguſ ſgaoil ſé cuid den aiɼgead ſuaſ i n‑a ṁuiṫċille.

Aɼ ċaiṫ tú an t‑aiɼgead uilig ſa ḃfaɼɼaige? aɼſa Cɼíoſt leiſ i n‑a ḋiaiḋ ſin.

Ċaiteaſ, aɼſa Peadaɼ, aċt piġinn ḃeag fánaċ eicínt!

Ó, aɼſ Cɼioſt, d’ḟág tú Eaglaiſ Dé ſanntaċ ’un aiɼgead aɼíſt le n‑a ſaoġal!

Foilsíodh an t‑alt seo in Béaloideas, imleabhar 15, uimhir 2, i mbliain 1945.

Gabhaimid buíochas leis na foilsitheoirí as cead a thabhairt dúinn é a chur ar fáil anseo.

Nótaí

  1. 1691.
  2. Aa. Th. 500.