Le Míċeál Ó Loċlainn
I riocht bhoscra ceirníní 78 — ‘plátaí’, mar a thugtaí orthu an uair úd — agus leabhar cúrsa atá an cúrsa foghlama so. Táim ag fiosrú bliain a chéadfoilsithe i gcónaí ach is i mbliain a 1929 a foilsíodh an dara heagrán de agus i 1931 a foilsíodh an tríú heagrán. The Linguaphone Irish Course an teideal a bhí ar an dara heagrán, eagrán a foilsíodh mar chuid de Roston’s pictorial language series. (Jacques Roston bunaitheoir an Linguaphone Group.) Irish in 30 Lessons an fo-theideal a bhí air.
Tá cóip iomlán den tríú heagrán ar a coimeád sa chartlann in Áras Shorcha Ní Ghuairim. Dheineas digitiú ardchaighdeáin ar an leabhar cúrsa sa mbliain 2019 agus ag tosach Mhí Feabhra 2020, an tráth a seoladh Coisín Shiúlach ag Scoil Gheimhridh Chumann Merriman na bliana sin, bhíos-sa agus Fionn Ó Sealbhaigh, comhghleacaí liom in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge agus saineolaí ar chúrsaí fuaime, ag réiteach chun na ceirníní féin a dhigitiú. Ach tháinig an Víreas Corónach ar an bhfód go gairid ina dhiaidh sin, cuireadh isteach go mór ar chúrsaí an tsaoil agus b’éigean dúinn an obair a chur ar athló. Níor rith linn filleadh uirthi go Mí na Samhna ach d’oir dúinn í a chur i gcrích gan mhoill, ar eagla go dtiocfadh tuilleadh dianghlasála agus a chuid iarmhirtí idir sinn agus í san athbhliain. Fé bhrú is ea a deineadh an obair dhigitithe seo agus cé go bhfuilmíd sásta go leor leis an toradh is féidir go bhfillmíd ar ghnéithe di amach san aimsir, nuair a bheidh cúrsaí socraithe síos arís.
Tá toradh na hoibre seo go léir curtha i láthair anso. Ar Lá Caille 2021 a foilsíodh ar líne í, 90 bliain is a foilsíodh an cúrsa bunaidh. Foilsíodh ar Choisín Shiúlach í de bharr gur sholáthair Máire Ní Ghuairim, deirfiúir Shorcha, an glór mná atá ar na ceirníní. Is fiú a rá go n‑úsáideann gach éinne de na cainteoirí leagan mionathraithe dá gcanúint dhúchais féin. Dá réir sin, ní cóir glacadh leis na taifid mar shamplaí dílse de Ghaeilge Iorras Aithneach, Árann agus Dumha Locha. Mar sin féin, tá seoda le n‑aimsiú ina gcuid urlabhra. Maidir le Máire, deir S. Mac Niocail i réamhrá an leabhair:
The lady’s voice belongs to Máire Ní Ghuairim, who was born in Roisín na Maithniach in the heart of Connemara, a district often visited by Pádraig Mac Piarais and made famous by him in Íosagán and other of his stories — Máire remembers very vividly his visit to the school she attended… It is only of recent years that she has come to reside in Dublin and her voice has lost none of that subtle charm and soft music which will always recall the draoidheacht of Cois Fairrge.
Is ait í an tagairt don ainmfhocal dílis ‘Cois Fairrge’ (‘Cois Fharraige’ i litriú caighdeánach an lae inniu). Cé gur cois na farraige iad Roisín na Maithniach agus Iorras Aithneach, tá siad fiche míle maith siar ón gcuid is sia siar de cheantar Chois Fharraige.
Suimiúil go leor, tagairtí don tríú heagrán den chúrsa so is mó a d’aimsíos, agus an léiriú leictreonach de agam á réiteach. Ní fheadar an é an t‑eagrán is mó ar tháinig cóipeanna de slán? Is é atá ar a coimeád ag Ollscoil Uladh mar shampla agus is dò a thagraíonn Google Books. Tá sé luaite ar liostaí WorldCat leis, i bhfochair tagairtí don dara eagrán.
Mar a tharlaíonn, tá cóip de leabhar cúrsa an dara heagrán im sheilbh pearsanta féin. Cheannaíos ar €7 é roinnt de bhliana ó shin ach ní cuimhin liom cá bhfuaireas é. Ní raibh na ceirníní ina fhochair. Tá cóip de leabhar chúrsa Linguaphone Short Irish Course agam leis, a foilsíodh timpeall ar an am céanna. Níl ceirníní an chúrsa sin agam ach an oiread, mo chreach.
Mar a luadh cheana, cumadh an Linguaphone Conversational Course: Irish corraíocht is nócha bliain ó shin agus, dá réir sin, iarrtar ar léitheoirí gan breith róghéar a thabhairt ar aon ghné de: an mhodheolaíocht, mianach an taifeadta, an aisteoireacht agus mar sin de… Tá an oideolaíocht agus eolaíocht an chlosamhairc á síorfhorbairt agus cá bhfios cad í an bhreith a bheidh á tabhairt i mbliain a 2121 ar iarrachtaí an lae inniu?
Cé go raibh teicneolaíocht inúsáidte thaifeadadh fuaime ann le timpeall leathchéad bliain nuair a foilsíodh an cúrsa, bhí sí bunúsach go maith agus ag teacht in aibíocht i gcónaí — agus bhí tuiscintí ar conas úsáid fhónta a bhaint aisti chomh bunúsach céanna. B’fhéidir nach bhfuil sé pioc míréasúnta a rá gur thóg sé nócha bliain eile orainn greim cheart a fháil ar theicneolaíocht an chlosamhairc — má rith linn an beart a dhéanamh fós.
Léiríonn an cúrsa so ceannródaíocht. I gcamhaoir ré na bplátaí gramophone is ea a bhunaigh Jacques Roston Linguaphone agus is ag braith rompu a bhí gach éinne a bhí páirteach i saothrú na gcúrsaí. Ní raibh múnlaí buanaithe, dea-chleachtais ná rialacha acu le leanúint ach is iad a chuir síos an bhunsraith ar ar deineadh obair ní ba shoifisticiúla ní ba dheireannaí. Tá creidiúint ag dul dóibh go léir.
Tugann an cúrsa léargas beag dúinn ar shaol na haimsire sin leis. Léigh an téacs margaíochta atá le feiscint sna grianghraif, ar chlúdaigh deannaigh na gceirníní: “Spoken English and Broken English” by G. Bernard Shaw
, Linguaphone Shakespearian Series by John Gielgud
, Linguaphone Morse Code Course… This will prove invaluable to everyone interested in signalling as well as to wireless enthusiasts who want “to pick up” messages radiated in Morse
agus — á mheabhrú dúinn nach é tosach na 2020idí an chéad uair go raibh deacrachtaí tromchúiseacha domhanda ann — The following three items are not in production during war time
…
Mar cháipéis stairiúil is ea a cuireadh an léiriú leictreonach so ar fáil mar sin, le dóchas go gcuirfidh pobal na Gaeilge, idir chainteoirí, fhoghlaimeoirí agus scoláirí suim ann. Go mbaine sibh taitneamh as!
Gabhaim buíochas le: